Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 4 a’ Chasáin, Conn i mBaile an Mhullaigh agus daoine eile, choinnigh sé na h-ainmhithe go dtí an deireadh. Na daoine uilig ar chaith sé féin go fial leo ó thaobh ama agus oibre nuair a bhí sé ábalta d’fhill an fhlaithiúlacht sin ar féin sa deireadh agus sin ceacht dúinn uilig. Cha raibh sé fhéin ag dul amach oiread ag an am seo (cha raibh carr aige ariamh) ach bhí níos mó daoine ná riamh ag tarraingt ar an teach. Bhí siad ansin idir óg agus aosta, fír is mná, gaolta agus cairde, comharsana, turasóirí nó daoine a bhí thart ar saoire. Ní thagann daoine chuig teach gan fáth agus bhí an t-oideas ceart ag Beirnie. Bhí fáilte roimh achan duine agus an chéad chomhartha ar sin ná gur chuir sé de an teilifís nó an raidió chomh luath is a tháinig duine ar bith isteach. Bhí eisceacht amháin ar seo - réamhaisnéis na h-aimsire. Chaitheadh sé éisteacht le sin trí nó ceithre uaire achan lá cé nach ndéanfadh se mórán difríochta dó cén sórt aimsire a bhí ann mar ní raibh sé ag dul amach faoin aimsir ró-mhinic san am dheireanach. Ansin bhí an tae ann. Déarfainn go ndearna sé níos mó tae ná leath na gcaifitéirí sa chontae agus ní hé an “seanphracar” mar a thug se féin air, a bhí sna málaí tae a d’úsáid sé ach an tae scaoilte agus mura raibh an tae scaoilte le fáil i gCarraig Airt bhí ar dhuine éigin dul go Ráth Mealtáin nó áit éigin eile chun é a fháil dó. Bhí sé níos fusa an tae a thógáil ná é a dhiúltú mar choinneodh sé leis go ngéillfeá sa deireadh. Bhí seanchas agus craic maith sa teach i gcónaí agus nuacht na háite uilig le fáil. Bhí an oiread sin daoine ag teacht isteach agus iad ansin ó mheán lae go meán oíche nach raibh scéal ar bith sa cheantar nach raibh aige. Rud eile a thabharfá fá deara ná go raibh cineál róta ann. Bhí daoine áirithe a tháinig i rith an lae agus daoine eile a tháinig san oíche. Is minic a bhí Antoin Mhicí, Jimí Bhriney, Jimí John Phaidí, Conn, Edward, Paidí Vaughan, Micheál Mharcais, Joe Fhearghal agus go leor eile ann i rith an lae. I rith na hoíche bheadh John Gallagher as an Chraoslach ann Dé Luain, Antoin Shúis agus Denis an Táilliúir Dé Máirt agus Dé Céadaoin, Marc agus Paddy Nuala Déardaoin agus Nóra go minic i rith na seachtaine. ar Bheirnie chun athchuimhne a dhéanamh ar a n-óige i gColáiste Ros Goill. B’athrach mór ar a shaol é in 1983 nuair a bhog a dheartháir Francie, a bhean Cití agus a dteaghlach go dtí an tArd Bán agus go raibh sé, don chéad uair ina shaol, in aois a leath chéad bliain, sa teach leis fhéin. Bhí cúraimí tí air don chéad uair fosta, cócaireacht, siopadóireacht, glanadh agus níochán, ach leis an fhirinne a insint bhí Cití agus a teaghlach thar a bheith maith dó agus cha raibh mórán de sin le déanamh riamh aige. Caithfidh gur chrothnaigh sé uaidh na páistí go mór mar sin féin mar bhí sé i gcónaí tugtha do pháistí agus bhí sé maith dóibh. Bhí a dheirfiúr Bídí in aice leis fosta agus ba mhór an cuidiú é don teaghlach sin ó bádh an t-athair go tragóideach sna seascaidí. Bhí a shláinte maith ag an am seo, neart talaimh ar cíos aige agus os cionn fiche ainmhí maith aige agus é breá gnóthach lena chuid oibre féin. Bhí sé i gcónaí réidh le cuidiú a thabhairt do na comharsana má bhí gar le déanamh. Ba mhaith leis eallach maith a choinneáil agus nuair a tháinig pór úr amach mar simmental nó a leithéid bhí sin de dhíth air don chéad ghamhain eile. Chothaigh se an t-eallach go maith agus bhaineadh se taitneamh breá as lá a chaitheamh ag an mhargadh i mBaile na nGallóglach cé acu a raibh ainmhí le díol aige nó nach raibh nó b’fhéidir go bhfeicfeadh se cén sórt luach a bhí ar na hainmhithe. Thosaigh a shláinte ag meath ag deireadh an chéid agus de réir a chéile ní raibh sé fhéin ábalta mórán a dhéanamh, ach le cuidiú ó chomharsana maithe, muintir Mhic Íomhair agus muintir Uí Ghallachóir i nDoire Teach Bheirnie ar an Bhaile Úr

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3