Guth Ghoill, Eagrán 45
Eagrán 45 Aibreán 2013 16 chomh forleathan agus a bhí déanamh poitín sa Chontae seo. Páighe. Leifteanant : 6s 6d sa lá (6 scilling agus 6 pingine) agus lena chois sin fuair sé liúntas lóistín de 12s in aghaidh na bliana. Fosta bheadh pinsean aige nuair a bheadh a chuid blianta curtha isteach aige. Fo - oifigeach ( Sub - Officer): 3s 6d sa lá. Sáirsint: 1s 10d sa lá. Gnáthphóilín : 1s 3d sa lá. Ba ghnáth leo culaith úr dá gcuid éide a fháil achan bhliain saor in aisce agus gheobhadh siad breis airgid, dár ndóigh, dá n - éireodh leo a gcuid láimhe a fháil ar chúpla ceaig de phoitín nó ar chuid den trealamh a bhí in úsáid lena dhéanamh. Bhí an t - airgead breise seo le hiad a spreagadh le dícheall mór a chur isteach ina gcuid iarrachtaí agus iad ar thóir lucht an phoitín. Bhí lóistín agus bia le fáil ag na póilíní seo sa bheairic agus ba fhir singil a bhí iontu uilig. Fear ar bith acu a phósfadh bheadh air na póilíní máil a fhágáil. Bhí an riail seo ann le cuid imeachtaí agus gnothaí na bpóilíní a chosaint. Ag tús ama is cosúil go raibh cuid mhaith de na póilíní máil pósta agus a gcuid teaghlach tógtha. Bhí sé deacair de thairbhe seo cuid pleananna na bpóilíní agus an cuartú a bhíodh ar intinn acu a dhéanamh a choinneáil faoi rún agus bhí an t - eolas seo amuigh sa phobal go minic sula bhfágfadh na póilíní an bheairic. A gCuid Oibre. De ghnách bhíodh na póilíní i ngach Roinn ag déanamh a gcuid oibre neamhspleách óna chéile ach da bhfeicfeadh an Fo - Chigire go raibh gá leis, chuirfeadh sé na póilíní ar fad sa Roinn ag comhoibriú lena chéile in amanna. Abair go raibh achar mhór de cheantar Fhánada le cuartú acu d ’ fhéadfadh an Fo - chigire cinneadh a dhéanamh úsáid a bhaint as na póilíní ar fad sa cheithre bheairic. Chaith na póilíní máil formhór a gcuid ama sa tóir ar lucht déanta poitín, chaith siad ceithre lá na seachtaine ag cuartú fá chnoic, fá chaoráin agus fá chóstaí. Ocht n - uaire a bhí sa tréimhse oibre achan lá. Théadh siad amach luath ar maidin nó dá mbeadh siad ag dul amach san oíche d ’ fhágadh siad ag meánoíche. Nuair a chuireann tú san áireamh an t - achar dár bparóiste fhéin atá faoi chnoic agus faoi phortaigh agus an cósta fada creagach atá ann Na Póilíní agus Déanamh Poitín (Ar leanstan) Póilíní Máil i gCarraig Airt. An Bheairic i gCarraig Airt ina Cheanncheathrú. Tá mé cinnte go bhfuil neart daoine ann nár chuala mórán iomrá ar na póilíní máil ariamh, ná fiú go raibh a leithéid ann. Cha raibh stáisiúin ag na póilíní seo fud fad na tíre fé mar a bhí ag an R.I.C ach cuireadh fórsa acu isteach sna contaetha agus sna ceanntracha ba mhó sa tír a raibh feidhm leo, ‘ sé sin na contaetha ba mhó a raibh ainm acu do dhéanamh poitín. Agus más fíor John Wood a chreidbheáil bhí an Chontae seo ar bharr an liosta. Ceithre Roinn de na póilíní máil a bhí sa Chontae seo: Roinn A, Roinn E, Roinn G agus Roinn H. Bhí beairic i gCarraig Airt, i Ros na Cille, i Rath Mhaoláin agus ar an Chraoslach agus ba seo Roinn E. Ba Charraig Airt a bhí ina cheanncheathrú do Roinn E agus ba ansin a bhí cónaí ar an Fho - Chigire, J.J. Barry, an fear a bhí i gceannas na Roinne. Chaithfeadh beairic Charraig Airt a chinntiú go raibh an bheairic i Ros na Cille, i Rath Mhaoláin agus ar an Chraoslach ag cur a gclár - oibre i bhfeidhm chomh maith leo fhéin. Trí leifteanaint, Fo - oifigeach, tri sháirsint agus cúig oifigeach is daichead de na gnáth phóilíní a bhí roinnte amach ar na ceithre bheairic agus a bhí faoi cheannas Barry. Lena chois sin bhí na hoileáin faoina chúram agus chuige seo bhí an long gaille an ‘ Searnew ’ ar ancaire ag Rath Mhaoláin agus bhí sé de dhualgas ar an fhórsa a bhí sa bheairic sin a dhul ag tóraíocht fá na hoileáin nuair a bhíodh gá leis. Dhá chéad agus daichead de na póilíní máil seo ar fad a bhí roinnte amach ar na ceithre Roinn a bhí i gCo. Dhún na nGall. Nuair a chuirtear san áireamh nach raibh mórán le ocht nó naoi gcéad póilín sa tír ar fad tugann sé léargas dúinn ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3