Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 11 Rugadh Frank ar an 23 Deireadh Fómhair sa bhliain 1943. Ba é Frank an duine ba sinne i gclann Phadaí Phadaí Mhanuis (Ó hOireachtaigh) a fuair bás i 1979 agus Threasa Nóra Bhuoy (Ní Ghallchóir) a fuair bás i 1991. Bhí cúigear clainne eile acu fosta, Padaí a fuair bás i 2003, Mark a fuair bás i 1947 agus é 3 bliana d’aois, Rosemary, Micheál agus Noreen. Macasamhail cuid mhór páistí san am sin chuaigh Frank a chónaí ag a mháthair mhór, Nora Bhuoy, agus a athair mór Padaí Mhicí Eoin (Ó Gallchóir) i Ros na Binne. As sin d’aistrigh siad go dtí an Machaire Beag. (Teach Fletcher a tugtar ar an teach sin anois). D’fhreastail Frank ar scoil Dhoire a’ Chasáin áit a raibh Jack Mac Pháidín mar mhúinteoir aige. Chuaigh sé go Gairmscoil Bhaile na nGallóglach ó 1956-1960 agus dí- reach ón scoil sin go bádchlós Mhíobhaigh i Lag na hUillinne áit a raibh sé ag obair go dtí go deachaigh sé isteach sna Gardaí. Bhí baint aige le cúrsaí drámaíochta sa cheantar seo ag an am sin fosta agus rinne sé drámaí le Rory Ó Gallchóir sa halla i gCarraig Áirt. Nuair a chuaigh Frank isteach sna Gardaí i Mí Feabhra 1964 bhí an traenáil ag dul ar aghaidh i bPáirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) i mBaile Átha Cliath agus ba é duine de na chéad earcaigh (recruits) a chuaigh go dtí an Teampall Mór, ba ansin a tógadh an lárionad úr do na Gardaí. Is i gcathair na Gaillimhe a thug Frank a sheirbhís mar Gharda i dtús báire agus chuaigh sé as sin go dtí An Cheathrú Rua, An Sciobairín, Sráid an Mhuilinn agus ansin go Coillte Mach i gCo. Mhaigh Eo. D’éirigh sé as a phost mar Gharda i gCaisleán an Bharraigh sa bhliain 1997. Phós sé Bríd Ní Oibicín ar an 14 Lúnasa 1967 i Ros Muc agus bhí cúigear clainne acu. Dee, Fi, Aoife, Gráinne agus Oisín. Bhí suim mhór ag Frank sa drámaíocht i gcónaí agus i gcúrsaí Amharclainne agus d’oibrigh sé le drámaí a bhí trí Bhéarla chomh maith leis na drámaí a bhí trí Ghaeilge. Bhain sé céim i Léann na hAmharclannaíochta amach ó NUI Maigh Nuad agus léirigh sé drámaí thart fríd an tír uilig. Bhí baint aige le lear cumainn drámaíochta ina am agus taobh amuigh de na hamharclanna sa tír seo, chuir sé drámaí i láthair i Meiriceá, sa Fhrainc, i Sasana agus i Korea Theas. Bhunaigh sé an ‘Whitethorn Theatre Group’ lena Frank Ó hOireachtaigh (1943 - 2013) Frank agus a aintín, Rosie Phadaí Mhanuis Frank sa phríomh - pháirt (an múinteoir scoile) le Peadar Ó Ceannabháin i radharc as an dráma “ Aistriúcháin ” le Brian Friel a léirigh Aisteoirí na Tíre i 1981.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3