Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 14 Ba obair mhaslach láimhe a bhí ann leis an ghaineamh a bhaint ó thaobh an tsléibhe le piocóid agus sluasaid. Bhí lá fada trom ag na hoibrithe mar thosaigh leoraí amháin á dtógáil ón Chaiseal ag droichead an Leacaigh ag 7.30 r.n. agus leoraí eile á dtógáil ag Doire Uí Fhríl agus Dún Fionnachaidh thart fán am chéanna. B’éigean d’achan fhear brosna nó píosa adhmaid a bheith leis agus é ag dreapadh suas an tsléibhe, turas a ghlac idir 20 bomaite agus leathuair. Stróc siad leo i rith an lae ansin, le dhá thréimhse sosa, ag nóin agus ag a 4.00 i.n. go dtí gur chríochnaigh siad ag 5.00 i.n. sa gheimhreadh agus 7.00 i.n. an chuid eile den bhliain. Lódáladh an gaineamh isteach in sleamhnán (chute), áit a níodh é sular cartadh é isteach sna leoraithe. Tugadh ansin é go céidh na hArdaí agus fágadh ansin é gur tháinig an bád ó Learpholl chun é a thabhairt go Sasana. In amanna, bhí éileamh chomh mór sin ar ghaineamh na Mucaise gur chuimhin le daoine trí bhád de chuid Pilkington bheith i gCuan na Long ag an am chéanna, ceann ag céidh na hArdaí, soitheach ar ancaire amach ó bháigh na hArdaí agus an tríú soitheach ag céidh na nDúnaibh! Bhí ar na fir ola agus geilignít a iompair suas an sliabh chomh maith agus bheadh sé doiligh a shamhlú cad é a dhéanfadh na húdaráis Sláinte agus Sábháilteachta de seo! Is cuimhin le Dónall Mac a Bháird, fear de na hoibrithe ó Dhroim na Rátha, atá beo beathach go fóill, an mhaidin a leagadh síos na lánáin phléascacha (explosive charges), réidh le bleaisteáil i ndiaidh am lóin. Chuaigh na fir isteach sa bhothán lena gcuid a dhéanamh agus bhí siad ina suí ansin go suaimhneach nuair a réabadh an spéir le tormán uafásach agus thosaigh na carraigeacha móra ag titim agus ag scairdeadh anuas ar mhullach an bhotháin! Shíl Dónall agus a chompánaigh ní amháin go raibh deireadh leofa-san ach gurb é deireadh an domhain a bhí ann! Ach caithfidh sé go raibh díon breá daingean ar an bhothán mar níor gortaíodh éinne agus ní fios go fóill cé a phléasc na lánáin agus ní dóiche go bhfaighfear amach anois é a choíche. Luadh an obair mhaslach agus na droch- choinníollacha oibre a bhí ag na fir cheana féin agus mar shampla dá leithéid, bhí tuarastal lae na bhfear ag brath go hiomlán ar an aimsir. I bhfocla eile, dá mbeadh sé ag stealladh baistí i rith an lae, bhí orthu dul leath-bealaigh suas an Mhucais agus shuíodh siad sa bhothán i rith an lae agus thagadh siad anuas tráthnóna gan fiú leathphingin rua le taispeáint fána choinne! Chuir siad suas leis ar feadh tamaill ach i ndeireadh na dála, caithfidhse gur chuir siad an brú ar na polaiteoirí mar ar an 3 Márta, 1949 cuireadh ceist i nDáil Éireann faoi chás na n-oibrithe ar an Mhucais agus faoin droch-nós seo. Cé nár réitíodh an cheist ag an am sin, thángthas ar réiteach ní ba mhoille. Arís, chuir deireadh an chogaidh deireadh le tionscal an ghainimh ar an Mhucais cé gur lean sé ar aghaidh go dtí 1954. In ainneoin iarrachtaí é a athbheochan arís sna naoi déag seascaidí, níor éirigh leo. Is féidir cuid den sean-trealamh a fheiceáil ann go dtí an lá ata inniu ann ach níl fágtha anois ach caoirigh agus taibhsí ar shleasa na Mucaise. Caoimhín Mac a’Bháird
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3