Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 3 chás sin, fear a chaith a shaol uilig, dhá bhliain is ceithre scór, sa teach céanna inár rugadh é. I ndiaidh a thréimhse leis an B.S.L chaith sé tamall ag obair i Lag na hUillinne ag na bádaí. Sin an t-am a thosaigh sé ar an fheirmeoireacht dó fhéin don chéad uair le cúpla caora. Chuaigh sé ó Lag na hUillinne go dtí monarchan Mhic Nuadht ag deireadh na gcaogaidí. Chaith se cúig nó sé bliana ag obair ansin mar fhíodóir ach ní dóigh liom go raibh mórán taitnimh aige riamh ar an obair. Sílim gurbh fhearr leis i gcónaí bheith amuigh faoin spéir ag déanamh na rudaí a raibh dúil aige fhéin iontu agus é ina mháistir ar a shaol fhéin. Chaith sé tréimhsí gairide ina dhiaidh sin ag obair ar na bealaigh mhóra leis an Chomhairle Chontae agus bhí se breá sásta leis an obair sin. Ghlac se páirt i spórt i gcónaí agus bhí sé sna cúil ar fhoireann na nDúnaibh a bhain craobh an chontae i 1957. Bhí suim mhór aige fosta i gcártaí, cúig fichead, scaoileadh darts agus cluiche eile, bagatelle, a bhí ag achan bhasár san am sin ach atá imithe den saol ar fad le blianta. Chuir an pool sna tithe ósta deireadh leis. Is minic a bhí an buaidh aige fhéin agus a chara mór Antoin Shuis, mar ní raibh áit sa chontae nach dtug siad aghaidh uirthi ma bhí basár nó ‘sports’ ann. Bhí Beirnie i gcónaí tugtha do chuideachta agus bhí an t-ádh air mar bhí an teach ar an Bhaile Úr i gcónaí lán. Bhí teaghlach mór ar thaobh a athar agus a mháthar agus bhí nós ag an chuid is mó acu cuairt a thabhairt ar an Bhaile Úr go minic. Bhí an teach ar thaobh an bhealaigh mhóir fosta, cóngarach don choláiste, agus ba gnáth le go leor de na scoláirí sna caogaidí am a chaitheamh sa teach. Bhí siopa ag a dheartháir, Marc, a tharraing daoine go dtí an teach fosta agus bhí cúig fichead sa teach achan oíche Dé Sathairn. Is beag seachtain sa tSamhradh nach dtabharfadh duine na beirt acu sin a bhí sa choláiste sna caogaidí cuairt Rugadh Beirnie Frainc i dtús mí Dheireadh Fómhair na bliana 1930. Bá é an t-ochtú duine clainne a bhí ag Frainc Bhóigh as an Bhaile Úr agus Hannah Chonchubhair Rua ó Bhaile an tSléibhe. Fuair an bheirt ba shine den chlann, beirt iníonacha bás óg, agus mar sin cha raibh aithne ag Beirnie riamh orthu. Chuaigh sé ar scoil go Doire a’ Chasáin agus leoga cosúil le go leor eile cha raibh mórán suime sna leabhair aige agus d’fhág sé chomh luath agus a thiocfaidh leis. Chaith sé blianta a óige ag obair fán bhaile – ag baint móna, ag sábháil féir, ag cur prátaí, ag blí bó agus na gnáth rudaí a bhí daoine dá aois ag déanamh ag an am sin. Fear é a raibh dúil aige san obair agus nuair nach raibh sé ag obair sa bhaile is iomaí lá a chaith sé ag cabhrú leis na comharsan. I dtús na gcaogaidí chaith sé cúpla bliain ag obair le B.S.L. (E.S.B.) timpeall na háite, obair chruaidh mhaslach a bhí ann san am – ag baint poll sé troighe ar doimhne do na pollaí móra agus gan agat ach spád, sluasaid agus piocóid. Ní raibh iomrá ar bith ar JCBs nó hymacs san am sin agus is cuimhin liom go minic é ag teacht na bhaile sa tráthnóna fuar fliuch agus salach i ndiaidh obair an lae. Bhí se tugtha don bhaile agus a leabaidh fhéin agus déarfainn, taobh amuigh den am a raibh sé san ospidéal in Leitir Ceanainn, nár chaith sé níos mó ná 7 n-oíche ina hiomlán taobh amuigh de Bhaile Úr, agus orthu sin bhí dhá thuras a thug sé go dtí an Bhreatain Bheag le cuairt a thabhairt ar a dheartháir Conn nuair a bhí sé go beag ó mhaith agus ina dhiaidh sin ag a fhaire agus a thórramh sa bhliain 1991. Creidim gur eisceacht é sa Beirnie ina óige

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3