Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 7 John Dhonchaidh, John Den Óg nó b'fhéidir ceird an duine, Donchadh a ’ Táilliúir, Pat a ’ Gréasaí, Willie Aindí ‘ n Gabha, Roibéard a ’ Bháid. Fágfaidh muid na sloinnte agus rachaidh muid ar ais anois ag Muintir Dhonchaidh Mhícheáil. Micheál Mhicí agus Madgie Ní Ghallchóir. Phós Micheál bean as an Chloich Bháin, sin Mhadgie Ní Ghallchóir (Madgie Dhonchaidh Hughie). Rugadh Madgie thart fán bhliain 1843 agus pósadh í fhéin agus Mícheál thart fá 1864. Ach is cosúil go bhfuair Micheál bás luath go leor ina shaol mar go raibh Madgie ‘ na baintreach nuair a bhí daonáireamh na bliana 1901 ann. Bhí deirfiúr ag Micheál a bhí pósta thall ar an tseanbhaile i mBaile ‘ n Fhuaruisce i bhFánaid ar dhuine de chlann ‘ Ac Giolla Bhuidhe. Bhí mac acu a raibh Micí Rua air, Micí Rua Bhaile Fhuaruisce agus ba seo duine de na fir a mharaigh an Tiarna Liatroma. Seisear clainne a bhí ag Micheál agus Madgie: Micí, Paidí, Donchadh, John, Rosie agus Nancy. Bhí Micí pósta ar Mháire Ní Fhrighil (Máire Phaidí Mhór) agus thóg siad a gclann ansin taobh le Oifig an Phoist. Bhí Paidí (Paidí Mhadgie) pósta thíos i nGleann Úraí ar Hannah Nic Daibhéid (Hannah John Pháidí) agus bhí Nancy pósta ar Mhicí Bán i gCluain tSaileach. Donchadh a d ’ fhan sa teach i gCluain tSaileach agus rugadh eisean sa bhliain 1865. Pósadh é ar Mháire Ní Chuilinn as Dún Dumháin (aintín le Neil Cullen) thart fán bhliain 1887. Donchadh Mhícheaíl agus Máire Ní Chuilinn . Iascaire ab ea Donchadh ina lá agus bhí sé fhéin, Micheál Ó Gallchóir (Micí Bán), Donchadh Mac Giolla Bhríde (Donchadh John Pheigí), Nead Mac a ’ tSaoir (Nead Steafáin) agus John a ’ Dochartaigh ag iascaireacht ar bhád a raibh an St. Mark uirthi. Ceann de na bádaí ‘ Zulu ’ a bhí inti nó ‘ lugger ’ mar a bhí aithne ar na bádaí seo ag an am. I ndiaidh traidhfil blianta ar an St. Mark ghlac siad seilbh ar Zulu eile, ba seo bád a raibh an ‘ Defender ’ mar ainm uirthi. Tógadh na bádaí Zulu in Albain agus ba é an Bord a d ’ íoc astu, sin Bord na gCeantar Cúng nó an Congested District Board. Bhí ar na hiascairí luach an bháid a íoc ar ais amach as cibé a shaothraigh siad ar an iascaireacht. Nuair a bheifí ag roinnt an airgid i ndiaidh séasúr iascaireachta bheadh sciar d ’ achan iascaire ar an bhád le cois sciar nó dhó don bhád agus sciar do na heangacha. Bhí sé ag brath ar an méid scadán a bhfaighfí greim orthu caidé chomh tapaigh agus a bheadh luach an bháid íoctha ar ais. Bhí blianta ann a mbíodh séasúr maith ag na hiascairí agus blianta eile a bhí folamh go leor. Ansin nuair a thosaigh na ‘ drifters ’ a theacht anseo as Albain cha raibh mórán deise ag bunadh na háite luach na mbád a shaothrú - bhí bádaí seoil sa Cluain tSaileach ( ar leanstan ) Teaghlach Mhic Giolla Bhríde. Muintir Dhonchaidh Mhícheáil. Mac Giolla Bhríde. Ba seo an sloinneadh ba choitianta a bhí i gCluain tSaileach os cionn céad bliain ó shin agus leoga an sloinneadh ba choitianta san íochtar. Cé nach bhfuil an líon céanna teaghlach leis an sloinneadh sin ar an bhaile anois is cinnte go bhfuil a sliocht le fáil thart fán cheantar nó in áiteacha eile níos faide ó bhaile. Char baineadh mórán úsáide as sloinnte na ndaoine thart fán cheantar seo ná i gceantracha Gaeltachta eile san am a chuaigh thart. De ghnáth d ’ iompar duine ainm a athar, a athar mhóir, agus go minic ainm a gharathar nó ainm a mháthar nó a sheanmháthar. Ba seo an dóigh a cuireadh aithne ar dhaoine agus a chuidigh iad a idirdhealú ó theaghlaigh eile leis an sloinneadh céanna. Go minic nuair a mhéadaigh líon na nglúnta d ’ fhágfaí glúin ar lár agus go minic chan an ghlúin ab fhaide siar a d ’ fhágtaí ar lár. Sin mar a bhí i gcás mhuintir Dhonchaidh Mhícheáil. Chuir muid uilig aithne ar Phroinsí Dhonchaidh Mhícheáil agus muid ag éirí aníos ach le bheith níos cruinne ‘ sé Proinsí John Dhonchaidh Mhícheáil a ainm ceart nó má tá muid ag iarraidh a dhul siar glúin eile thiocfadh linn Proinsí John Dhonchaidh Mhícheáil Mhicí a thabhairt air. Cúpla sampla de theaghlaigh eile ar tharla seo iontu ná - John Mhicí Ruaidh in áit John Annie Mhicí Ruaidh, nó Johnny Shéamuis in áit Johnny Phádraig Shéamuis, John Eoin in áit John Frainc Eoin, Micheál Joseph Mhicí John in áit Micheál Joseph Sally Mhicí John, John Phat in áit John Dinis Phat. D ’ fhan trí ghlúin san ainm go minic - John Thuathal Stiofáin, Hughie Phádraig Den, Eoin Mharcas Eoin, Jimmí Nead Ruaidhrí, Charlie John Nochaí. Chomh maith le sin thiocfadh le ‘ bán ’, ‘ mór ’, ‘ rua ’, ‘ beag ’ nó leasainm inteacht eile a bheith ag dul leis an ainm fosta - John Mhicí Ruaidh, Dinis Mhicí Bán, Dinis Phadaí Mhór, John Beag

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3