Guth Ghoill, Eagrán 46

Eagrán 46 Iúil 2013 14 sin te agus ná habair nach bhfuil a dhath déanta. Thug mé deoch do na capaill agus tá siad ar théada istigh níos doimhne sa choill áit a bhfuil féar le hithe acu. Tá leath dhosaen breac a róstadh anseo agam agus tá mála beag sméara dubha thall ansin duit. Bhéarfaidh tú fá deara nach bhfuil toit ar bith as an tine. Sin cleas a thaispeáin mo sheanathair domh blianta ó shin. Bá ghnáth leis poitín a dhéanamh sna cnoic agus muna raibh a fhios agat an cineál ceart adhmaid le húsáid sa tine cha bheifeá i bhfad ag dul dó ” “ Cad é ’ n dóigh ar bheir tú ar na bric? ” Arsa Feadaímó. “ Ó, leoga, furasta go leor, ” arsa Micí. “ Slat choill, cúpla ribe amach as moing na lárach, duán déanta de bhior driseoga agus an rud is tábhachtaí den iomlán, cuileog atá beo i gcónaí amach as eangach fíodóra. ” D ’ amharc sé ar Fheadaímó agus thosaigh sé ag gáire. “ Char chuir mise m ’ óige amú i mo luí sa leaba, a ghasúir. ” Thóg Feadaímó an mála beag, shuigh sé gan focal a rá agus d ’ íth sé an breac agus na sméara le sonas agus le sástacht. Chuir Micí breac eile ar chloch Fheadaímó ansin agus shuigh sé fhéin ar chrann a bhí leagtha agus líon se a bhéal le breac. “ Thiocfadh linn seal a chaitheamh anseo, a Fheadaímó, ” a dúirt sé, “ tá neart bia, neart foscaidh agus cothú do na capaill. ” “ Thiocfadh, ” arsa Feadaímó, “ agus ta mé den bharúil gur chóir dúinn cúpla lá scíste a ghlacadh. Níl cuma ar an áit seo go mbíonn duine ar bith thart ach san am chéanna caithfidh muid a bheith cúramach. Níl mé ag iarraidh go bhfeicfeadh duine ar bith muid. Mar sin de caithfidh tú a bheith coimhéadach is tú ag iascaireacht. ” “ Tá poll san abhainn thíos fúinn píosa agus é clúdaithe le crann saileach. Ní fheicfidh duine ar bith mé istigh ansin. ” “ Maith go leor, ” arsa Feadaímó, “ dhá lá anseo agus rachaidh muid ó dheas. Bá mhaith liom a bheith i Meiriceá roimh an Gheimhreadh. ” Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile. ar mhoing na staile agus leis na srianta ina lámh thosaigh sé ag snámh píosa ar phíosa ó dheas. De réir a chéile tháinig an bhruach níos cóngaraí dóibh ach bhí siad go fóill ag dul róthapaigh sa tsruth. Tháinig splanc eile tintrí agus chonaic Feadaímó go raibh crann sailleach ar an bhruach agus cuid de na craobhacha ag gobadh amach thar an abhainn. Le cibé unsa nirt a bhí fágtha ina chorp tharraing se na capaill níos cóngaraí don bhruach agus fuair sé greim ar cheann de na craobhacha. D ’ éirigh leis, ar feadh bomaite, deireadh a chur leis an rása ach le meáchan na gcapall agus le meáchan Mhicí agus é fhéin bhris an chraobh agus bhí siad ar shiúl arís. Bhí greim i rith an ama ag Feadaímó ar an chraobh agus bhí sin ag cuidiú leis an luas a ísliú rud beag. Thiontaigh an abhainn ar dheis i ndiaidh tamaill agus go tobann bhí siad amuigh as an tsruth. Bhí Feadaímó ábalta seasamh agus tharraing sé na capaill isteach go dtí an bhruach. Cha raibh ach b ’ fhéidir trí nó ceithre troighe d ’ uisce istigh san áit a raibh siad ach mar sin fhéin bhí an bruach ard go leor. D ’ amharc Micí amach ar an abhainn agus ar an sruth a bhí ag dul tharstu thart fá cúig shlat uatha agus chuaigh sé suas ar an bhruach mar a bheadh giorria ann. “ M ’ anam le Dia, ” a dúirt sé, “ chaith mé mo shaol ar an fharraige ach cha raibh mé ariamh chomh scartha is a bhí mé i lár na habhann sin. ” Chaith Feadaímó srianta na lárach chuige. “ Tarraing leat anois mar a bheadh an diabhal ann, ” a dúirt sé. Cha raibh sé deacair na capaill a fháil amach as an abhainn agus chuaigh siad isteach sa choill ag cuardach foscaidh ón fhearthainn. Bhí crainn d ’ achan sóirt go tiubh sa choill seo agus chuir siad na capaill ar théada agus shuigh siad síos faoi sheanchrann feá. Thosaigh na capaill ag ithe na ndearcán a bhí ina luí achan áit agus cuma orthu go raibh dearmad ar fad déanta acu den abhainn agus den tsruth. “ Amharcann siadsan sásta go leor ach níl pioc bia fágtha againne, ” arsa Micí. Tharraing Feadaímó blaincéad fliuch amach as a mhála agus luigh sé síos. Bhí an fhearthainn ag laghdú go mór faoin am seo agus bhí foscadh breá acu faoin chrann feá. “ Is cuma sa diabhal liom fá bhia ag an bhomaite seo, ” a dúirt sé, “ caithfidh mise codladh a fháil. Tabhair cúpla uair domh sula músclaíonn tú mé. ” “ Déanfaidh mé sin, ” arsa Micí agus sheas sé ar eagla go dtitfeadh se fhéin ina chodladh. Nuair a mhúscail Feadaímó bhí an ghrian ard sa spéir agus d ’ éirigh sé. “ Cad chuige nár mhúscail tú mé, a Mhicí? Tá ‘ n mhaidin chóir a bheith caite agus gan a dhath déanta againn. ” Ansin fuair sé boladh éisc ag róstadh ar an tine. “ Cuir sin i do ghob, ” arsa Micí agus thug sé breac iomlán dó ar chloch. Coimhéad tú fhéin, tá an chloch

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3