Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 14 airgid go háitiúil sa dóigh go dtiocfaí trealamh a cheannacht. Fá cheann bliana tháinig athrú suntasach ar an tseirbhís agus sa bhliain 1993 rinneadh an tseirbhís úr éigeandála a fhógairt mar acmhainn ag Seirbhís Éigeandála Mara na hÉireann. Tá triúr de na baill a bhí gníomhach ag an am sin linn go fóill. Sa bhliain 1985 tháinig Dónal Ó Sibhleáin isteach ar an fhoireann le bheith i gcuideachta a athair agus tá na hathruithe uilig a thit amach le tríocha bliain feicthe aige. Beirt eile atá linn ó bhaicle na bliana 1992 ná Seosamh Ó Buaidhe agus Tomás Hay. Tá fiche bliain tugtha acu beirt don tseirbhís. Ar feadh an chuid eile de na nóchaidí ba ghasta a tháinig na hathruithe. Ceannaíodh bád úr le tacaíocht mhór ó bhailiúchán airgid ón phobal. Humber Rib, 6.5m a bhí inti. Lean an obair ar aghaidh fosta ar na scileanna a bhain le cuardach agus scileanna aille chomh maith le cúrsaí faoi theacht slán ar an fharraige, garchabhair agus raidiónna VHF. Ceannaíodh tuilleadh agus tuilleadh trealaimh agus ba ghairid go raibh Teach an Roicéid lán, chomh lán sin go raibh heits (hitch) leantóir an bháid ag síneadh amach fríd doras Theach an Roicéid. Coinníodh coimeádán (container) in aice leis an fhoirgneamh agus ba seo anois an stór breise, an oifig, seomra cruinnithe, seomra trae- nála agus an ceaintín. Bhí an t-ádh orainn go bhfuair muid foirgneamh úr sa bhliain 2005 a bhí mór go leor leis an trealamh uilig a choinneáil agus an traenáil a dhéanamh. Tugadh bád beag Aicme-D dúinn anuraidh atá fóirsteanach do locha agus le húsáid i ndeas den chósta agus fosta tugadh dúinn Delta Rib 8m le huasghrádú a dhéanamh ar an bhád a bhí againn. Tá muid ag cur an t-ainm Rónán ar an bhád seo mar mheas agus mar omós do Rónán Ó Buaidhe a fuair bás go tobann roinnt blianta ó shin. Gníomhaíochtaí agus Traenáil. Taobh amuigh d’obair tharrthála an Gharda Cósta le linn na bliana déanann muid freastal ar achan chineál ócáidí éagsúla fosta - imeachtaí snámha, siúlóidí, rigeaití, comórtais chlársheoltóireachta (windsurfing), trí-atláin chomh maith le hócáidí carthanachta eile. Lena chois sin téann muid isteach sna scoltacha le caint a thabhairt ar shábháilteacht uisce nó le cur síos a dhéanamh ar ár gcuid gníomhaíochtaí fhéin chomh maith le labhairt le grúpaí éagsúla eile faoin ábhar chéanna. Is páirt thábhachtach de chuid oibre na mball é an obair thraenála agus bíonn seo ar siúl go leanúnach agus go rialta. Bíonn réimse leathan de ghníomhaíochtaí ar siúl acu agus bíonn ar na baill freastal ar chuid mhór cúrsaí a bhaineann le sábháilteacht agus slánú beatha i rith na bliana. Bíonn láimhseáil báid, tarrtháil aille, teicníc chuardaigh, garchabhair agus cumarsáid ar chuid de na himeachtaí a mbítear a gcleachtadh. Ó thús na bliana seo 2013, tá trí ghníomh agus fiche déanta againn, freastal déanta ar dhá ócáid charthanachta le sábháilteacht agus gcontúirt isteach san osán tarrthála agus tharraingeofaí iad ón bhád go dtí an talamh ar an chóras ulóige. Bhéarfaí iad isteach ón bhád duine ar dhuine. Bhí an córas seo mall go leor dóibhsean a bhí i gcontúirt ach sin agus eile is iomaí duine a shábháil sé ó thóin na farraige. Bhí an córas seo i bhfeidhm go dtí tús na nóchaidí. Bhí Peadar Ó Sibhleáin i gceannas ar an Gharda Cósta go dtí 1992 agus a mhac Stiofán ar feadh seacht mbliana ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1999 agus ansin Seosamh Ó Buaidhe (Owen) ón bhliain 1999 go dtí an bhliain 2008. Seo thuas pictiúr ó tuairim is 1900 de Theach Roicéid na Maoil Ruaidhe ar chlé agus fosta tithe an Gharda Cósta ar Bhealach Stáisiún an Gharda Cósta. Tá an Teach Roicéid ina sheasamh ansin go fóill mar a sheas sé an chéad lá a tógadh é. Dódh tithe na ngardaí cósta le linn Cogadh Cathartha na hÉireann 1922-23 ach sheas na ballóga ar feadh blianta fada go dtí gur leagadh iad sna seachtóidí. Le linn d’athchóiriú a bheith a dhéanamh ar an Teach Roicéid tamall ó shin thángthas ar phíosa adhmaid thuas sna rachtaí ar a raibh ainmneacha na bhfear ceirde a rinne athchóiriú ar an fhoirgneamh sa bhliain 1923. Ba ó cheantar Bhun an Phobal dóibh. Athnuachan (Renewal) agus Forbairt. Sa bhliain 1992 rinneadh iarracht mhór Seirbhís Tarrthála an Chósta agus na hAille a athnuachan. Tháinig an Captaen Peadar Dé Brún ar bhun seachtainiúla leis an bhaicle úr de ghasúraí agus de ghirseacha a thraenáil ar tharrtháil aille. Tosaíodh ar fheachtas mór bailiúchán

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3