Guth Ghoill, Eagrán 45
Eagrán 45 Aibreán 2013 12 dtiocfadh leat a shárú a fháil mar chuideachta le haghaidh oíche seanchais. isteach in achan bhróg. Chuir seo uilig iontas ar Phroinsí agus d ’ fhiafraigh sé dó cad chuige a dtear sé sin. ‘ Bea seo an chéad oíche duitse a bheith istigh anseo ’? arsa fear Ghaoth Dobhair. ‘ Sea ’ arsa Proinsí. ‘ Mura gcuireann tusa cosa do leapa sna bróga sin, cha bhíonn bróga ar bith agat ar maidin, beidh siad goidte ’ ar seisean. Cha raibh a dhath sábháilte sa lóistín sin, bhainfeadh siad an phlaic as do bhéal. Ba ghnáth le cuid mhór troda a bheith sa lóistín fosta, go háirithe oíche Shathairn nuair a bhíodh braon istigh. Lapsey a bhí mar shloinneadh ar an fhear a raibh sé de dhualgas air ord a choinneáil sa lóistín agus le cuidiú leis rudaí a choinneáil faoi smacht bhí ‘ alsatian ’ mór aige. Ba chuimhin le Proinsí oíche Shathairn amháin a dteachaigh beirt i gceann a chéile ag troid agus isteach le Lapsey. Scaoil sé a ghreim ar an mhadhadh. Ba ghnáth leis an alsatian a dhul fá choinne tóin na mbrístí agus an oíche áirithe seo stróc sé an tóin glan amach as cuid brístí dhuine de na fir a bhí ag troid. B ’ iontach an radharc a bhí ann, cha raibh mórán den chuid íochtaraí den chorp nach raibh le feiceáil. Ach choinnigh an fear ag troid leis. Ba seo an cineál saoil a bhí ann ag an am. Le linn na mblianta a chaith Proinsí thall in Albain bhí amanna ann go sílfeadh fear gur sa bhaile a bhí sé de thairbhe an méid de mhuintir na háite a chasfaí air. Cúig bliana a chaith Proinsí anonn is anall go hAlbain. Tógálaí den scoth a bhí in Proinsí fosta agus nuair a d ’ fhan sé sa bhaile ba seo an cineál oibre a rinne sé agus macasamhail a dheartháir Micheál d ’ fhág sé rian a láimhe ar chuid mhór foirgneamh fán cheantar. Ansin sa bhliain 1962 fuair sé post leis an Roinn Chomhshaoil agus Rialtais Áitiúil ag déanamh cigireacht ar thithe ina Chontae dhúchais. Chaith sé an chuid eile dá shaol sa phost seo taobh amuigh de chúig bliana a chaith sé ag cur triail tiomána ar dhaoine. Is iontach na scéalta atá ag Proinsí faoin méid a bhain de le linn dó a bheith i mbun cigireachta agus i mbun trialacha tiomána – an teaghlach a raibh sé ag déanamh cigireachta orthu agus iad ag comhrá leo faoi Phroinsí, i nGaeilge, gan barúil acu gur thuig Proinsí achan fhocal a raibh siad ag caint faoi. Agus ansin nuair a bhí sé ag cur daoine faoi thriail tiomána tá scéal greannmhar aige faoin tseanbhean as Co. Liatroma a tháinig isteach leis an triail a dhéanamh lá amháin agus shuigh sí isteach i suíochán an phaisinéara ag dúil gur Proinsí a bheadh ag tiomáint. Lá eile ar éirigh leis an triail a thabhairt do dhuine a bhí a dhéanamh don naoú uair agus ba mhór an rud dó é a fháil agus ba mhó ná sin an sásamh a fuair Proinsí as é a thabhairt dó. Phós Proinsí Máire Nic a ’ tSasanaigh agus tá cónaí orthu sna Dúnaibh íochtarach áit ar thóg siad clann mhór de dhá chloigeann déag, seachtar gasúr agus cúigear girseach. Is fear mór don phobal é Proinsí mar go bhfuil sé páirteach agus gníomhach i gcuid mhór imeachtaí a théann ar aghaidh ann. Cha Proinsí agus an chéad charr a bhí aige a chosain €230
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3