Guth Ghoill, Eagrán 46
Eagrán 46 Iúil 2013 8 Aisteoirí Mhíobhaigh Ar chúl, ó chlé: Tommy Clyde (Bainisteoir Staitse), Seán Mac Laifeartaigh, Stiofán Ó Sibhleáin, Aodh Mac Laifeartaigh, Proinsias Ó Cuilinn, Seán Ó Dochartaigh, Seán Mac Giolla Bhríde agus Daragh Mac Laifeartaigh. Chun tosaigh, ó chlé: Antain Mac Giolla Bhríde (Soilse), Seosamh Ó Cuilinn, Brídín Mhic Uiginn, Ailín Pasoma, Fíona Pasoma, Mícheál Pasoma agus Ann Marie Uí Shibhleáin. Ghlac Aisteoirí Mhíobhaigh páirt san Fhéile Náisiúnta Drámaíochta in Amharclann Chois Fharraige i gConamara at tús mí na Bealtaine agus d ’ éirigh leo dhá ghradam a bhaint i mbliana: Gradam Scríbhneoireachta do Phroinsias Ó Cuilinn agus Gradam Foirne. Rinneadh an dráma “ An Deoraí Dorcha ” a léiriú sna Dúnaibh cúpla uair ó shin agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Niamh & Gavin Ó Sibhleáin as an seó damhsa a chur siad i láthair roimh an dráma ar 30 Bealtaine. Proinsias ag glacadh gradaim ó Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich. Mícheál Pasoma ag glacadh gradaim ar son Aisteoirí Mhíobhaigh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3