Guth Ghoill, Eagrán 45

Eagrán 45 Aibreán 2013 8 Bhain mí - ádh do Phroinsí fosta agus gan é ach an bhliain déag agus fiche. Sa bhliain 1931 agus é ar an bhealach ‘ un Aifrinn leag carr é thuas ag teach Aindí Phádraig agus fuair sé bás in otharlann Leitir Ceanainn an tráthnóna céanna. Sasanach de shloinneadh French a bhí anseo ar laethanta saoire a leag é. Chonaic Danny Mac Pháidín (Danny Bhill), mac le hAindí Phádraig nach raibh ach ina ghasúr óg naoi nó deich de bhlianta ag an am agus a bhí ina sheasamh ag tóin a ’ tí, Proinsí a chaitheamh in airde san aer nuair a chnag an carr é. Cé go raibh sé luath ar maidin, bhí, de réir cosúlachta, braon maith sa ghrágán ag an tiománaí. Cha raibh Proinsí pósta. Bhí an chuid eile den chlann pósta sa pharóiste. Bhí Sally pósta ar Mhicheál Ó Gallchóir (Micí Mhicí Mhánais) ar an Ghlíob; bhí Rosie pósta ar an Ghlíob fosta ar Phaidí Ó Buaidhe (Paidí Mhicí Ruaidh); bhí John pósta ar Chití ‘ Ac Rodaigh as an Ard Bhán; bhí Nan pósta i mBaile ‘ n tSléíbhe ar Bhrian Mac Laifeartaigh (Brianí John Nochaí); phós Madgie fear as Gleann Cheo a raibh John Ó Luodhóg (John Chití Eoin) air; ba as Gleann Cheo bean Phaidí fosta, Hannah Ní Giolla Chomhaill a bhí uirthi. Bhí Paidí agus John iontach gasta ar na cosa agus b ’ iomaí rása a bhain siad ag comórtais lúthchleasaíochta. Gortaíodh Paidí am amháin agus é choimhlint anois le bádaí móra innill. Bhí skiff ag Donchadh Mhícheáil fosta agus le linn séasúr na mbradán bliain amháin mharaigh sé os cionn dhá chéad bradán san aon oíche amháin. Is cinnte gur mhór an cor éisc a bhí anseo nuair a chuirtear san áireamh gur bádaí oscailte seoil a bhí sna skiffs agus cha raibh na cinn ba mhó acu níos mó ná sé troigh is fiche ar fad. Bhí sé amuigh ag iascaireacht bradán an oíche chinniúna sin i 1927 nuair a cailleadh bád agus criú as Fánaid. Bhí an oíche go breá ag tús na hoíche ach ansin d ’ éirigh an ghaoth go tobann agus cuireadh na skiffs uilig i gcontúirt mhór. Dúirt cuid mhór iascairí ag an am go mbeadh caill ní ba mhó an oíche sin ach ab é gur chuidigh na luggers leis na skiffs a theacht i dtír. Tháinig Donchadh Mhícheáil agus a chriú i dtír i mBun Crancha le cuidiú ó cheann de na luggers. D ’ fhan sí taobh na gaoithe dóibh. Nuair a tháinig meath i gcúrsaí iascaireachta ba ghnáth le Donchadh a dhul go Sasana achan bhliain, am bhaint an Fhómhair. Théadh scaifte acu anonn agus a gcorrán leofa leis an fómhar a ghearradh. Shiúlfadh siad go Rath Mhaoláin, bád farantóireachta as sin go Fathain agus de shiúl na gcos arís as sin go Doire. Cúpla deoch tigh Chondaí Molloy agus ar shiúl ar bhád Dhoire. A gClann. Ochtar clainne a bhí ag Donchadh agus Máire, ceathrar gasúr agus ceathrar girseach. Bhí Micheál (1889), Sally (1890), Rosie (1892), John (1894), Nan (1896), Madgie (1897), Proinsí (1899) agus Pádraig (1905) sa chlann. Micheál an duine ba sine den teaghlach agus cha raibh sé ach naoi mbliana déag nuair a fuair sé bás. Bhí sé thall in Albain nuair a bhuail an fliú mór é i 1918 agus d ’ fhéadfadh sé theacht slán, b'fhéidir, dá bhfanfadh sé thall, ach thug an fear bocht aghaidh ar an bhaile agus is cinnte nár chuidigh an turas leis, fuair sé bás cúpla lá i ndiaidh dó theacht ‘ na bhaile. Bád “ Zulu ” Ar chúl, ó chlé tá Joe Johnny Denis, Nellie Mhicí Rua, Paidí Dhonchaidh Mhícheáil agus Bidí Phaidí Dhonchaidh. Chun tosaigh tá Madgie Dhonchaidh Mhícheáil agus a fear céile John Ó Luodhóg (John Chití Eoin)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3