Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 13 Cuireadh DVD ar fáil ar na mallaibh darbh ainm ‘Glass Mountain’ agus déanann sé cur síos cuimsitheach ar scéal gainimh na Mucaise. Is é gaineamh silice atá i ngaineamh na Mucaise agus tá sé 99.5% glan. Dúradh go raibh sé den darna cháilíocht is airde ar domhan. In ainneoin seo a bheith ar eolas go forleathan, bhí iargúltacht an cheantair ina bhac ar fhorbairt d’aon chineál tionscail a lonnú ansin. Cé gur tháinig tionsclaíocht chuig na ceantair uirbeacha ar an chósta thoir ag tús an 20ú aois, ba cheantar tuaithe é Dún na nGall agus an chósta thiar, áit a raibh daoine ag iarraidh slí beatha a bhaint amach ar an fheirm, ar an phortach agus ar an fharraige. Ach bhí cúpla rud le tarlú a chuirfeadh athrú ar seo, áfach: Ar an chéad dul síos tháinig Iarnród Ailt a Chorráin, mar a thugtaí air, isteach fríd an Chraoslach sa bhliain 1905, ar a bhealach siar agus ansin bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach sa bhliain 1914. Níorbh fhada gur dhruid bombardaithe uafásacha an chogaidh an mhór- chuid d’fhoinsí traidisiúnta an ghainimh silice ar fud na hEorpa. D’fhág seo go raibh ráchairt ar ghaineamh na Mucaise agus anois le teacht an iarnróid, bhí bealach iompair leis an bhunábhar a chur chuig na calafoirt. Ba léir do Bam, tiarna talún na hArdaí, an deis ghnó a bhí os a chomhair agus d’infheistigh sé san innealra a bhí riachtanach agus mar sin cuireadh tús leis an obair. D’éirigh go maith leis an tionscadal agus tugadh fostaíocht a raibh géar-ghá léi do dhaoine a bhí ar an imeall i gceantar imeal- lach. Cuireadh go mór le clú na Mucaise le dea-cháil an ghainimh a bhain na mianadóirí as sleasa an tsléibhe. Tugadh an gaineamh chuig stáisiún an Chraoslaigh i dtrucailí capaill agus b’éigean do na fir é a shluaisteáil isteach sna trucailí iarnróid an- sin. Théadh sé chuig na calafoirt ar an iarnród. Deirtear gur olc an ghaoth í nach séideann maitheas do dhuine inteacht ach tá a mhalairt fíor fosta: Cé gur fháiltigh na milliúin roimh dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, faraor! ba é a d’fhógair deireadh le tionscail an ghainimh ar an Mhucais, go sealadach ar a laghad. D’oscail claiseanna gainimh na hEorpa arís i ndiaidh an chogaidh agus níorbh é fuaim an innealra ach macalla na bhfaoileog a bhí le cluinstin thart fá Chnoc a’ Tí agus an Mhucais arís. Bhí an meath seo le mairstin ar feadh tríocha bliain ach arís, ba é cogadh domhanda a chuirfeadh tionscal gainimh na Mucaise ar a bhonnaibh uair amháin eile. Bronnadh ceadúnas mianadóireachta Stáit ar chomhlacht darbh ainm Mianraí Éireann Teoranta (Irish Minerals Ltd.) sa bhliain 1940 agus arís ceannaíodh trealamh úr agus fostaíodh baicle fear, suas le tríocha cloigne, le dul i gceann oibre. Scéal na Mucaise Stáisiún Traenach an Chraoslaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3