Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 15 Tháinig baicle de mhuintir Fhánada le chéile i rith an gheimhridh anuraidh agus earrach na bliana seo agus iad ag obair go cruaidh le curaí a thógáil. Bhí idir óg agus aosta, fhir agus mhná i mbun na hoibre seo. Bhí comhoibriú agus craic iontach ann achan oíche, daoine ag cuidiú le chéile, ag cur comhairle ar a chéile, ag gearradh, ag tomhais, ag cruthú agus ag comhrá, gan labhairt ar an tae agus na ceapairí a cuireadh ar fáil achan oíche. San Atlantic House a bhíodh an obair seo uilig ag dul ar aghaidh agus bhí muintir an tí sin fial agus flaithiúil i dtólamh. Tháinig an lá mór ar an Domhnach, an 23ú lá de Mheitheamh nuair a coisreacadh na curaí uilig agus seoladh chun farraige iad den chéad uair. Lá mór i saol mhuintir Fhánada agus toradh a saothar le feiceáil ar snámh ar bharr na dtonnta agus fá bhruach na trá. Seo cúpla pictiúr agus na saoir curaí i gcionn a gcuid oibre le dúthracht agus le díogras agus fosta cúpla pictiúr den lainseáil. Nóirín Goulding Curaí Fhánada
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3