Guth Ghoill, Eagrán 45
Eagrán 45 Aibreán 2013 17 eile. Dúirt sé go raibh lucht déanta poitín ábalta malach poitín, b'fhéidir fiche galún, a iompar ar dhroim caiple fríd bhailte beaga, bailte macasamhail Bhaile na nGallóglach agus Chill Mhic nÉanáin, bailte a raibh beairic ag an RIC iontu agus nár stopadh iad agus nár baineadh dóibhthe ariamh. Bhí an chumhacht ag an RIC ceist a chur ar na daoine seo a gceadúnas a thaispeáint, bhí ceadúnas riachtanach le halcól a aistriú ó áit amháin go háit eile. Char bhuair an RIC le seo a dhéanamh ariamh cé go raibh a fhios acu go maith caidé bhí ag dul ar aghaidh. Ceann de na seifteanna a bhí ag lucht an phoitín le linn dóibh a bheith ag iompar lód poitín ó ait go háit ná fear a chur cúpla céad slat ‘ un tosaigh orthu sa dóigh is go dtiocfaí scéala a chur ar ais dá mbeadh póilíní máil ar an bhealach. Dúirt Barry fosta go raibh eolas maith acu sa Cheanncheathrú i gCarraig Airt cad é na bailte fearainn sa pharóiste ba mhó a raibh poitín a dhéanamh iontu agus cé na daoine agus na teaghlaigh a bhí a dhéanamh. Cha raibh dóigh ar bith a dtiocfaí an t - eolas sin a fháil muna raibh gréasán maith de spiairí ag obair dóibh agus a ndíol acu agus is cinnte go raibh a leithéidí i gcónaí ann. chan mórán a thiocfadh le baicle d ’ ochtar fear a dhéanamh in ocht uaire agus iad ag siúl. Bhí lucht an phoitín i gcónaí, de réir cosúlachta, céim ‘ un tosaigh orthu. Mheas Colonel Brereton go dtiocfaí a gcuid oibre a dhéanamh ní ba shochra dá ndéanfadh an R.I.C an t - eolas a bhí acusan faoi dhéanamh poitín ina gcuid ceanntracha fhéin a roinnt leo ach is cosúil nár tharla seo ach go fíor annamh. De réir cosúlachta bhí leisce agus eagla ar an R.I.C a bheith ag tarraingt eolais ón phobal faoi lucht an phoitín ar eagla go dtiontódh an pobal ina n - éadan. Bhí an pobal mar thobar faisnéise ag an R.I.C agus dá dtriomódh an tobar bheadh an RIC i sáinn. Bhí siad ag brath ar an phobal le heolas a chur ar fáil maidir le heachtraí ina raibh an dlí a bhriseadh, macasamhail eachtraí maistíneachta agus gadaíochta agus go háirithe eolas a bhain le cúrsaí polaitíochta mar gurb é an R.I.C súile agus cluasa údarás na Breataine anseo in Éirinn ag an am. Mar sin de, in am Bhrereton cha raibh sé ar an chloch ba mhó ar phaidrín an R.I.C. smacht a chur ar dhéanamh poitín agus lena chois seo thig a bheith dearfach gur chinntigh an R.I.C go raibh soláthar maith poitín acu fhéin ó cheann ceann na bliana. Bord Fiosrúcháin Pharlaimint na Breataine. Shocraigh Teach na dTiarnaí i bParlaimint na Breataine fiosrúchán a chur ar bun le hamharc isteach i dtionscal an phoitín in Éireann agus féachaint an dtiocfaí an RIC a chur i mbun cuid oibre na bpóilíní máil. Chuige seo cuireadh agallamh ar chuid mhór de na daoine a bhí iontach gníomhach ina gcuid iarrachtaí déantús an phoitín a chur faoi chois nó a laghdú. Duine de na fir ar tugadh cuireadh anonn go Sasana dó le dhul ós comhair Choiste Theach na dTiarnaí na an Fó - Chigire a bhí i mbeairic na bPóilíní Máil i gCarraig Airt, sin J.J. Barry. Rinne sé cur síos iontach cuimsitheach ar ról na bpóilíní seo agus an dóigh a deachaigh siad i mbun a gcuid oibre. Mheas seisean go dtiocfadh leis an RIC i bhfad níos mó a dhéanamh le cuidiú leosan ach nár thaispeáin siad fonn ar bith seo a dhéanamh. Dúirt sé go raibh i bhfad níos mó eolais ag an R.I.C fá caidé bhí ag dul ar aghaidh ina gceanntracha maidir leis an phoitín ach gur choinnigh siad acu fhéin é. Mheas Barry nach raibh an RIC ag iarraidh go sílfeadh an pobal go raibh siad ag tabhairt eolais dóibhsean mar go raibh an RIC iad fhéin ag brath go mór ar an phobal le heolas a fháil faoi choireanna
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3