Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 16 Bhí oíche den chéad scoith againn ar an Aoine, 11 Deireadh Fómhair nuair a chuir ceoltóirí, damhsóirí, amhránaithe agus filí aitheanta an seó ab fhearr a bhí againn ariamh i láthair in Óstán na Trá sna Dúnaibh. Chuir na ceoltóirí áitiúla, Caoimhe Ní Mhaoileoin agus cairde, Sorcha Ní Chuilinn agus Deirdre Ní Chuilinn tús leis an chlár le cúpla port bríomhar beomhar agus sin mar a lean an oíche. Cuireadh fáilte mhór roimh Chlann Mhic Ruairí, sin Tony, Aodh, Seán, Dónall agus Megan, as Rann na Feirste, a chuir seó iontach i láthair. Bhí cúpla taispeántas dam- hsa galánta le Sinéad agus Eilís, iníonacha Chaoimhe agus le Niamh agus Gavin Ó Sibhleáin a tháinig as Leitir Ceanainn. Léigh an Sorcha Ní Chuilinn, Deirdre Ní Chuilinn agus Caoimhe Ní Mhaoileoin Dónall, Seán, Tony agus Aodh Mac Ruairí Megan Nic Ruairí file, Colette Ní Ghallchóir, roghnú dá cuid dánta féin agus rinne Laura Pasoma an dán “Maggie” dán de chuid Proinsias Ó Cuilinn a aithris. Tháinig Eunan Ó Gallachóir le chéile le Caoimhe & Cairde fá choinne cúpla port eile agus bhí cúpla amhrán deas againn ón cheoltóir áitiúil, Dónall Mac Daibhéid. Tháinig an grúpa ceoil “In Their Thousands”, atá i mbun oibre ar a gceathrú taifeadadh faoi láthair, isteach chugainn fosta roimh dheireadh na hoíche agus thug Clann Mhic Ruairí an seó chun críche mall san oíche i ndiaidh trí nó ceithre iarraidh ón lucht éisteachta orthu “amhrán amháin eile” a cheol. Ba mhaith le Céim Aniar buíochas ó chroí a ghabháil le achan duine a ghlac páirt san oíche. Colette Ní Ghallchóir Gavin Ó Sibhleáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3