Guth Ghoill, Eagrán 45
Eagrán 45 Aibreán 2013 10 nuair a théadh siad isteach san fhéar fhada, isteach sa mhuiríneach. Ach d ’ fhoghlaim na caddies go luath fosta agus iad ag foghlaim a ‘ gceirde ’ go raibh dóigheanna ann le cur le luach a gcuid saothair, go háirithe agus iad ag caddyáil dóibhsean a bhí ar dhóigh ar bith gortach nó teann leo. Duine ar bith atá eolach ar chúrsaí gailf tuigeann sé go dtéann cnaganna isteach san fhéar fhada gharbh, isteach sa mhuiríneach minic go leor agus ba seo mar bhí an scéal sa tseanam fosta ach ba mhinic nach bhfacthas iad arís. Cé acu, an ladhar mhór mar a tharla ag tús ama nó an tsáil mar a bhí sé sna blianta deireanacha, a d ’ úsáid na caddies le hiad a chur i bhfolach, b ’ iomaí scilling a saothraíodh ar an dóigh seo. Níl amhras ná go bhfaca boic mhóra na linne na caddies mar bhaicle fhiáin, aineolach ach cha raibh na caddies chomh glas ná chomh haineolach agus a shíl na bodaigh seo agus is iomaí uair a cuireadh dallamullóg orthu. Chuaigh Micheál agus Jimmí le ceird a n - athar agus chuir siad isteach a dtréimhse mar phrintísigh ach char fhan siad leis. Chaith Micheál tréimhse i Sasana agus in Albain ach sa deireadh shocraigh sé ar obair thógála agus ba saor cloiche den scoth a bhí ann agus is iomaí teach sa pharóiste ar fhág sé lorg a láimh air. Phós Micheál Hannah Níc Daibhéid nó Hannah Ghracie mar ab fhearr aithne uirthi, as Cluain tSaileach fosta, agus rinne siad cónaí i Leargán Riabhach, áit ar thóg siad a gclann, beirt iníonach, Caitlín agus Gráinne. Tá Hannah anois ar shlí na fírinne le roinnt blianta agus Micheál leis fhéin i Leargán Riabhach. Chaith Jimmí tréimhse fada anonn is anall go hAlbain fosta ach sa deireadh shocraigh sé sa teach inár tógadh ann é i gCluain tSaileach agus bhí sé i mbun obair fheirmeoireachta ansin. Phós sé Treasa Ní Shibhleáin (Treasa Johnny Pharthaláin) as Cluain tSaileach fosta agus triúr clainne a bhí acu, sin Treasa, Caitlín agus John. Ar an drochuair tá a bhean Treasa anois ar shlí na fírinne fosta, fuair sí bás roinnt blianta ó shin. Ach tá Jimmí beo beathach agus i mbarr a shláinte i gCluain tSaileach i gcónaí. Nuair a bhí Dinis ceithre bliana is fiche d ’ imigh sé a thraenáil le bheith ina gharda. Chaith sé sé mhí sa Phoenix Park i mBaile Átha Cliath i dtús báire lena chuid traenála a dhéanamh. Chaith Dinis a chéad seal mar gharda i mBaile ‘ n Átha i gCo. Mhaigh Eo sa bhliain 1956; chaith sé bliain anseo agus thaitin sé go breá leis. Fiche garda a bhí sa bheairic. Ceann de na coireanna móra san am sin ná a bheith ag déanamh poitín agus is cinnte go raibh an tóir ar lucht an phoitín ach go raibh sé deacair a theacht orthu i gcónaí. Fuair siad scéala sa bheairic i mBéal An Átha go rabhthas ag dul den phoitín amuigh i mBaile An Chaisleáin a bhí tuairim is fiche míle ó thuaidh ar an chósta. Cuireadh Dinis agus baicle de na gardaí amach ansin lá amháin. Is cosúil go raibh an t - eolas a tugadh dóbhtha breá cruinn mar go Caddyáil. Dar ndóigh macasamhail cuid mhór páistí eile fán cheantar i rith an tSamhraidh chuaigh siad ag ‘ caddyáil ’. Char athraigh an caddyáil mórán le linn na mblianta go dtí go dtáinig deireadh leis. ‘ Sé an t - aon rud a d ’ athraigh is dócha ná an méid a saothraíodh as mála a iompar ocht bpoll déag. Cha raibh de luach saothair as ocht bpoll déag ag tús ama ach scilling amháin ach de réir a chéile d ’ ardaigh sé agus bhí sé ag cúig nó sé scillinge nuair a dódh an t - óstán i 1962. Cé go sílfeadh daoine nach mórán a bhí sa chúpla scilling a saothraíodh ag an chaddyáil bhí sé thar a bheith tábhachtach do chiste an tí mar go raibh dóigh anásta ar bhunús na ndaoine ag an am. Maidir leis na bodaigh a tháinig, thug cuid acu go díreach cibé táille a bhí ann ag an am, agus bhí siad ann fosta, dream a bhí flaithiúil, a thug scilling nó dhó sa bhreis. Bhí scaifte ann chomh maith, gortacháin chearta, nach raibh sásta fiú an táille cóir a íoc. Bhí dream acu seo ba ghnáth a theacht as ceantar Bhaile na nGallóglach tráthnóna Dé Sathairn agus nuair a d ’ fheicfeadh na caddies iad ag teacht d ’ imeodh siad ‘ na rith agus théadh siad i bhfolach. Chan sclábhaithe ar bith a bhí sna caddies, bhí a gcuid prionsabal fhéin acu! Mar pháirt den cheird bhí ar na caddies súil ghéar a choinneáil ar na cnaganna agus d ’ fhoghlaim na caddies dóigheanna le marc a choinneáil orthu Jimmí, Dinis agus Mícheál Dhonchaidh Mhícheáil
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3