Guth Ghoill, Eagrán 46
Eagrán 46 Iúil 2013 6 Siopa Bronntanais i gCarraig Airt Achan uair a thógann tú páipéar nuachta nó achan uair a chuireann tú air an teilifís, níl le feiceáil nó le cluinstin ach droch-scéalta faoin chúlú eacnamaíochta (recession) agus na gnóthaí go léir atá ag druidim síos. Mar sin, is deas an rud a bheith ábalta tuairisc a scríobh ar ghiota de dhea-scéal. Tá mé ag déanamh tagartha d’oscailt siopa ‘Joy’ i gCarraig Airt ar na mallaibh. Bhí Joy Buchanan í féin ag inse domh go raibh sé leath chéad bliain ó thosaigh sí ag obair d’Áine Bean Uí Bhuaidhe (Anne Gardiner) sa siopa ceimiceora sa bhliain 1962. Nuair a d’éirigh Bean Uí Bhuaidhe as an obair sa bhliain 1992, lean Joy agus a fear céile, Bobby ar aghaidh i ngnó na mbronntanas go dtí an bhliain 2012. Thuill siad an-cháil mar gheall ar fheabhas a dtáirgí agus déarfainn gur de dheasca na cáile seo a fuair na húinéirí úra an spreagadh le siopa bronntanais úr a oscailt i nduibheagán an chúlaithe eacnamaíochta . Cé hiad na húinéirí úra seo? Is greannmhar le rá nár casadh ar a chéile an bhean Albanach darbh ainm Rena Ní Dhochartaigh agus an bhean Sasanach, Lindsey Clarke, go dtí gur thosaigh an bheirt acu ar fhoghlaim na Gaeilge i rang Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sna Dúnaibh! Níl a fhios agam cá mhéad Gaeilge a d’fhoghlaim siad ach bhí cuar foghlama de chineál inteacht ag dul ar aghaidh mar d’fhoghraigh siad go raibh siad ag dul isteach i ngnó le chéile agus go raibh siopa ‘Joy’ á oscailt acu, rud a rinne siad ar an 15ú Márta i mbliana. ‘Nuair nach bhfuil rud briste, ná cóirigh é’. Seo an mana a lean siad agus dá bhrí sin, tá bronntanais den scoth le fáil arís sa siopa úr seo, Galánta Gifts . Tá idir seodra, cumhráin, potaireacht, criostal, obair ealaíne, pictiúir, leabhair, grianghraif, cártaí poist agus a lán, lán eile ar fáil ann. Tá luach agus margadh le fáil ann a ndéanfá siúl fada le teacht ar a mhacasamhail áit ar bit eile. Mar sin, guímid gach rath orthu agus bígí cinnte go dtugann sibh tacaíocht dó bhur siopa bronntanais áitiúil. Ó chlé: Lindsey Clarke agus Rena Ní Dhochartaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3