Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 6 Joe Mac Daibhéid (Joe Ghracie). Tá cuimhne mhaith ag Joe fána chuid laethanta ar an scoil agus bhí dúil bhreá aige a bheith ag dul ‘na scoile. Bhí cuimhne aige ar na máistrí Seán Ó Cinnéide, Jack Mac Pháidín agus Seosamh Ó Gallchóir a bheith ansin ina am ach ba ag an máistír Ó Gallchóir a bhí seisean. Bhíodh scoláirí ansin fosta ó cheantracha eile, comh fada ar shiúl le Doire. Páistí a bhí ag iarraidh leas a bhaint as Gaeilge an cheantair agus scoláireachtaí Gaeltachta. Ba seo in am Sheán Uí Chinnéide agus Sheán ‘Ac Fhionnlaoich. Bhíodh neart timireachta agus oibre le déanamh fán bhaile nuair a bhíodh a lá ar an scoil thart. Bhíodh sé ag buachailleacht go minic agus fosta bhíodh air a bheith ag tarraingt trioplóg as Baile ‘n tSléibhe. Bhí áit tineadh mhór fhoscailte in achan teach agus bhí na trioplóga úsaideach le go mairfeadh an mhóin níb fhaide. Gearrann Joe a chuid móna fhéin go fóill mar go measann sé nach bhfuil a dhath cosúil le tine bhreá mhóna. Nuair a thigeadh saoire an tSamhraidh ón scoil théadh Joe agus bunadh óg eile an cheantair ag giollacht nó ag caddyáil mar a thugtaí air. Chuirtí an cúpla scilling a gheobhadh siad ar an chaddyáil in úsáid mhaith. Leathchoróin an íocaíocht a bhí ann san am dá ndéanfá ocht bpoll dhéag. Gheofá corrdhuine a bhéarfadh ceithre scillinge duit nó dá bhfaighfeá galfaire a bheadh breá flaithiúil b’fhéidir go bhfaighfeá cúig scillinge. Bhí cuid acu a bhí gortach go leor. Bhí dream amháin nach gcuirfeadh na giollaí (caddies) mórán fáilte rompu agus ba sin na ‘runners’. Seo daoine a thigeadh ar cuairt lae nó tráthnóna agus nach mbeadh ansin ach fá choinne an tréimhse sin. Bhí drochainm ag bunús na ndaoine seo ó thaobh íocaíochta de agus cha bheadh mórán fonn ar na caddies a dhul amach leo. Bhí dream amháin ba ghnách theacht as Baile na nGallóglach agus bhí clú ar leith luaite leo seo as siocair iad a bheith comh gortach sin! Bhí a ndóigh fhéin ag na caddies le cúiteamh a bhaint amach! In am Joe ba ghnách le galfairí a theacht anall as Óstán Phort a’ tSalainn agus bhíodh a gcuid caddies fhéin leo. Chuireadh Joe agus a chomrádaithe sonrú mór iontu seo mar gur seanchaddies a bhí iontu, bhí aois mhaith acu agus bairéid a gcaitheamh acu uilig. Cha raibh taithí ar bith acu anseo ar sheandaoine a bheith ag caddyáil. Joe in Albain. Trí bliana is fiche a bhí Joe nuair a d’imigh sé anonn go hAlbain a chéaduair, ba sin sa bhliain 1952. Anonn leis fhéin a bhí sé ag dul ach tharla sé go raibh Dinis Mac Giolla Bhríde (Dinis Mhicí Ruadh) sa bhaile ar saoire agus bhí an bheirt acu anonn i gcuideachta. Thug Joe a aghaidh ar Edinburgh agus fuair sé obair ar fheirm ansin, áit a raibh a chuid deartháireacha Pádraig agus Charlie ansin roimhe. Rinne sé achan chineál oibre ar na feirmeacha, cur agus sábháil bairr agus ag obair leis an eallach. D’oibrigh sé ar an fheirm i rith na bliana agus d’fhág sin go raibh lóistín aige ansin fosta i mbotaí. Bhí an botaí breá te agus rinne sé a chuid cócaireachta fhéin, fuair sé bainne agus uibheacha ar an fheirm. Bhí sé breá seascair fá choinne an Gheimhridh agus plaic le cur ina bhéal. Bhí obair an Gheimhridh uilig a dhéanamh taobh istigh, ag obair sna bóithigh ag amharc i ndiaidh an eallach. Páighe de £9 nó £10 sa tseachtain a bhí acu ag an am. Bhí cuid de na feirmeoirí a bhí cothrom agus cóir leo agus leoga bhí cuid acu nach raibh mórán ama acu do na hÉireannaigh. Cha raibh iontaobh ar bith acu astu mar go gcuireadh cuid de na hÉireannaigh ‘un tosaigh orthu é dá bhfaigheadh siad an deis. Nuair a bhíodh siad ag dul do na tornapaí bhíodh an méid oibre a dhéanadh siad roinnte suas ina slabhraí agus bhí méid áirithe slat in achan slabhra. Bheadh do luach saothair ag brath ar an méid slabhra a rinne tú sa lá. Dúirt Joe go raibh sé de ghnás ag cuid de na hÉireannaigh cúpla slabhra sa bhreis a chaitheamh isteach nuair a bhíodh siad ag tabhairt a gcuntas don fheirmeoir. Bhí sé doiligh súil a choinneáil ar a leithéid ach bhí cuid de na feirmeoirí i gcónaí amhrasach. Am bhaint na bprátaí thosódh na ‘squads’ nó na ‘tattie hokers’ a theacht. Rachadh inneall bainte prátaí thart ag baint agus ansin bhíodh an dream a bheadh ag cruinniú spréite thart agus bascáid acu uilig, idir fhir is mhná, idir ghasúraí óga agus ghirseachaí óga. Bhí siad uilig ansin ag sclábhaíocht ar leathphingineacha. Chaitheadh méid áirithe a bheith cruinnithe acu sula dtiocfadh an t-inneall a fhad leo arís, cha raibh am scíste ar bith ann. Théadh Joe thart le beathach agus cáirt agus Clann Mhic Daibhéid Ó chlé tá Sarah & Joe, John Shearer & Máire, Danny, Gracie, Pádraig, Carol, Teresa (bean Phádraig) John agus Hannah .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3