Guth Ghoill, Eagrán 46
Eagrán 46 Iúil 2013 15 Ar an Aoine, 31 Bealtaine rinne Aonad na Maoile Ruaidhe den Gharda Cósta an bád righin inséidte úr atá acu a ainmniú in ómós Rónán Ó Buaidh, fear a bhí ina bhall den aonad ach atá imithe ar shlí na firinne le traidhfil blianta. Ghabh Trish, baintreach Rónán, buíochas leis an Gharda Cósta as an bád a ainmniú ina onóir agus dúirt sí go raibh a chroí san fharraige ó bhí sé ina ghasúr beag. Rinne Cassandra, iníon Rónán an bád a ainmniú go hoifigiúil nuair a bhain sí de an brat agus ansin bhí beannú éacúiméineach leis an Athair Cathal Ó Beirn i gcuideachta an tUrramach Chris Price agus an tUrramach Jim Hagan. Michelle Ní hAodha (Garda Cósta), Trish Uí Bhuaidh, Cassandra Ní Bhuaidh agus Dylan Ó Buaidh. Ar an tráthnóna céanna rinne an t - Aonad vása le plaic agus boinn a bhronnadh ar Hugo Boyle in aitheantas dá chuid tiomantais don Gharda Cósta i rith na mblianta. Tháinig Hugo ar bord sa bhliain 1993 agus chaith sé ocht mbliana déag mar bhall den Aonad. Ar dheis: Hugo agus Séamas Ó Gallachóir ón Gharda Cósta. Ár mbuíochas don ghrianghrafadóir, Martin Fleming, as na pictiúr seo a chur ar fáil dúinn. Cóineartú i bParóiste Mhíobhaigh An bhfuil tú sa phictiúr seo thuas nó an bhfuil aithne agat ar dhuine ar bith atá ann? Tá muid den bharúil b’fhéidir gur i 1952 nó 1955 a tógadh an grianghraf. Bheadh muid buíoch dá gcuirfeá glaoch orainn in oifig Chéim Aniar ar 074 9154830 má tá eolas ar bith agat. Ba mhaith linn na hainmneacha uilig a chur leis.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3