Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 22 fhéin sula dtéann muid a dhath níos faide. Gléasta mar sin ní thabharfaidh duine ar bith aird orainn. ” “ Deacair is eile is mar a bheadh sé dúinn sin a dhéanamh, ” arsa Feadaímó, “ má labhraíonn duine ar bith linn beidh muid san fhaopach cibé. ” Thosaigh Micí ag labhairt mar a bheadh duine den uaisleacht é. “ Ó, I don ’ t ’ know about that old chap, I do believe we could make a very good show of it. ” Phléasc Feadaímó amach ag gáire. “ In ainm Dé, cad é ’ n dóigh....Bhris Micí isteach air agus é ag gáire fosta. “ Sin an caitheamh aimsire a bhí agamsa ar na bádaí, a ghasúir. Bhí go leor de na hoifigigh a labhair mar sin agus iad ag dul thart lena gcuid srón san aer acu. Má chasann muid le duine ar bith is mise an Captaen George Armstrong, tá mé ag taisteal go Gaillimh le ceannas a ghlacadh ar long de chuid an Rí. Is tusa mo Second Mate. Níl an Béarla go rómhaith agatsa ach tá neart Gaeil sa chabhlach is glacfaidh siad le sin. Ó seo amach caithfidh mé tamall achan lá ag foghlaim Béarla duit agus na téarmaí a bheadh in úsáid agat ar bhád. Is é an chéad cheann ná ‘ Aye, aye Captain. ’ An bhfuil sin maith go leor? “ Aye, aye Captain, arsa Feadaímó. “ Anois, níl le déanamh agat ach na héadaí a fháil. Ní bheidh sé deacair éadaí a fháil domhsa, arsa Micí, ach duitse, sin ceist eile. Tá tusa chomh mór le beirt fhear agus tá mé den bharúil go mbeidh táilliúir a dhíobháil le tusa a ghléasadh. ” Thóg sé mála óir Feadaímó agus chaith se é chuige. “ Cosnóidh sé airgead duit na héadaí a fháil ach tá neart de sin agat sa mhála. ” “ Tá muid ar an bhealach le tamall anois, a Mhicí, ” arsa Feadaímó, “ agus char chas muid le táilliúirí ar bith. Seo an rud a mholaimse. Fágfaidh mé tusa anseo leis na capaill agus rachaidh mise ar lorg táilliúra. Caithfidh go bhfuil baile mór áit éigin n thart anseo. ” Sheas Micí agus é ag smaoiteamh. “ B ’ fhéidir nach mbeadh ort dul chomh fada le baile mór, a Fheadaímó, ” a dúirt sé. “ Tá neart táilliúirí ag obair ina gcuid tithe fhéin faoin tuath. Níl le déanamh ach fios a fháil fá cá bhfuil siad. Agus le sin a dhéanamh caithfimid ceist a chur ar dhuine inteacht agus is mise an fear is fearr le sin a dhéanamh. Anois, tá léine amháin fágtha i mo mhála nach bhfuil stróicthe agus tá sé glan go leor. Rachaidh mé síos a fhad leis an abhainn is glanfaidh mé m ’ aghaidh. ” Le sin chuala siad daoine ag caint agus iad ag teacht an bealach sin. Fuair Feadaímó greim ar théad na staile agus tharraing sé é amach as an talamh. Bhí Micí ag déanamh iarrachta an tine a mhúchadh ach bhí siad rómhall. Shiúil triúr fear isteach sa mhullach orthu. Bhí fear amháin acu ard agus caol le féasóg mhór rua air. Cha raibh an fear i lár báire chomh ard leis ach bhí sé láidir i gcosúlacht. Bhí sé maol agus bhí neascóid mhór faoin chluas aige. Fear beag bacach a bhí sa tríú fear ach bhí clisteacht ina aghaidh. Bhí coiníní agus ioraí rua crochta thart ar mhuineál achan fhear. Stad achan duine go tobann. D ’ amharc an triúr ar an bheirt agus thosaigh siad ag cúlú. D ’ aithin Feadaímó gur póitseálaithe a bhí iontu. “ Stad ” a dúirt sé, agus tharraing sé a ghunna. Tharraing Micí a ghunna ó dhiallait na lárach agus dhírigh sé é ar an triúr. “ We ’ re sorry Lords, ” arsa an fear bacach. “ We... ” Lig Feadaímó scairt as. “ Druid do bhéal. Taraigí isteach anseo cóngarach don tine agus suígí síos. Caith uaibh na coiníní sin, chan libhse iad. ” Bhail, second mate, ” arsa Micí, nuair a bhí an triúr ina suí, “ Cuma go bhfuil baicle póitseálaithe againn anseo. Déarfainn go mbeidh airgead le fáil anseo má thabharann muid na boic seo a fhad leis an teach mór. Chan róshásta a bheas an Tiarna talún nuair a tchíonn sé an cineál slada a rinne siad ar na coiníní bochta, go hairithe i lár an tsamhraidh. Mar a deir siad sa Bhéarla, ‘ only pot rabbit when ‘ r ’ in month. ’ Nár chuala sibh sin ariamh, a fheara? ” “ Crochfaidh siad muid, ” arsa an fear bacach. “ Tá teaghlaigh againn agus níl plaic le cuir ina mbéil acu ach prátaí. Chan fheiceann siad greim feola de chineál ar bith is cuma cé acu a bhfuil ‘ r ’ sa mhí nó nach bhfuil. Is Gaeil sibh fhéin, cad chuige a ndéanfá sin orainn? ” Chuir Feadaímó síos a ghunna agus thóg sé mála d ’ fheoil thirim an fhia ó dhroim an chapaill bhallaigh. “ Seo chugaibh, ” a dúirt sé agus chaith sé an mála chuig an fhear bhacach. “ Thig libh sin a thabhairt na bhaile libh, agus sula gcuireann tú an cheist, cha raibh cead againne an fia a mharú ach oiread. ” Thug an fear píosa feoil don bheirt eile agus thosaigh sé ag cogaint píosa é fhéin. “ Cad é fá na coiníní? ” arsa an fear rua. “ Tabharaigí iad sin libh fosta, ” arsa Feadaímó, “ tá neart feola againne anseo. Ach, ba mhaith liom dá ndéanfadh sibh gar beag amháin dúinn sula n - imíonn sibh. Tá táilliúir a dhíobháil orm, an bhfuil aithne ar bith agaibh ar fhear acu a choinneodh a bhéal druidte? ” “ Tá táilliúir i nGleann an tSeabhaic ” arsa an fear maol. “ Condaí, atá air, ná bíodh eagla ort fá na hÚdaráis maidir le Condaí de. Ghlac beirt mhac dena chuid scilling an rí agus cailleadh iad ag troid in éadan Napoleon. Tá mac eile sa chabhlach go hiomlán in éadan a thola agus níl fágtha anois aige ach iníon amháin. ” “ An dtiocfadh leat iarraidh air theacht anseo? ” Arsa Feadaímó. D ’ amharc an fear maol ar Fheadaímó agus chroith se a cheann. “ Tá eagla orm nach dtarlóidh sin, ” a dúirt sé. “ Níl ag Condaí ach cos amháin agus cé gur táilliúir den scoth é, caithfidh a chuid custaiméirí dhul chuige. ” “ Rud a níonn neart acu, ” arsa an fear bacach agus sheas sé. Is Eoin atá ormsa, a dúirt sé, níl a fhios agam cé thú nó cérbh as thú. Níl a fhios agam cad chuige a bhfuil tú i bhfolach sa choill agus is cuma liom. Is col seisear domhsa é Condaí agus bhéarfaidh mé tú chuige anois. Thig leis an bheirt agaibhse dul na bhaile agus an baisc coiníní is uile libh. Sheas an bheirt acu agus thóg siad na coiníní agus na hiorraí rua agus chroch siad thart ar a muiníl iad. Bhí lód trom acu anois mar nach raibh ach beirt acu ag iompar ach bhí siad breá láidir agus d ’ imigh siad leo soir fríd na crainn. “ Rachaidh muidinne an bealach seo, arsa Eoin, agus é ag díriú a mhéar siar. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3