Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 13 fhoireann. Déantar traenáil uair sa tseachtain agus déantar iarracht tráthnónta agus laethanta éagsúla a bheith ann sa dóigh is go mbíonn taithí acu ar ghníomhaíochtaí a chleachtadh le linn solas an lae agus i ndorchadas na hoíche. Bíonn glaoire (pager) a iompar ag chuile bhall sa dóigh gur féidir teagmháil a dhéanamh leis lá agus oíche ar feadh na bliana. Tús Ama. Tá Garda Cósta de chineál éigin fán áit seo ó thús an naoú haois déag. Gheobhaidh tú i measc liosta na nOifigeach in Aimiréalacht na Breataine (British Admiralty) ainm W.L Stephens a bhí fostaithe i seirbhís an Gharda Cósta agus a bhí lonnaithe ag an Mhaol Ruaidh 1833, agus fosta sonraí faoi John Mc Gladery a ceapadh mar oifigeach i nDún Fionnachaidh 1821 agus a chaith cúig bliana ar Inis Bó Finne agus a bhí mar Phríomh Oifigeach Leifteanant do Chuan na Long 1844 - 45. Tá taifid faoi oifigigh eile a chaith am anseo sa tseirbhís fosta. Ina measc bhí Murphy, Collins, Coulahan, Partridge agus Boyd; char chaith na hoifigigh seo mórán le cúpla bliain fán áit agus ansin rinneadh iad a aistriú go ceantracha eile. De thairbhe sin níl na sloinnte seo le fáil sa cheantar. Ba ón Chabhlach Ríoga a ceapadh na hoifigigh a bhí i seirbhís an Gharda Cósta go dtí gur cuireadh Saorstát Éireann ar bun. Bhí postanna agus dualgais éagsúla orthu sin a bhí sa tseirbhís: oifigeach cósta, suirbhéir taoide, (tide surveyor), freastalaí poirt (landing waiter) agus coiméadaí trádstórais (warehouse keeper). Ba i nDún Fionnachaidh, Barr an Chorráin, Ceann Fhánada agus i Rath Mhaoláin a bhí na stáisiúin agus na poist fairtheora (look-out posts) ba chóngaraí dúinn. Ó 1922 ar aghaidh d’athraigh rudaí agus ba é James Mac Giolla Choinnigh (James Isaac) as Ceann na Leargaí a ceapadh le bheith i gceannas ar an leagan úr den Gharda Cósta. Ar feadh na mblianta cha raibh de threalamh ar fáil ach osán tarrthála agus cairt roicéid. B’iad na beithigh a tharraing an chairt a d’iompair an trealamh bunúsach. Dá mbeadh an bád a raibh tarrtháil le tabhairt uirthi cóngarach don talamh dhéanfaí roicéad a scaoileadh trasna an bháid agus líne éadrom ceangailte de. Dhéanfaí an líne éadrom ar a mbeadh líne níos troime agus córas ulóige (pulley system) greamaithe a tharraingt amach go dtí an bád a bheadh i mbuaireamh. Dhéanfaí an líne trom a ghreamú de chrann an bháid, fé mar atá sa phictiúr seo. Chuirfí mairnéalaigh, iascairí nó cibé a bheadh i Aonad Gharda Cósta na Maoil Ruaidhe. Cuireann Aonad Gharda Cósta na Maoil Ruaidhe seirbhísí cuardaigh agus tarrthála ar fáil do na pobail thart orthu agus seisear ball is fiche atá gníomhach san Aonad leis an tseirbhís seo a chur i bhfeidhm. Níl teorainn cinnte ar bith socraithe maidir le cá háit a bhfaigheann siad glaoch as le tarrtháil a thabhairt ach is ó cheantar Mhachaire Rabhartaigh go Loch Súilí a oibríonn siad go hiondúil, Cuan na Long agus Báighe na Maoil Ruaidhe san áireamh. Istigh ar an talamh tá leithinis Fhánada chomh fada le Leitir Ceanainn agus siar go Gleann Bheithe faoina gcúram cé go bhfuair siad glaoch roinnt uaireanta go ceantracha taobh amuigh den cheantar seo le tuilleadh cuidithe a chur ar fáil i gcás cuardaigh agus ócáidí ar leith. Fágann achan ghné dá gcuid gníomhaíochtaí éileamh mhór ar chuid ama na mball. Bíonn orthu a gcuid ama a thabhairt go toilteanach cé acu cúrsaí traenála nó cúrsaí éigeandála atá i gceist. Michelle Ní hAodha (Michelle Hay) an tOifigeach i bhfeighil an Aonaid agus tá sí freagrach as na baill, traenáil, gníomhaíochtaí, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht an Aonaid. ‘Siad na baill atá san Aonad faoi láthair ná: Séamus Ó Gallchóir (Mhicí) atá mar Leas-Oifigeach i bhFeighil agus glacann seisean ceannasaíocht ar an ghrúpa sa chás go mbíonn Michelle as láthair agus cuidíonn sé i ngach gné de chúrsaí traenála agus in eagrú cúrsaí; Seosamh Ó Buaidhe, (Owen), Tomás Ó hAodha, Dónal Ó Sibhleáin, Micheál Mac Aodha, Frankie Ó Buaidhe, Seán Mac Laifeartaigh (Frank), Stiofán Ó Dochartaigh, Shaun Mac Íomhair, Adrian Ó hAodha, Caoimhín Ó Dochartaigh, Cormach Breathnach, Róisín Nic Giolla Bhríde, Sharon Nic Liam, Séamus Ó Gallchóir, Robert Newberry, Micheál Bassett, Michelle Nic Néill, Edward Mac Eiteagáin, Bri- an Mac Giolla Bhríde, Francis Ní Fhrighil, Kelly Ní Ghallchóir, Aoife Ní Bhuaidhe, Ruaidhrí Ó Conchúir, Daithí Long agus Aodh Ó Cuilinn. Níl an cúlra ná an taithí céanna ag achan duine ach foghlaimíonn siad uilig na scileanna céanna agus cuireann na buaidheanna agus na hábaltachtaí ar leith atá ag chuile dhuine go mór leis an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3