Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 3 Cluain tSaileach (ar leanstan) Muintir Mhic Daibhéid. (Muintir Shéarlaí Phaidí). Tá teach Joe Mac Daibhéid nó Joe Ghracie mar is fearr aithne air suite ar an taobh thuas de theach mhuintir Phaidí Mhór agus cóngarach don Síbín Ceoil i gCluain tSaileach. Ba seo an teach a thóg a athair Dónall Shéarlaí Phaidí nuair a pósadh é, an teach inár thóg sé fhéin agus a bhean chéile, Gracie Frank as Dumhaigh, a gclann. Ba é a rinne an obair thógála ar fad. Sular pósadh Dónall bhí cónaí air i dteach a mhuintire; tá an teach beag glan ordúil seo ansin go fóill, ar chúl a thigh fhéin. Is lena mhac Danny an teach seo anois. Roimhe sin bhí cónaí ar mhuintir Mhic Daibhéid nó muintir Phaidí ar an taobh eile den bhealach mhór os comhair an tsiopa a bhí ag Maggie Cháitríona. Triúr de theaghlach a bhí ag Paidí ‘Ac Daibhéid, beirt mhac agus iníon - Chéarlaí, John agus Máire. Chéarlaí ‘Ac Dáibhíd (Chéarlaí Phaidí). Rugadh Chéarlaí i gCluain tSaileach 1848. Bhí sé pósta ar bhean a raibh Gracie Ní Ghallchóir uirthi as Cluain tSaileach fosta. Bhí seisear clainne acu: Paidí (1886), Dónall (1888), Chéarlaí (1890), John (1892) Máire (1894) agus Annie (1897). Cha raibh Paidí, Annie ná Máire pósta, chaith siad a saol ina gcónaí ansin sa teach inár tógadh iad ann i gCluain tSaileach. Bhí aithne agam fhéin ar Phaidí mar gur ghnách leis cuairt a thabhairt ar chomharsa de mo chuid, ba sin Padaí Mac Giolla Bhríde, (Padaí Fenny) i gCeann na Leargaí. Bhí Paidí Fenny pósta ar cholceathar de chuid Phaidí Shéarlaí Phaidí, ba sin Máire John Phaidí. Fear beag suaimhneach socair nach mbainfeadh do dhuine ar bith a bhí in Padaí. Bhí Chéarlaí pósta thíos i nDoire a’Chasáin ar Sophie Ní Ghrifín nó Sophie ‘n Mháistir mar ab fhearr aithne uirthi. Bhí duine amháin clainne acu, girseach a raibh Máire uirthi. Bhí sí pósta sna Gleanntaí ar Micí Quinn ach ar an drochuair fuair sí bás óg. Bhí aois mhór ag Chéarlaí Phaidí nuair a fuair sé bás i 1943, é cúig bliana déag le cois na ceithre scór. Cha dtig a rá gur saol sochrach ba chúis lena shaol fada mar gur ghnách leis fhéin agus lena mhacasamhail san am sin a dhul anonn go hAlbain achan bhliain leis an fómhar a bhaint. Ba ghnách lena chomharsa béal dorais Donchadh Mhícheáil a dhul anonn fosta. Bhíodh corrán le achan fhear acu faoina ascaill; shiúlfadh siad go Rath Maoláin, bád farrantóireachta go Fathain agus de shiúl na gcos arís as sin go Doire leis an bhád a fháil. Smaoinigh ar an siúl fada a bhí le déanamh acu ar an taobh eile agus ansin an séasúr a chaitheamh sna páirceanna móra sin a bhí fá Ayrshire, cromtha le corrán lá i ndiaidh lae agus gan deis scíste acu ach amháin nuair a bhíodh faobhar acu le cur ar na corráin. Agus gan de luach saothair as seo uilig ach £7 agus ba seo an méid ba mhó a shaothraíodh siad. Théadh siad go dtí an fheirm chéanna achan bhliain agus bhíodh siad ‘na bhaile fá Shamhain. John ‘Ac Daibhéid (John Phaidí). Rugadh John Phaidí, deartháir le Chéarlaí timpeall na bliana 1845. Bhí sé pósta ar Fenny Nic Giolla Chearra agus bhí seachtar clainne acu: Pádraig (1889), Máire (1890), John (1895), Gracie (1894), Hannah, Chéarlaí agus Nóra. Bhí cónaí ar Phádraig amuigh ar chúl an chnoic agus bhí sé pósta ar Annie Ní Ghallchóir, iníon le Jamie agus Sarah Ghallchóir as Cluain tSaileach. Bhí na trí cloigne déag de chlann Teach Annie Shearlaí Phaidí Annie Shearlaí Phaidí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3