Guth Ghoill, Eagrán 46

Eagrán 46 Iúil 2013 3 Tubaiste Farraige - an Prominent. Ar an Domhnach an t - aonú lá fichead de mhí Aibreán na bliana seo bhailigh scaifte daoine le chéile i Reilig Eaglais na Tríonóide Naofa i gCarraig Airt le comóradh céad bliain a dhéanamh ar bhád iascaireachta de chuid na hAlban a cailleadh amach ó cheann an Mhill Mhóir ar an 4ú lá de mhí na bhFuílleach 1913 agus ar cailleadh a raibh ar bord, naonúr iascaire. Ba seo an bád iascaireachta gaille (steam) an ‘ Prominent ’. Nach iontach an rud é gur tharla a leithéid de thubaiste amach ó chósta Ros Goill agus nár chuala an mhuintir is sine atá beo anseo sa phobal iomrá ar bith uirthi fán cheantar ariamh. Tá sé deacair a thuiscint cad chuige a raibh sin amhlaidh? Ba seo tréimhse a raibh tionscal na hiascaireachta faoi lán seoil sna Dúnaibh ach is cinnte fosta go raibh bádaí móra gaille na hAlban (drifters) ag cur as go mór den phobal iascaireachta áitiúil mar go raibh siad níos mó agus níos gaiste agus de thairbhe sin de bhí siad ábalta níos mó iasc a iompar agus a bheith istigh ag an mhargadh níos luaithe ná na bádaí seoil, sin na Zulus a raibh bunadh na háite ag iascaireacht orthu. Ba ghnách le cabhlach iascaireachta na hAlban a theacht ‘ na nDúnaibh do shéasúr na hiascaireachta achan bhliain ach níl muid cinnte caidé an cineál caidrimh a bhí idir iascairí na hAlban agus bunadh na háite nó an cineál fáilte a cuireadh rompu. Mheas William Micks, an fear a bhí ina rúnaí le linn an ama sin ar Bhord na gCeantar Cúng agus an fear is mó a bhí taobh thiar den fhorbairt a rinneadh ar thionscal na hiascaireachta sa Chontae seo ag an am, go raibh an Rialtas thar a bheith neamartach nuair nár socraíodh srian a chur leis an chor scadáin a dtiocfadh le bádaí móra na hAlban a chur i dtír, sa dóigh is go dtiocfadh le bunadh na háite a mbeatha a thabhairt i dtír ar an fharraige. Cha raibh iascairí na Contae seo ábalta coimhlint leis na bádaí móra. De thairbhe seo uilig d ’ fhéadfadh sé go raibh teannas i measc na n - iascairí ach níl fhios agam an raibh sé comh domhain sin agus go ndéanfaí dearmad de thubaiste farraige a raibh caill comh mór sin ag baint leis. Dar ndóigh thosaigh an Chéad Cogadh Domhanda an bhliain ina dhiaidh sin agus b ’ fhéidir gur dearnadh dearmad de chuid mhór rudaí. Cibé ar bith cha raibh iomrá ar bith ar an ‘ Prominent ’ go dtí gur shocraigh daoine muinteartha an chriú go gcuirfí plaic cuimhneacháin suas os cionn na háite a bhfuil beirt acu curtha le chéile i Reilig na Tríonóide Naofa i gCarraig Airt. An Prominent. Na tógálaithe bád, Mackie & Thompson, as Govan na hAlban a thóg an drifter seo sa bhliain 1908. Tógadh an bád do J.D agus A. More, & Richard Irvine & Son as Burghead (Am Broch i nGaeilge na hAlban). Bhí sí ar cheann de na drifters a tháinig go cósta Dhún na nGall go rialta d ’ iascaireacht na scadán. Tá Burghead, ina bhfuil daonra de 1,500 duine, suite i Moray in Albain. Tá suíomh aige ar leithinis atá síneadh siar ó thuaidh isteach sa Moray Firth in Oir - Thuaisceart na tíre. Macasamhail cuid mhór bailte beaga eile ar chósta na hAlban agus na hÉireann ba bhaile beag iascaireachta a bhí ann tráth den tsaol a bhí ag brath cuid mhór ar fhómhar na farraige. Ní hamhlaidh an scéal sa lá atá inniu ann. Tá Burghead agus ceantar an Moray, i gcoitinne, ag brath go mór sa lá atá inniu ann ar dhá stáisiúin de chuid an R.A.F atá suite sa cheantar, ceann acu ar achan taobh de Burghead. Sa bhliain 2005 b ’ fhiú £156.5 milliún d ’ eacnamaíocht an Moray na stáisiún seo agus bhí siad freagrach as 21% d ’ fhostaíocht an cheantair. San am a chuaigh Burghead

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3