Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 5 Ba chineál de shaineolai é ar na “fish and chips” agus go minic bheadh se ábalta inse duit cén caife as a dtáinig siad. Bhí cuimhne mhaith ag Beirnie agus is beag duine ó íochtar Fhanáda go cúl na Mucaise nach raibh aithne aige orthu. Nuair a bhí ceist le réiteach faoi cé a bhí muinteartha le cé bhí an freagra go minic ag Beirnie. Ba ghnáth le Dinny Ó Gallachoir ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sna Doirí Beaga cuairt a thabhairt air go minic chun seanchas na háite a fháil agus taifeadadh a dhéanamh. Tá Beirnie le cloisteáil ar an suíomh idirlín www.bealoideas.com, agus é ag caint fán cheantar san am a chuaigh thart. Níor ól Beirnie riamh ach níor stad sin é stór maith uisce beatha agus beoir a bheith aige sa teach i gcónaí agus nuair a thug sé gloine duit cha raibh mórán spás d’uisce. Cé nár phós sé riamh, is iomaí duine a thóg teaghlach mór nár tugadh leath oiread aire dóibh ina mblianta deireanacha. Is comhartha é sin ar an chineál duine a bhí ann. Bhí sé fial, flaithiúil, carthanach agus cairdiúil. Rud ar bith a bhí aige bhí sé i gcónaí sásta é a roinnt leis an té a raibh sé de dhíth air. Mar uncail, sílim gur mheas sé go raibh freagracht bhreise air do chlanna a dheirféar agus a dheartháireacha agus chomhlíon sé an ról sin go díograiseach. Ag deireadh an lae is ar a chineáltas a bheas cuimhne mar chaith sé go maith leis na coimhthígh, lena chomharsana agus lena mhuintir féin. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Proinsias Ó Bródlaigh (Frainc Bhoydie) Bheadh na nianna agus neachtanna ansin go rialta fosta, Nuala agus Caitríona trí nó ceithre uaire achan lá, Sinéad agus Eibhlín don tsiopadoireacht agus don ghlanadh Dé Satharn agus an chéad rud ar an liosta i gcónaí na bia don mhadadh agus don chat. Bhí madadh aige i gcónaí agus thug sé aire mhaith dófa uilig. Am ar bith san am dheireanach nach raibh se sa bhaile bheadh “Rocai” ina luí ag an doras ag fanacht leis a theacht. Fiú an mhí dheireanach a chaith sé san ospidéal bhí Rocai ansin achan lá, fliuch nó fuar, ‘na luí ag an doras ag fanacht leis. Bheadh Nóirín ansin ar an Domhnach lena clann agus milseáin, nó torthaí no brioscaí aige do cibé páiste a thiocfadh isteach. Thug Séarlaí cuairt air trí nó ceithre uaire achan lá fosta agus bainne nó tae nó arán leis no cibé eile a bhí de dhíth air. Is beag seachtain nach raibh Paidí ansin trí na ceithre uaire le “fish supper”, nó le é a thabhairt ag faire ná tórramh áit éigin. Bhí a chroí istigh in iasc agus in amanna doiligh go leor é a shásamh. Beirnie agus a nia, Paidí Bhoydie Tá ceithre mhíle girseach i gCúige Uladh ag imirt peil Ghaelach dá scoilteacha agus ag deireadh na bliana anuraidh, i ndiaidh cúpla babhta de chluichí trialacha, roghnaíodh cúigear is fiche acu mar “ All Stars ”. Bhí Shannon Nic Rodaí, iníon Josie agus Olivia, mar dhuine acu agus glacadh an pictiúr seo ag Bronnadh na nGradam ag ócáid i mBaile Uí Dhálaigh ar 10 Eanáir. Tá Shannon mar bhall d'fhoireann sóisir agus d ’ fhoireann sinsir Chúige Uladh faoi láthair.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3