Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 21 Tá Feadaímó agus Micí istigh i gcoill i bhFear Mánach. Tá dhá lá caite acu anseo. Micí ag iascaireacht san abhainn agus Feadaímó ag seilg lena thabhall fá choinne ioraí rua. Tráthnóna an darna lá chonaic sé fia ag siúl go deas suaimhneach síos i dtreo na habhann agus thóg sé an chloch is mó a bhí aige óna phóca. Lean sé an fia go dtí gur chrom sí a ceann le deoch a fháil. Luasc sé an tabhall thar a cheann agus é ag fanacht uirthi a cloigeann a thógáil. Caithfidh gur chuala an fia fuaim an tabhaill agus d ’ amharc sí thart. Scaoil Feadaímó an chloch uaidh agus bhuail sé í idir na súile. Thit sí go tobann isteach san abhainn agus léim Feadaímó isteach ina diaidh. Cha raibh an t - uisce domhain istigh in aice an bhruaigh agus thóg sé í amach gan buaireamh ar bith. Tharraing sé í isteach sa choill agus cheangal sé an dá chos deiridh. Fuair sé téad na lárach agus chroch sé an fia in airde ar chrann. Fuair sé a scian ansin agus chuaigh sé i mbun oibre a feannadh. Tamall ina dhiaidh sin tháinig Micí a chuardach. “ Bhail, amharc seo, ” arsa Micí agus é ag amharc ar an fhia mhór. “ Tá Fionn Mac Cumhaill i ndiaidh theacht ar ais. ” “ Stad den amaidí, a Mhicí, agus cuidigh liom, tá oiread feola anseo againn is a choinneodh muid ag dul ar feadh míosa. ” “ Tá an ceart agat ansin, a Fheadaímó, ach níl salann ar bith againn agus ghlacfadh sé cúpla lá eile leis an fheoil a leasú leis an ghrian. ” “ Tá a fhios agam, ” arsa Feadaímó, “ ach sílim gurbh fhiú sin a dhéanamh anois. Cha bheadhas muid ag brath ar dhuine ar bith eile i dtaca le cothú de go bhfaigheadhas muid a fhad leis an bhád i nGaillimh. . Seo, ” a dúirt sé, agus é ag tabhairt an chraicinn do Mhicí. “ Cuir sin isteach i bpoll, áit nach dtiocfaidh duine ar bith air mar chan róshásta a bheadh na bodaigh mhóra dá bhfaigheadh siad amach go raibh na tuathánaigh ag déanamh seilge ar a gcuid tailte. ” Ghlac Micí an craiceann agus cheangail sé é ina chnapán. “ Is mór an trua, ” a dúirt sé, “ nach bhfuil faill againn seo a leasú fosta. Dhéanfadh sé clóca ar dóigh don fhearthainn. ” “ Níl neart air, ” arsa Feadaímó, agus é ag gearradh na feola. “ Bailigh slatacha saileoige agus triomóidh muid an fheoil seo amárach sa réiteach sin ina bhfuil na capaill. ” Trí lá eile ina dhiaidh sin bhí siad réidh le himeacht. Bhí an capall ballach ualaithe leis an fheoil agus leis na bric thirime. Bhí Feadaímó ar an stail agus Micí ar an láir agus thug siad aghaidh ó dheas. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch an lá seo ach bhí neart foscaidh acu istigh faoi na crainn. Thug siad beart leathan do thithe ar bith a chonaic siad cé go bea botháin a bhí sa chuid is mó acu. Corruair chuala siad madadh ag tafann rompu agus thiontódh siad soir no siar cibé cén treo ab fhearr dóibh le coinneáil amach as an chosán. Bhí an cineál seo turais fadálach ach ar an tráthnóna den tríú lá stad siad ar bhruach locha a bhí mór agus leathan. “ Caithfidh go bea sin Loch Éirne ,” arsa Micí, agus mar a tchíonn tú fhéin níl an bruach eile le feiceáil. Chan le snámh a rachas muid ó dheas ó seo. ” “ Tá i bhfad a bharraíocht tithe thart anseo, ” arsa Feadaímó, “ go háirithe ag amharc soir. Bád ar bith atá le feiceáil níl siad mór go leor leis na capaill a chur iontu agus níl mise ag iarraidh iad a chailleadh. Glacfaidh sé cúpla lá ach rachaidh muid siar go mbuailfidh muid leis an chósta i dTír Chonaill. Ar a laghad is daoine cosúil linn fhéin a bheas ina gcónaí ansin. ” “ Nach síleann tú go mbeidh sé contúirteach duitse dul ar ais i measc na gConallaigh ,” arsa Micí “ Cha shílim é, tá muid fada go leor ó dheas anseo agus má théann muid díreach siar níor chóir dúinn a bheith rófhada ó Chonnacht. Sin ráite tá sé rómhall le toiseacht anois. Rachaidh muid ar ais isteach sa choill agus déanfaidh muid campa. Tá lá fada dul a bheith romhainn amárach. ” Bhí siad ina suí ag an tine an oíche sin agus neart den fheoil thirim a chogaint acu nuair a labhair Micí. “ Ar amharc tú ort fhéin le tamall, a Fheadaímó. ” D ’ fhan Feadaímó go raibh an píosa feola a bhí ina bhéal slogtha aige sula dtug sé freagra. “ Bhail anois, caithfidh mé a rá nach bhfuair mé mórán de dheis sin a dhéanamh le gairid. Bhí rudaí i bhfad níos tábhachtaí agam le déanamh. Anam a choinneáil le corp duine acu. Tá a fhios agat fhéin go bhfuil arm an Rí ag iarraidh mo mhuineál a shíneadh le rópa agus tá cuid de na feirmeoirí móra mo chuardach. Scaoilfeadh siad mé chomh tapaigh is a scaoileadh siad francach. Cad chuige an bhfuil tú ag cur ceiste mar sin orm? ” “ Mar tá an bheirt againn mar an gcéanna, ” arsa Micí. “ Tá na héadaí atá orainn stróicthe, stiallta, salach agus má chasann muid le duine ar bith, aithneoidh siad lom díreach nár chóir dár leithéid a bheith ag mar- caíocht ar na capaill atá linn. ” D ’ amharc Feadaímó ar a chóta. “ Tuigim an rud atá tú ag rá, ” a dúirt sé. “ Cheannófá feirm bheag agus trí bhó ar luach na staile amháin. Caithfidh muid a bheith cúramach go díreach. ” “ Cha shílim go mbeidh sin maith go leor, ” arsa Micí. “ Chan trí choillte a bheas muid ag taisteal ó seo amach. Casfaidh muid le daoine nó ar an drochuair leis na hÚdaráis idir seo agus Gaillimh agus sin a bhfuil dó. Níl tusa ag iarraidh na capaill a chailleadh is níl mise ach oiread. Tá an turas atá romhainn rófhada. Bheifeá thusa breá ábalta siúl rith an bhealaigh ach chaith mise blianta i gcabhlach an Rí agus chan mórán siúil a níonn tú ar na bádaí. Mar sin de caithfidh muid glanadh suas agus éadaí na huaisleachta a fháil dúinn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3