Guth Ghoill, Eagrán 46

Eagrán 46 Iúil 2013 9 Na Tránna le Proinsias Ó Cuilinn Tá an t-ádh orainn i Ros Goill le háilleacht ár dtránna, Trá na nDúnaibh, Trá na Rosann, is Trá Mór. Is minic a dtarraingteacht molta thar lear, mar bíonn siad luaite i ngach cearn den domhan. * * * Tá tránna eile go flúirseach fán cheantar nach gcluinfí fá dtaobh díobh i ngnáth chomhrá; ach tá buanna dá gcuid fhéin ag na tránna céanna is b’fhiú aitheantas a thabhairt dófa gan amhras. * * * Tá Trá na Faiche Buí ‘gus Trá an Mhil Ghoirm ar an Mheall Mhór le Trá áille na hEorna; Luíonn cuid uisce na Maoile Ruaidhe ar Thrá Ghort na Luchóg is í go sásta ag amharc anonn ar Fhánaid. * * * Tá Bá Íochtair i bhfolach siar ó dheas ón Mheall Mhór, is a trá órga neadaithe ina hucht; Amharcann Gleann Úraí is a thrá ar aghaidh Chnoc na Sleá is ar Pholl na Gréine níos faide amach. * * * Ar thrá bheag Bhá Shéamais ba mhinic tráthnóna a chífeá páistí Dhún Dubháin ‘s iad ag snámh, B’iomaí trá eile ar a mbeadh an rud céanna, macasamhail Trá na Suathain le mallmhuir deas lag. * * * Tá Trá Dhumhaigh ansin againn gan foscadh, gan faoiseamh, í faoi ionsaí na dtonnta go síoraí. ‘Gus le Trá Loch an Arláín, is a’ Trá Bheag istigh san áireamh sin tránna Ros Goill daoibh go díreach. * * *

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3