Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 11 Bhí botháin acu le cónaí iontu, botháin chruinne, an déanamh céanna orthu macasamhail na gceann a úsáideann daoine sa lá atá inniu ann le barraí agus glasraí a fhás iontu. Bhí leaba Phroinsí i ndeas den doras agus bhí poll sa bhalla in aice an dorais, rud a chur le fuacht na hoíche. Ach olc agus mar bhí seo mhúscail sé maidin amháin agus an sneachta thart fána leaba, i ndiaidh dó séideadh isteach fríd an pholl le linn na hoíche. Nuair a d ’ amharc sé amach an doras an mhaidin sin chonaic sé ainmhí nach bhfaca sé ariamh fán bhaile, fia a bhí ann, adharca móra fada air agus é ag amharc isteach air! Bhí sé bliain eile agus é ag obair taobh amuigh de Falkirk, é fhéin agus fear as an Chloich Bháín, sin Pádraig Ó Gallchóir nó Padaí Neidí Mhicí mar is fearr aithne air, nuair a thosaigh sé a phlúchadh sneachta go trom orthu. Fuair siad traein isteach go Falkirk áit a bhfuair siad lóistín i mbrú (hostel) nó an ‘ Model ’ mar a tugadh orthu. Bhí an lóistín breá saor, scilling agus trí pingine san oíche. Bhí seomra mór fada ann, siopa beag thuas i gcoirnéal amháin agus róidín de leapacha síos cheann de na taobhanna. Lena chois sin bhí prios beag crochta ar an bhalla in aice na leapa áit a dtiocfadh le duine ábhar bidh a choinneáil ann agus thiocfaí an prios seo a choinneáil faoi ghlas. Bhí pláta te ansin áit a dtiocfadh le lóistéirí a gcuid cócaireachta a dhéa- namh dá mba mhian leo. Bhí fonn ar Phroinsí greim a fháil le hithe nó bhí a sháigh ocrais air agus chean- naigh sé píosa muiceola agus uibheacha do fhéin. Chuaigh sé a lorg panna ansin agus leoga nuair a fuair sé ceann bhí an chosúlacht air gurbh fhada an lá ó baineadh úsáid as mar go raibh sé le sciúradh go maith aige sula dtiocfaí é a úsáid. Chaith Proinsí cú- pla píosa deas muiceola ar an phanna agus dheam- han i bhfad go raibh siad ag róstadh go deas agus iad chóir a bheith réidh. D ’ imigh sé fhad leis an phrios ansin lena chuid uibheacha a fháil ach nuair a tháinig sé ar ais cha raibh muiceoil ar bith fágtha ar an phan- na. D ’ amharc sé thart ar fhéin ach bhí achan duine sáite ina ghnoithe fhéin agus bheadh se doiligh aige déanamh amach cé a ghoid a chuid muiceola. Am ar bith ina dhiaidh sin ar thiontaigh Proinsí go dtí an phrios agus é i mbun cócaireachta rinne sé cinnte go dtug sé an panna leis! An oíche sin nuair a bhí Proinsí ag fáil réidh le dhul a luí thug sé faoi deara gur chuir an fear a bhí in aice leis, fear as Gaoth Dobhair, achan phíosa éadaigh a bhain sé de fhéin isteach faoi sa leabaidh. Ansin nuair a bhain sé de a chuid bróg thóg sé tóin na leapa agus chuir sé ceann de chosa na leapa dtáinig siad ar an stil agus ar an worm ach cha raibh fágtha san áit ach braon beag den phoitín. Dhoirt siad amach cibé braon den phoitín a bhí fágtha ansin agus thug siad leofa an stil agus an worm. Ach cha raibh iomrá ná fáil orthu sin a bhí ina bhun. I mBaile Atha Cliath. Sé mhí ina dhiaidh sin agus Dinis aistrithe go Baile Átha Cliath fuair sé litir lá amháin ó Bhéal ‘ n Átha agus caidé a bhí inti ach seic de chúig phunt is fiche. Dúirt Dinis go raibh sé chomh maith le páighe coicíse ag an am, ba seo an luach saothair a fuair siad ón Roinn Airgeadais as seilbh a fháil ar an stil agus an worm. Chaith Dinis an chuid eile dá shaol mar gharda, sin naoi mbliana is fiche, i Sráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath. Dúirt sé go raibh an chathair i gcónaí garbh, foréigean (violence) go leor i gcónaí, ach nach raibh an oiread le cluinstin fá dtaobh de agus atá sa lá atá inniu ann. Chaith sé ocht nó naoi mbliana ag dul de ghnáthobair póilíneachta ar dtús agus na blianta eile ag treorú tráchta. Is cinnte nach raibh treorú tráchta ar an obair ba shochraí a thiocfadh le garda a bheith ag déanamh mar go mbeadh sé deacair achan duine a shásamh agus iad ina suí ina gcuid caranna i scuainí (queues). Is dócha go dtiocfaí a rá go raibh ‘ road rage ’ mar pháirt de mhí - iompar chuid de thiománaithe na tíre seo i gcónaí ach d ’ fhoghlaim Dinis go luath ina chuid oibre neamhaird a dhéanamh don dream sin a bhí mífhoighneach agus ba seo an dóigh a d ’ iompar sé é fhéin i gcónaí fhad agus a bhí sé ag treorú tráchta. Is iomaí garda, a dúirt sé, a fuair isteach i mbuaireamh trí bheith ag scairtigh ar ais le tiománaithe a bhíodh maslach leo nó ag tabhairt seangheab dóibh. Chaith Dinis trí bliana déag ag treorú tráchta agus char cuireadh gearán ná tuairisc isteach ‘ na beairice faoi ariamh. Tá sé éirithe as a chuid dualgais mar gharda le blianta fada agus é ar a sháimhín só i gCluain tSaileach. Cha dtiocfaí a shárú a fháil mar chuideachta mar go bhfuil sé lán scéalta agus seanchais agus é thar a bheith eolach ar a cheantar dúchais. Chuaigh Proinsí go hAlbain nuair a bhí sé seacht mbliana déag d ’ aois. Is maith is cuimhin leis ceann de na radharcanna a casadh dó go luath i ndiaidh a dhul anonn dó. Chonaic sé an fear seo ag dul síos an tsráid, fear a raibh a chorp ‘ na shuí ar phíosa adhmaid agus é ag siúl thart ar a dhá lámh, thógadh sé é fhéin lena dhá láimh agus chuireadh sé a chorp ‘ un tosaigh ar an dóigh sin. Bhain an radharc seo an croí as Proinsí. Chaith sé tréimhse ag obair ar thithe fá Ghlaschú agus ansin d ’ imigh sé leis suas ó thuaidh, tamall amach as Inverness, ag obair ar scéimeanna hidrileictreacha (Hydro - Electric). Bhí sneachta agus sioc go leor ó thuaidh agus é damanta fuar. Nuair a thitfeadh an ceo ar maidin thiocfadh leat é a ghearradh le scian bhíodh sé chomh fuar sin. Proinsí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3