Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 17 Ghlac os cionn céad dalta scoile páirt arís i mbliana sa chomórtas filíochta a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh ar an Satharn, 7 Nollaig. Tá moladh mór tuilte ag na páistí uilig a ghlac páirt agus ag na múinteoirí agus na tuismitheoirí a chuidigh leo. Tá an caighdeán ag dul i bhfeabhas achan bhliain. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Finola Harte, le Michelle Nic Grianna agus le Seán Mac Ruairí a rinne an mholtóireacht, le Meitheal Mhíobhaigh as an fhoirgneamh a chur ar fáil dúinn agus le duine ar bith a chuidigh linn ar an lá. Ar chlé tá buaiteoirí comórtas na Naíonáin: Meadhb Ní Chonaill , Céim Aniar (An chéad áit - Corn Leaslaoi U. Lucas), Gavin Mac Giolla Bhríde , Scoil Cholmcille, Duibhlinn Riabhach (An dara háit), Aoibhe Ní Chuinn , Scoil Cholmcille, Cill Mhic nÉanáin agus Róisín Ní Fhíoruisce , Scoil Ghlasáin, An Craoslach, (An tríú háit roinnte). Sa phictiúr fosta tá Michelle Nic Grianna agus Seán Mac Ruairí, moltóirí an chomórtais. Niamh & Gavin Ó Sibhleáin Laura Pasoma Sinéad & Éilis Ní hEarra In Their Thousands Dónall Mac Daibhéid

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3