Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 10 deireadh na seachtaine. Bhí cónaí air in áit a raibh Campbell Hall air, baile beag amuigh fán tír agus bhí post aige mar Chonstábla Baile (Town Constable) anseo. Ba iad na cúramaí a bhíodh air leis an phost seo ná a bheith ag coinneáil súil ar dhaoine a mbíodh easaontas nó achrann eatarthu. Bhíodh air a dhul ‘na cúirte in amanna le cásanna a shocrú agus a réiteach. Pósadh. I ndiaidh dó a bheith cúig bliana i Meiriceá phós sé Carol Nic Suibhne, bean a bhí ina banaltra. Ba i Meiriceá a thosaigh Danny agus Carol ag glacadh cúramaí altrama ( fostering ) orthu fhéin. Lean siad ar aghaidh ag altramú páistí i Meiriceá go dtí go dtáinig siad ‘na bhaile go hÉirinn. Bhí dhá bhliain is fiche caite ag Danny i Meiriceá nuair a shocraigh sé ar theacht ar ais ‘na bhaile 1979 agus chan cinneadh é a bhí furasta a dhéanamh mar go raibh dúil mhór aige i Meiriceá agus an cineál saoil a bhí acu thall. Bhí Maggie Cháitríona ag reáchtáil Oifig an Phoist i gCluain tSaileach i gcónaí nuair a tháinig Danny ‘na bhaile agus d’fhiafraigh sí de an rachadh sé i mbun Oifig an Phoist di mar go raibh sí fhéin ag dul siar in aois. Bhí Maggie ina colceathar ag máthair Danny. Reáchtáil sé fhéin agus Carol Oifig an Phoist i gCluain tSaileach go dtí gur druideadh é ocht mbliana ina dhiaidh sin. Carol ba mhó a bhí i mbun gnóthaí poist. Lena chois sin, go díreach mar a rinne siad i Meiriceá, rinne siad cuid mhór páistí a altramú anseo fosta. Tá Danny iontach bródúil as na páistí uilig a bhí acu, tá pictiúirí daoibh uilig le feiceáil ar an bhalla sa seomra suí. Beirt chlainne a bhí ag Danny agus Carol, sin Christine agus Dónall. Tá Christine pósta thíos i mBaile Chlár na Gaillimhe agus ceathrar clainne aici. Tá gnó slándála aici fhéin agus ag a fear céile. Iascaire a bhí in Dónall agus bádh é go tragóideach thíos i nGaillimh sna hochtóidí agus gan é ach sé bliana is fiche. Bás Carol. Ar an ochtú lá fichid de Bhealtaine 2008 fuair Carol bás go tobann. Cha raibh an tsláinte go maith sin aici ar feadh tréimhse roimhe sin ach tháinig a bás gan choinne. Bhuail an bás í thart fán haon déag a chlog agus bhí sí marbh sula bhfuair dochtúir ná sagart go dtí an teach. Déanann Danny í a chrothnú go mór i gcónaí. Tá teach breá ag Danny ina bhaile dúchais i gCluain tSaileach agus é ar a chompord. Macasamhail Joe tá an chuimhne go hiontach aige agus é lán de chuimhní, de scéalta agus de cheol. Cuideachta iontach. Chan amháin gur ceoltóir den scoth atá in Danny ach chum sé fhéin amhráin fosta agus ba é a chur an fonn leis an amhrán ‘The Bogs of Gáinne Mór’ a scríobh bean mhuinteartha dóibh as Dumhaigh, sin Gracie Ní Bhuaidhe. Ba í a scríobh fosta - ‘Dooey Grá Mo Chroí’ agus ‘The Road to Creeslough’. Bliain ó shin chaith Danny tréimhse san otharlann ach tháinig sé amach as sin go maith agus tá sé ar a sheanléim arís. Tá sé seacht mbliana le cois na ceithre scór ach tá an spiorad i bhfad níos óige ná an aois aige. Bíonn saol corrach ag an uile dhuine, thuas seal, thíos seal ach bhain Danny taitneamh mór as a shaol go dtí seo. Mar a dúirt sé fhéin - ‘chan athróinn a dhath de’. Tá súil agam go mbainfidh sé sásamh agus taitneamh mór as na blianta atá amach roimhe. Daniel, Danny, Carol May agus Christine Teach Danny i Meiriceá
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3