Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 4 acu. Bhí Máire, mar a luaigh mé níos luaithe, pósta ar Phadaí Mac Giolla Bhríde (Padaí Fenny) i gCeann na Leargaí agus bhí an chloigeann déag de theaghlach acusan. Tá duine acu beo go fóill, sin Padaí atá ag tarraingt ar na deich mbliana agus ceithre scór. Bhí Hannah pósta ar Phadaí Mac Giolla Bhríde (Padaí Mhadgie) thíos i nGleann Úraí agus bhí ochtar clainne acu – Máire, Chéarlaí, Rosie, Micheál, Dinis, Madgie, Padaí agus John. Tá Rosie beo go fóill thall i Sasana. Bhí Gracie pósta ar Johnny Ó Sibhleáin (Johnny Phártholáin) agus bhí cónaí orthu i gCluain tSaileach. Ochtar clainne a bhí acu - Fanny, Padaí, Agnes, Máire, Bríd, Treasa, Anne agus Hannah. Bhí beirt acu pósta go háitiúil, Fanny ar Phadaí Mac Giolla Bhríde (Padaí Ghráinne) ar an Raplach agus Treasa pósta ar Jimí Beag Mac Giolla Bhríde (Jimí Dhonchaidh Mhícheáil) i gCluain tSaileach. Máire Nic Daibhéid (Máire Phaidí) Bhí Máire Phaidí pósta ar Bhrianaí Mac Giolla Bhríde (Brianaí Chonchúir) i mBaile ‘n tSléibhe agus bhí ceathrar clainne acu, Donchadh, Máire, Nochaí agus Padaí. Bhí iníon le Nochaí, sin Maggie, pósta ar Neety MacLaifeartaigh (Neety Phádraig Den) i nDumhaigh. Cha raibh clann ar bith acu. Bhí Padaí pósta ar Ghracie Nic Laifeartaigh (Gracie Bhoy) as an Bhaile Úr. Bhí trí cloigne déag de chlann acu. Bhí aithne mhaith ar mhac amháin dá gcuid agus ba sin John Ghracie Bhoy, a raibh cónaí air fá na Dúnaibh ar feadh blianta fada agus a fuair bás roinnt blianta ó shin. Is cosúil go bhfuair Máire bás óg mar nach bhfuil sí le fáil ar dhaonáireamh na bliana 1901 ná 1911. Dónall Shéarlaí Phaidí agus Gracie Frank. Mar atá luaite thuas bhí Dónall Shéarlaí Phaidí pósta ar Ghracie Ní Bhuaidhe (Gracie Frank) as Dumhaigh. Mar a bhí coitianta ag an am thóg siad clann mhór, naonúr ar fad, cúigear gasúr agus ceathrar girseach - Bhí Gracie, John, Chéarlaí, Paidí, Danny, Máire, Joe, Hannah agus Bidí ann. Fuair Bidí bás ina tachrán, cha raibh sí mórán le sé mhí. Macasamhail na bhfear eile thart fán cheantar seo ag tús an chéid dheireanaí bhí an fharraige agus an iascaireacht lárnach ina shaol. Ba seo le linn tréimhse iascaireachta sna Dúnaibh nach bhfuil fágtha de anois ach na cuimhní. An bád ba mhó a bhí luaite le muintir Shéarlaí Phaidí ná an ‘Daylight Star’. ‘Daylight Star’. Tógadh an ‘Daylight Star’ in Sandhaven baile beag in aice le Aberdeen ar chósta thoir na hAlban sa bhliain 1912-1913, céad bliain ó shin. Bhí sí os cionn trí fichid troigh ar fhad. Chosain an bád agus an t-ineall a cuireadh inti £1,278, airgead mór ag an am. Ba as ceantar Chionn Caslach an chéad chriú a ghlac seilbh ar an bhád i 1913. Ligeadh ar shiúl iad i mí Lúnasa 1914 agus ba chriú as na Dúnaibh a chuaigh uirthi ansin - muintir Mhic Daibhéid. Bhí Dónall agus Padaí Shéarlaí Phaidí, John John Phaidí, colceathracha as Baile ‘n tSléibhe, Nochaí agus Padaí Bhrianaí Chonchúr comh maith le Micheál MacLochlainn as Míobhaigh ar an chriú. Shocraigh siad go ndéanfadh siad an bád a iascaireacht go dtí mí Márta 1915. John John Phaidí a bhí mar scipéir ar an bhád. Oíche amháin sa bhliain 1914 rinne drifter de chuid na hAlban naoi bpíosa dhéag de chuid eangacha an ‘Daylight Star’ a stróiceadh agus a roiseadh amach ó Chnoc Fola agus thug an Bord iad ‘na cúirte áit ar gearradh fíneáil de £33 ar an drifter. Ba Dónall Shéarlaí Phaidí a bhí mar scipéir ar an bhád nuair a cheannaigh sé fhéin agus John John Phaidí an bád ón Bhord i mí Dheireadh Fómhair 1915. Rinne siad neart iascaireachta uirthi go dtí’n bhliain 1922 nuair a dhíol siad an bád ar ais. Is dócha go raibh meath mór tagtha ar iascaireacht na scadán fán am sin agus lena chois sin thit an tóin as margaí Dónall Shéarlaí Phaidí Gracie Frank agus a hiníon, Hannah
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3