Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 15 Loch Súilí, tumadóirí an Chabhlaigh agus héileacaptar atá bunaithe i Sligeach. Ba seo dianchuardach ina raibh achar mhór den chósta le clúdach ó Phort a’tSalainn a fhad le Leitir Ceanainn agus ar feadh chósta Inis Eoghain go dtí an taobh eile de Bhun Crancha. Ba dheas an rud é go dtángthas ar chorp an ógánaigh, go ndéana Dia trócaire ar a anam. Tuairim is seacht mbliana ó shin cuireadh scairt orainn go luath maidin amháin, bád a bhí i ndiaidh a dhul ar na carraigeacha ar a bealach isteach báighe na Maoil Ruaidhe, bhí an bád pollta agus ag dul síos. Fhad agus a bhí an fhoireann a n-ullmhú fhéin don tarrtháil tuigeadh cé chomh tromchúiseach agus a bhí an cás ó ghlórtha na n-iascairí a bhí i mbuaireamh agus iad ag scairtigh fá choinne cuidithe. Go hámharach, leis an traenáil a bhí déanta agus le trealamh éifeachtach bhí muid taobh leis an bhád sula raibh orthu an bád a fhágáil agus bhí muid ábalta iad a thógáil slán. Ar an mheán cuirtear scairt orainn le dhul amach tuairim is fiche iarraidh sa bhliain. Cha bhíonn mórán de bharúil againn cad é a bhíonn romhainn in amanna ach bíonn ár gcuid traenála dírithe ar dhóigheanna le scileanna a chur ar fáil do na baill le cur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar cibé eachtra a mbíonn orthu tabhairt faoi. Scairtear amach níos minice orainn le linn an tSamhraidh ná mar déantar am ar bith eile. Seo de thairbhe go mbíonn níos mó imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl ar an fharraige le linn an tSamhraidh. Le linn an Gheimhridh is le haghaidh cuardaigh is mó a ghlaoitear orainn. Ní bhaineann costas ar bith le scairt a chur ar an Gharda Cósta; ‘sé an príomh aidhm atá acu ná beatha a shábháil. Má fheiceann tú duine i mbuaireamh nó má shíleann tú duine a bheith i mbuaireamh ar an chósta nó ar an fharraige ná bíodh leisce ar bith ort scairt a chur isteach chuig 999 le rá go bhfuil an Garda Cósta a dhíobháil ort. Daoibhse a bhíonn ar an fharraige is fiú go mór daoibh bhur gcótaí tarrthála a chaitheamh oraibh, d’fhéadfadh na cúpla bomaite a thógann sé é a chur ort do bheatha a shábháil. garchabhair a chur ar fáil agus maidir leis na cúrsaí rinneadh freastal ar dhá chúrsa a bhain le garchabhair, cúrsa ar theagascóirí cuardaigh agus cúrsa ar scileanna cuardaigh, cúrsa ar thiomáint chuadrothair agus cúrsaí a bhaineann le halcól, le drugaí agus le féinmharú. Sa tréimhse chéanna scairteadh amach orainn ceithre uaire, dhá uair do dhuine a bhí ar iarraidh, ócáid do dhuine arbh éigean é a thógáil i ndiaidh dó titim ar na hailte ag Corrán Binne agus ócáid eile do bhád iascaireachta mar go raibh deacrachtaí leis an inneall ach d’éirigh leo an inneall a chur ag obair agus d’fhán muid leo go dtí go raibh siad ceangailte ag an ché. Eachtraí Tarrthála. I Mí Iúil 2011 a fuair muid an scairt ba mhó ó thaobh na lóistíochta (logistics) de nuair a chuaigh stócach óg ar iarraidh ó chéidh Rath Mhaoláin. Lean an cuardach ar aghaidh ar feadh naoi lá ar chósta Loch Súilí, ag cur bádaí agus fir ar fáil don chuardach. Ar an tríú lá bhí i ndeas de thrí chéad duine i láthair i Rath Mhaoláin don chuardach agus an líon céanna daoine i láthair i mBun Crancha le cuidiú le Garda Cósta an Chaisleáin Nua an cuardach a dhéanamh ar an taobh thoir de Loch Súilí. Páirteach sa chuardach seo fosta bhí Stáisiún Gharda Cósta Cheann Mhálainne, na Gardaí, tumadóirí tarrthála Fo-uisce Chuan na Long, Tarrtháil Sléibhe Dhún na nGall, RNLI Traenáil ar na hAillte Traenáil san Oíche

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3