Guth Ghoill, Eagrán 45
Eagrán 45 Aibreán 2013 9 d ’ aistrigh Jack go Doire a ’ Chasáin. Ba Seosamh Ó Gallchóir a tháinig ina áit agus bhí seisean ansin blianta fada. Dúirt Dinis go raibh fuath aige don scoil ach go dtug Joe am breá socharach dó. Cha dtear sé obair baile ar bith sa bhaile, cibé a bhí le déanamh aige rinne sé é ar an bhealach ‘ na bhaile sa dóigh is go mbeadh sé ábalta an tráthnóna a chaitheamh taobh amuigh. Chan amach ag súgradh a bheadh siad ag gabháil ach oiread mar go raibh neart oibre agus timireachta le déanamh acu achan tráthnóna i ndiaidh am scoile. Bhí bóithigh le cartadh, móin le tabhairt isteach, uisce le tarraingt, leapacha le cur faoi na n - ainmnithe, cál agus tornapaí le tabhairt isteach agus bhíodh siad ag buachailleacht go minic. Cha raibh mórán ama do chaitheamh aimsire agus is cinnte nach raibh siad ‘ bored ’ rómhinic. Ansin sa Gheimhreadh fosta bhíodh siad ag tarraingt feamnaigh ón chladach le hasail. Chuirfí an fheamnach fríd an charn aoiligh sa dóigh is go mbeadh fairsingeacht leasa acu nuair a bhíodh sé a dhíth. Bhíodh neart comhrá agus seanchais fá theach an táilliúra i gcónaí, daoine ag teacht is ag imeacht agus lena chois sin tharraingeodh neart daoine ar an teach sa Gheimhreadh le bheith ag airneáil. ag teacht trasna tráigh Charraig Airt le beathach agus cairt agus malach leis. Cibé cliseadh a baineadh as an bheathach léim sí agus b ’ é an toradh a bhí le seo ná gur briseadh cois Phaidí, rud a d ’ fhág é bacach go deireadh a shaoil. John Dhonchaidh Mhícheáil agus Cití. D ’ fhan John sa teach i gCluain tSaileach áit ar thóg sé fhéin agus a bhean Cití a gclann. Ceathrar mac a bhí acu, Micheál, Jimmí, Dinis agus Proinsí. Chuaigh John le ceird an táilliúra. D ’ fhoghlaim sé a cheird thall i nDumhach Mór i bhFánaid i dteach an Táilliúir Rua Ó Siadhail, duine eile de na fir a bhí páirteach i marú Liatroma. Ba ag a mhac Niall a d ’ fhoghlaim John a cheird. Chuaigh sé i gceann a thréimhse mar phrintíseach i nDumhach Mór i 1912. D ’ fhanadh sé thall i rith na seachtaine agus thagadh sé ‘ na bhaile sa churach tráthnóna Dé hAoine. Cúig bliana a chaith sé ag foghlaim a cheirde. Dúirt Dinis gur ghnáth lena athair a bheith iontach cúramach i gcónaí nuair a bhíodh an miosúr amuigh aige agus é ag tomhas na bhfear fá choinne a gcultacha. Mheas a athair i gcónaí go raibh an ghualainn dheis i gcuid mhaith de na fir níos ísle ná an ghualainn chlé, de thairbhe gur seo an ghualainn a n - iomprófaí cibé ultach a bhíodh le hiompar acu agus is cinnte go mbíodh na hultaigh seo trom go leor in amanna. De thairbhe sin chaithfí a bheith cúramach leis an mhiosúr agus na gualainneacha a dtomhas. Fuair John bás sa bhliain 1975 agus é cúig bliana déag agus na trí scór. Thug a bhean Cití saol fada léithe, bhí sí ceithre bliana déag agus na ceithre scór nuair a fuair sí bás sa bhliain 1994. Tá sí fhéin agus John curtha i reilig Mhíobhaigh. Clann John Dhonchaidh Mhícheáil agus Cití. Chuaigh an chlann go Scoil Mhíobhaigh, áit a raibh múinteoirí éagsúla acu a fhad is bhí siad ansin. Bhí Johnny Mac Fhionlaoich as Gaoth Dobhair ansin ar feadh tréimhse agus ba í Scoil Mhíobhaigh a thosaigh sé ag cur páistí isteach ar scrúduithe scoláireachta. Ba ghnách le páistí a theacht ar scoil chuige anall as Fánaid agus as áiteacha eile taobh amuigh den pharóiste. Bhíodh lóistín acu sa cheantar le linn na seachtaine. Cha raibh Dinis istigh ag Johnny ‘ Ac Fhionnlaoich, bhí seisean i dtús báire ag an Mháistír Ó Cinnéide. Nuair a d ’ fhág seisean tháinig Jack Mac Pháidín agus i ndiaidh bliana Ar chúl tá Cití (Bean chéile John) agus Nan agus ina suí tá Rosie John Dhonchaidh Mhícheáil agus Cití.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3