Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 12 pháirtnéir Frankie agus bhain siad Craobh na hÉireann do dhrámaí aon ghníomh leis an dráma ‘The Time of the Whitethorn’ i 1988. Ó d’éirigh sé as a phost mar gharda d’oibrigh sé go lánaimseartha mar theicneoir in Ionad Ealaíne Linenhall i gCaisleán an Bharraigh. Toghadh é mar Chathaoirleach ar an Choiste Náisiúnta Drámaíochta sa bhliain 1993 agus tá sé soiléir go raibh meas mór ag na cumainn uilig ar fud na tíre ar Frank mar gur choinnigh sé an post sin don chuid eile dá shaol. Is mar fhear soilse ag na Féilte agus ag taispeántais drámaíochta áitiúla is mó a bhí aithne ag na haisteoirí sna cumainn air agus cha dtiocfadh leat fear níos cuidiúil a fháil, rud a thuigeann muid go maith anseo sna Dúnaibh. Fuair Frank bás ar an 22 Meán Fómhair i mbliana. Is cailleadh mór d’Aisteoirí Mhíobhaigh é bás Frank. Nuair a thosaigh muid ag cleachtadh don chéad dráma ‘Fear an Gheafta’ ag tús na bliana 2004 cha raibh sé ar intinn againn dul isteach san Fhéile Náisiúnta leis an dráma mar bhí muid go díreach ag iarraidh dráma trí Ghaeilge a dhéanamh don phobal. Labhair mé le Frank fá na soilse agus tháinig sé ar bord linn. Thug sé tacaíocht mhór dúinn ó thaobh léirithe agus bainistíochta stáitse de. Mhol sé dúinn dul isteach i gcomórtas An Chomhlachas Náisiúnta, rud a rinne muid agus dar ndóigh bhí muid sa chomórtas achan bhliain ó shin. Cha deachaigh muid ar stáitse áit ar bith nó in am ar bith taobh amuigh de na Dúnaibh gan Frank a bheith linn ag déanamh na soilse. Is cuma cá háit a bheas muid ar stáitse as seo amach beidh Frank linn inár gcroíthe. Déanfaidh muid é a chrothnú uainn go mór i mbliana. Ar dheis lámh Dé go raibh a anam uasal. Proinsias Ó Cuilinn Sa dráma, “ The Salvage Shop ” 2013 Ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 2013 i gConamara. Frank le hÁine Uí Chuill, Rúnaí an Chomhlachas Náisiúnta agus Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3