Guth Ghoill, Eagrán 46

Eagrán 46 Iúil 2013 7 Drámaíocht i Ros Goill Scríobhann Proinsias Ó Cuilinn dráma úr d ’ Aisteoirí Mhíobhaigh achan bhliain agus cuirtear na drámaí seo i láthair i gColáiste Ros Goill sna Dúnaibh roinnt uaireanta i rith na bliana agus in áiteacha eile fríd an tír. I mbliana chuir na haisteoirí an dráma grinn “ An Deoraí Dorcha ” i láthair don chéad uair ar an tSrath Bán ar 24 Márta agus ansin ag Féile Drámaíochta Chéim Aniar i gColáiste Ros Goill ar an 6 Aibreán. Cuireadh trí dhráma eile, le haisteoirí ó Charn Tóchair, ón Ómaigh agus ón tSrath Bán, ar an ardán ag an fhéile chomh maith. Bhí scaifte maith i láthair do na drámaí uilig agus bhain an lucht féachana an - sult agus pléisiúr as an deireadh seachtaine sin. Féile Drámaíochta Chéim Aniar 2013 Bronnnadh na nGradam Radharc as an dráma “ An Pota Anraith ” le hAisteoirí na gCopaleen, An tSrath Bán - Ann Mhic Conluain agus Gearóid Ó Deoráin Aisteoirí Charn Tóchair sa scéaldráma “ Mac na Baintrí ” Marion Mhic Cionnaith, Diarmuid Ó Maolchalláin, Emer Nic Cionnaith agus Ciara de Barra. Sos don tae! Ó chlé: Seán Ó Morónaigh (An Comhlachas Naisiúnta), Caoimhín Mac Giolla Uir (Aisteoirí na hÓmaí) agus Ann Mhic Conluain (Aisteoirí na gCopaleen). “ An Deoraí Dorcha ” le hAisteoirí Mhíobhaigh Brídín Mhic Uiginn, Seán Ó Dochartaigh & Fíona Pasoma. Beidh deis amháin eile an dráma grinn, “ An Deoraí Dorcha ” a fheiceáil ag an léiriú deireanach i g Colaiste Ros Goill , Dé Luain, 5 Lúnasa , ag toiseacht ag a 8 a chlog.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3