Guth Ghoill, Eagrán 46
Eagrán 46 Iúil 2013 5 cúpla míle amach ó cheann an Mhill Mhóir in aice le carraig a dtugtar an Limeburner uirthi. Bhí an charraig seo marcáilte le bulla feadóige (whistling buoy) ag an am, bulla a raibh feadóg feistithe de agus ba oibriú na dtonnta a shéid an fheadóg. Bhí an fheadaíl seo mar chomhartha do bhádaí coinneáil ar shiúl. Ach de réir cosúlachta cha raibh mórán maitheasa sa bhulla seo le linn drochaimsire mar nach raibh solas ar bith air agus bheadh sé deacair fuaim na feadóige a chluinstin thar bhúirtheach na dtonnta. An radharc dheireanach a fuair scipéir an Radiant, John Ralph, ar an Prominent bhí sí i ndiaidh Ceann an Mhill Mhóir a ghlanadh agus a cuid soilse lasta aici. Bhí seo i dtrátha leath i ndiaidh a cúig. Idir meán oíche agus a haon d ’ éirigh farraige throm ann agus ba timpeall an dó a chlog a fuarthas an radharc dheireanach den Prominent agus í ag cur a cuid eangach arís, cóngarach den Limeburner. Is ag Dia amháin atá fhios caidé a thit amach ina dhiaidh sin. Dé Máirt an ceathrú lá thosaigh raic a theacht i dtír - píosaí adhmaid agus deiric, agus ansin cúpla míle ar thaobh na Maoil Ruaidhe de Theach Solais Fhánada tháinig baoithe tarrthála (lifebuoys) ‘ na chladaigh agus marcáilte orthu bhí ‘’ Prominent, INS 599’’ Níl a fhios ag duine ar bith go cinnte agus cha bhíonn fhios a choíche caidé a tháinig den Prominent ach is cinnte go mbeidh a mbarúlacha fhéin ag cuid mhór daoine, mar a bhí ag an am, agus go háirithe ag páipéirí na linne sin in Éirinn agus in Albain. Ar an 6ú Feabhra a tháinig corp an mhadaidh i dtír agus d ’ aithin criú an Radiant é. Cuireadh é ar an chladach agus tugadh a choiléar ar ais go Burghead. Fuarthas beirt de na coirp ag tús mí Márta agus tá siad curtha in aice leis an bhalla i Reilig na Trionóide Naofa i gCarraig Airt. Dar ndóigh, de thairbhe na coirp a bheith an fhad sin san fharraige, cha raibh dóigh ar bith a dtiocfaí iad a aithint. Bhí coirp eile le feiceáil fá na carraigeacha fosta ach níodh amach ‘ na farraige iad sula bhfuarthas deis a dtabhairt i dtír. Is cinnte go raibh Burghead croíbhriste nuair a fuarthas scéala go raibh an bád caillte. De thairbhe na tubaiste seo fágadh seisear ban ina mbaintrí agus ocht bpáiste is fiche gan athair. Go ndéana Dia trócaire orthu uilig Eaglais na Tríonóide Naofa i gCarraig Airt
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3