Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 5 na hEorpa i ndiaidh an chéad chogaidh. Bhí scéal ag Danny a fuair sé óna athair fá oíche amháin a bhí an ‘Daylight Star’ ag seoladh síos na Maol Ruaidhe ar a bealach ‘na farraige moiré le dhul a iascaireacht. Thug an chriú faoi deara go raibh bád eile, macasamhail a mbáid fhéin, ag seoladh taobh leo - bád taibhsiúil. Chuaigh siad uilig ar a nglúine agus dúirt siad an paidrín agus d’imigh an bád taibhsiúil seo as amharc. Níos moille san oíche nuair a bhí siad ag tarraingt isteach na n-eangacha a bhí siad i ndiaidh a chur cad é a bhí gabhta sna heangacha ach mianach farraige. Chuir siad amach comharthaí go raibh siad i gcruachás agus dheamhan i bhfad go raibh long cogaidh de chuid na Breataine taobh leo le tarrtháil a thabhairt orthu. Char ghlac sé i bhfad don long cogaidh an mianach a bhaint amach as na heangacha agus tháinig siad slán. Is dócha gur chreid siad ansin go bhfuair siad comhartha níos luaithe san oíche nuair a sheol an bád eile taobh leo, comhartha dóibh a bheith ar a n-airdeall. Chreid na hiascairí, níos mó ná dream ar bith eile, sna comharthaí seo. Cha raibh Dónall ach trí bliana agus trí fichead nuair a fuair sé bás i gCluain tSaileach sa bhliain 1952. Fear a bhí ann a d’oibrigh go cruaidh le linn a shaoil, an iascaireacht, anonn is anall go hAlbain, ag cur agus ag sábháil an bhairr agus sábháil móna. Lena chois sin bhí am aige na clocha a bhaint agus a theach fhéin a thógáil comh maith leis na dualgaisí agus cúramaí clainne a bhí air mar gur thóg sé clann mhór. I 1957 cúig bliana i ndiaidh de Dhónall bás a fháil fuair a bhean Gracie bás agus gan í ach na ceithre bliana thar na ceithre scór. Clann Dhónall Shéarlaí Phaidí agus Ghracie Frank. Bhí Gracie pósta in Edinburgh ar fhear a raibh Danny Ó Domhnaill air agus bhí triúr clainne acu - Danny, Síle agus Gerard ach fuair Danny bás óg. Ba Gracie an duine ba sine den teaghlach agus fuair sí bás sa bhliain 2004 agus í sé bliana le cois na ceithre scór. Chaith John an chuid ba mhó dá shaol in Albain, anonn is anall. Tá sé ar shlí na fírinne ó 1996. Tógadh Charlie thíos i nDumhaigh ag a mháthair mhór, Máire Ní Bhuaidhe (Máire Chonchúir Ruadh). Chaith sé tamall in Albain agus ansin shocraigh sé a dhul go Meiriceá i 1958. Phós sé bean as Cathair na Mart (Westport), Jane Mc Donnell, thall i Meiriceá. Nuair a chuaigh sé amach ar phinsean tháinig sé fhéin agus a bhean na bhaile go Co. Mhaigh Eo leis an chuid eile dá saol a chaitheamh ansin. Fear a bhí ann a chaith a shaol go suaimhneach, cha dtug sé drochúsáid ar bith do fhéin ach sin agus eile fuair sé bás tobann maidin amháin agus é ag éirí, ba sin sa bhliain 1985.. Cha raibh clann ar bith aige. Bhí Pádraig pósta in Albain ar Teresa Bonnar as Ailt a’Chorráin (Burtonport). Bhí triúr clainne acu agus tá siadsan ina gcónaí in Albain. Fuair Pádraig bás sa bhliain 2006 agus é bliain thar na ceithre scór. Amach ó thuaisceart na hAlban atá na hOrkneys. Ba thuas anseo in Kirkwall a bhí cónaí ar Mháire, áit a raibh sí pósta ar John Shearer. Bhí triúr clainne aici. Ba ghnách léi ruaig a thabhairt ‘na bhaile ó am go chéile; bhí sí abhus fá choinne teacht le chéile Scoil Mhíobhaigh traidhfil bliantaí ó shin. I ndiaidh dá fear céile bás a fháil bhí sí ag smaoineamh ar theacht agus cónaí a dhéanamh sa bhaile. Ach dhá bhliain ó shin fuair sí fhéin bás agus chuir sin deireadh leis an mhian a bhí aici deireadh a saoil a chaitheamh fán bhaile. Tá a clann ina cónaí sna Orkneys. Chaith Hannah tamall in Albain fosta ach ansin phós sí a comharsa béal dorais dá cuid, Micheál Mac Giolla Bhríde (Michéal Dhonchaidh Mhicheáil) agus rinne siad cónaí i Leargán Riach. Beirt de chlann a bhí acu, beirt ghirseach Catherine agus Gráinne. Fuair Hannah bás mí Meitheamh, 2010. Tá Danny agus Joe beo beathach go fóill agus iad ina gcónaí i gCluain tSaileach. Bhí an ceol go smior i muintir Ghracie agus thug siad sin leo ón dá thaobh den teaghlach. Gracie John Charlie & Jane Pádraig Máire, Danny agus Hannah (Teacht le chéile Scoil Mhíobhaigh)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3