Guth Ghoill, Eagrán 46

Eagrán 46 Iúil 2013 4 thart bhí an ceantar seo ag brath go mór ar an iascaireacht, go háirithe iascaireacht na scadán, ach sa lá atá inniu ann níl ach 2% den daonra fostaithe i dtionscal na hiascaireachta. Níl orainn le dhul go hAlban leis na hathruithe atá titithe amach i dtionscal na hiascaireachta a fheiceáil agus a thuiscint! An Prominent in Éirinn. Sheol an Prominent amach as Burghead ar an tríú lá fichead de mhí na Nollag 1912. Bhí a n ’ aghaidh ar na Dúnaibh d ’ Iascaireacht scadán an Gheimhridh; mhair an iascaireacht seo ó lár mhí na Nollag go deireadh mí Feabhra. B ’ iontach an rud é gur fhág siad an baile cúpla lá roimh an Nollag ach caithfear a chur san áireamh gurbh le comhlachtaí móra cuid mhaith de na drifters seo agus bhí ar iascairí déanamh mar a iarrtaí orthu. Lena chois sin ba ghnáth le hiascaireacht mhór a bheith ann go minic ag tarraingt ar an Nollaig agus isteach sa bhliain úr. Chosain na bádaí seo os cionn trí mhíle punt ag an am agus bhí siad thar a bheith doiligh a reáchtáil agus de thairbhe sin de cha raibh am ar bith le bheith ina shuí thart. Ar bord bhí John More (scipéir), Alexander More, Alexander Main, James Main agus Donald Main. Rinne an chúigear seo an turas seo na cúig bliana roimhe sin. Ina gcuideachta bhí John More Main, Alex Cumming (innealtóir), Charles Cumming (stoker) agus William Main, an cócaire. Leofa fosta bhí madadh beag raibh Duxie air, agus is cosúil go dtear sé na turasanna iascaireachta seo go minic leo. Roimh am chanáil Caledonia ba thuras fada go leor a bheadh ann ó Burghead ‘ na nDúnaibh, suas go tuaisceart na hAlban, fríd an Pentland Firth agus ansin anuas cósta thiar na hAlban. Ach rinne an canáil an turas a ghiorrú go mór agus bhí an canáil foscailte fán am seo. Thagadh siad anuas ó Inver- ness go Fort William, as sin go Oban agus anall ‘ na nDúnaibh. Níl mórán iomrá eile fán bhád ná fá shéasúr na hiascaireachta i ndiaidh di ceann scríbe a bhaint amach, go díreach cibé an méid eolais a bhí sna litreacha deireanacha a shroich Burghead. De ghnách scríobhtaí agus chuirtí na litreacha seo sa phost ar an Domhnach agus ba é an scéala deireanach a fuair na teaghlaigh ná go raibh na hiascairí uilig ag déanamh go maith ach go raibh drochaimsir amach ann an tseachtain roimhe sin. Mheas siad go mbeadh siad ag tabhairt aghaidh ar an bhaile gan mhoill muna n - athródh rudaí ach dá dtiocfadh biseach ar an aimsir go bhfanfadh siad seachtain eile. Ar an drochuair bhí an bád agus an chriú caillte sular shroich na litreacha deireanacha seo Burghead. Mar a cailleadh an Prominent. Ar an Sathairn an chéad lá de Feabhra bhí an Prominent agus cúpla drifter eile, an Radiant agus an Weal, ar ancaire ag Lag na hUillinne. Tráthnóna Dé Luain an tríú lá, i dtrátha an ceathair a chlog, d ’ fhág siad Lag na hUillinne le dhul sa tóir ar na scadáin, an Radiant ar dtús, an Prominent ‘ na diaidh agus an Weal ansin. Bhí an aimsir go measartha, spéir ghlan agus an ghaoth aniar. Chuir an Prominent a cuid eangacha san fharraige Lag na hUillinne Alexander Main

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3