Guth Ghoill, Eagrán 46
Eagrán 46 Iúil 2013 13 ar thrasnú na habhann. Is stail a bhí sa chapall dubh agus bhí sé níos deacra a láimhseáil ná an láir donn nó an capall ballach agus ghlac Feadaímó a shrianta. Bhí an bháisteach níos troime agus an ghaoth níos láidre anois agus bhí an talamh sleamhain agus contúirteach. Bhí callán na habhann anois mar a bheadh toirneach ann agus smaoitigh Feadaímó ar an abhainn dheas chiúin a bhí ansin níos luaithe sa lá. “ Sin mar atá, ” a dúirt sé leis fhéin. “ Níl neart air agus caithfear glacaint leis. Bhí sé dubh dorcha nuair a rinne siad á mbealach go deas cúramach síos a fhad leis an abhainn agus na trí chapall leo. Chonaic siad go raibh an sruth i bhfad níos láidre ná mar a shíl siad agus bhí leisce ar na capaill dul a chóir. “ Beidh sé doiligh na capaill a chur san uisce, ” arsa Micí agus é ag scairteadh, “ b ’ fhéidir gur chóir dúinn dul siar píosa go bhfeicfidh muid an bhfuil áth ar bith. ” “ Cha dtig linn, ” arsa Feadaímó, “ thiocfadh linn an oíche a chaitheamh ag dul do sin agus gan fios de laghad againn fá cá bhfuil muid. Caithfidh muid í a thrasnú anseo mar níl an darna rogha againn. ” Fuair sé greim ar shrianta na gcapall lena lámh chlé agus sula raibh a fhios ag na capaill cad é a bhí ag tarlú tharraing sé iad isteach san abhainn fhiánta. Bheir an sruth orthu lom díreach agus d ’ imigh sé fhéin is na capaill sa tuile. Choinnigh sé greim teann ar na srianta agus fuair sé greim moinge ar an stail agus thosaigh sé a stiúradh amach san abhainn. Más faide amach a chuaigh siad sin más láidre a bhí an sruth agus mhothaigh Feadaímó nach raibh ceannas ar bith aige fána threoir. Chonaic Micí nach raibh dóigh ar bith amach as anois ach léimint isteach. Ghlac sé coiscéim chun deiridh, líon sé a scamhóga, chuir se paidir chun na flaithis agus léim sé isteach. Mhothaigh sé cumhacht na habhann agus é faoin uisce agus nuair a bhris a chloigeann amach san aer arís cha raibh Feadaímó nó na capaill le feiceáil. Tháinig eagla air mar cé go raibh snámh aige bhí láidreacht an tsrutha a tharraingt faoin uisce. Bhí ór Fheadaímó ceangailte lena thaobh agus cha raibh an meáchan sin ag cuidiú leis ar chor ar bith. Chuala sé capall ag seitreach cóngarach dó ach cha raibh a fhios aige cé acu soir na siar a bhí sé. Le sin tháinig splanc tintrí agus las sé an oíche. Chonaic sé na capaill níos faide amach san abhainn agus bhuail sé amach ina dtreo. Cha raibh fuinneamh ar bith fágtha ann nuair a fuair sé greim ar dhiallait na lárach agus ghlac sé a anáil. “ Caithfimid fáil amach as an tsruth seo, ” scairt Feadaímó leis. Cha raibh Micí ábalta freagra a thabhairt ach bhí a fhios aige go raibh an ceart ag Feadaímó. Bhí na capaill traochta agus cha raibh sé fhéin ábalta a dhath a dhéanamh ach greim teann a choinneáil ar an diallait. Muna bhfaigheadh siad amach as an tsruth bheadh siad uilig caillte. Scaoil Feadaímó an greim a bhí aige Feadaímó Bhí Feadaímó agus Micí ar bharr ardáin ag amharc anuas ar lochanna Fhéar Manach. Bhí talamh foscailte idir iad fhéin agus an abhainn a bhí le trasnú acu le fáil isteach sna coillte a bhí ag fás go tiubh ar an bhruach ó dheas. Mar sin de bhí siad ag fanacht ar an oíche sa dóigh is nach bhfeicfeadh duine ar bith de na saighdiúirí a bhí sa tóir orthu iad. D ’ ith siad cuid de na prátaí fuara a bhí acu agus shocraigh siad síos ag coinneáil súile ar an radharc álainn thíos fúthu. Thit Micí ina chodladh agus d ’ fhág Feadaímó é agus shiúl sé thart ag déanamh cinnte nach raibh duine ar bith ag teacht ina dtreo. Mhothaigh sé fuacht sa ghaoth agus í ag neartú. D ’ amharc sé siar. Chonaic sé na scamaill throma dhubha ag tarraingt isteach orthu ón iarthar agus bhí a fhios aige go raibh stoirm shamhraidh ar an bhealach. Thosaigh an fhearthainn ag titim go trom ach cha raibh mórán d ’ fhoscadh acu ar an ardán. “ Bhail, scrios Dé ar seo, ” arsa Micí agus é ag múscailt, “ chan amháin go bhfuil abhainn le trasnú againn ach beidh muid báite sula ngeobhann muid a fhad leis ar chor ar bith. ” “ B ’ fhéidir nach bea droch rud sin, ” arsa Feadaímó, “ cha bhíonn mórán foinn ar na Dragoons nó ar na feirmeoirí móra a bheith amuigh ár gcuardach tráthnóna mar seo. ” Tharraing Micí blaincéad thart ar a chloigeann. “ Leisce ar na feirmeoirí b ’ fhéidir, ach geallaim rud amháin duit, a Fheadaímó. Is rud eile ar fad é na Dragoons. Mharaigh sibh coirnéal dá gcuid agus rachadh na boic sin trí thine le sibh a fháil. ” “ Chan mórán de thine a bheadh orthu dul fríd lá mar seo, ” arsa Feadaímó, agus thosaigh an bheirt acu ag gáire. De réir a chéile thit an dorchadas agus sula i bhfad cha raibh siad ábalta an abhainn a fheiceáil. “ Tá sé in am dúinn bogadh, ” arsa Feadaímó, “ tá shúil agam go bhfaigheas muid trasna na habhann sula n - éiríonn an ghrian arís. ” “ Má fhaigheann, ” arsa Micí, “ thig linn slán a ghabháil leis na Dragoons agus leis na feirmeoirí agus le achan duine eile ata ár leanstan. ” Tháinig aoibh ar aghaidh Fheadaímó agus é ag déanamh a bhealaigh chuig na capaill a bhí i bhfolach sa ghleann. Bhí rudaí ag dul go measartha dófa ag an bhomaite ach thiocfadh le sin athrú am ar bith. Cha raibh oíche suaimhnis aige ón lá a d ’ fhág sé na Dúnaibh. Idir ropairí ar an bhealach is iad ag tiomáint na tána agus saighdiúirí i gcathair Dhoire nó mairnéalaigh ar bhádaí agus iad ag teitheadh i ndiaidh dóibh Domhnall Ó Dála a scaoileadh saor ón phríosún i nDoire. B ’ fhada an lá ó mhúscail sé le scairt an choiligh ina leaba chompordach fhéin. É ina luí ag éisteacht le fuaimeanna an bhaile agus le glór binn a mháthar ag dul fríd an teach is í ag déanamh arán an lae agus amhrán i gcónaí i mbarr a béil. Chaith sé na smaointe sin as a chloigeann mar bheadh air a aird uilig a dhíriú
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3