Guth Ghoill, Eagrán 46

Eagrán 46 Iúil 2013 10 Oíche sa Síbín Ceoil Bhí Oíche Ceoil agus Amhránaíochta againn sa Síbín Ceoil ar leis na páistí atá páirteach i gcuid imeachtaí Chéim Aniar. Bhí cúpla amhrán ó gach grúpa, ó na naíonáin ar aghaidh, le cuidiú ó Chaoimhín Mac a’Bháird agus Caoimhe Ní Mhaoileoin. Ansin bhí cúpla port ó na páistí a rinne freastal ar na ranganna ceoil le Máire Ghráinne Ní Chuilinn i rith an gheimhridh. Bronnadh na teastais ceoil ar na páistí sin agus bronnadh teastais ar na páistí a chuir obair mhór isteach sna drámaí i rith na bliana. Bronnadh gradaim ar bheirt ghasúr, Antain Ó Buaidhe agus Marcas Mac Giolla Bhríde, agus ar bheirt ghirseach, Síle Ní Threartaigh agus Sophie Ní Chonchúir,. a bhí ainmnithe mar rannpháirtithe na bliana ag imeachtaí Chéim Aniar. Chríochnaigh an oíche le ceol ó Chlann Uí Chuilinn agus ón aoi speisialta, Patsy Dan Mac Ruaidhrí as Toraigh. Comórtas Ghlór na nGael 2012 Ar chlé anseo tá Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag bronnadh Bonn Airgid agus Duais Trasteorann Iontaobhas Ultach (€1.400) ar Pheigi Ryder, Cathaoirleach Céim Aniar, ag ócáid i gCaisleán Chluain Tarbh ar 20 Aibreán. Sa phictiúr fosta tá Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pádraig Ó Ciardha.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3