Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 7 chaitheadh sé na prátaí as na bascáidí isteach sa cháirt. Nuair a bhíodh a cháirt lán aige d’imeodh sé a fhad leis an pholl prátaí (pit) agus dhéanadh sé an beathach agus an cháirt a thiomáint isteach sa pholl prátaí lorg a thóna. Nuair a bheadh na prátaí uilig caite amach as an cháirt bhí sé ar shiúl fá choinne malach eile. Obair mhaslach a bhí ann dóibhsean a bhí ag cruinniú, bhí sé tíoránta ar an droim, cromtha sa pháirc ag cruinniú i rith an lae achan lá go dtí go mbeadh séasúr bhaint na bprátaí thart. Coinníodh cuid den scaifte a bhíodh ag cruinniú agus chaitheadh siad an Geimhreadh ag toghadh prátaí. Ba chuimhin le Joe gur ghnách le Micí Phadaí Mhadgie trí bhascáid a bheith aige nuair a bheadh sé ag toghadh prátaí thíos i nGleann Uraí - bascáid fá choinne prátaí pór, prátaí beaga agus prátaí le hithe. Ba obair fhuar dhian a bhí i dtoghadh phrátaí fá fheirmeacha na hAlban agus gaoth pholltach fheanntach an Gheimhridh ag baint an chraicinn daoibh. Cha raibh ag na créatúir seo mar lóistín ach leapacha cotháin istigh i sciobóil. Ba ghnách le Joe a theacht ‘na bhaile i dtrátha na Nollag agus i ndiaidh dó trí nó ceithre bliana a chaitheamh thall d’fhan sé sa bhaile mar nach raibh duine ar bith sa bhaile ag a mháthair. Ba ghnách leis obair a fháil anois is arís leis an Chomhairle Contae agus chaith sé tréimhse ag obair ar chúrsa gailf Ros na Binne. Bhí Donchadh Phadaí Bhuidhe agus Hughie Rua ag obair ar an chúrsa ag an am. Jacob Mac Giolla Choinnigh a bhí ina shaoiste (boss) ar na hoibrithe a bhí ar an chúrsa gailf ar feadh blianta fada ach fuair sé bás sular thosaigh Joe agus ba Francie Beag Mac Giolla Bhríde a tháinig mar shaoiste ina dhiaidh. Nuair a d’fhág Francie fuair Tommy Hay an post seo. D’oibrigh Joe sé lá na seachtaine ón hocht go dtí a sé agus gan amach as ach £1 in aghaidh na seachtaine. Joe i Mc Nutt’s. Is cinnte go raibh lúcháir ar Joe nuair a fuair sé post buan i monarcha bréidín (tweed factory) Mhic Nutt i 1956. Thosaigh sé fhéin agus Pádraig Ó Gallchóir (Padaí Mhicí) as an Ghlíob ar an lá céanna. Bhí sé sé bliana is fiche ag an am. Is cuimhin leis go raibh tuairim is dhá chloigeann déag ag obair ansin nuair a thosaigh sé. Bhí dhá John Mac Giolla Bhríde as Gort na Luchóg, John Nead Phadaí Éamoinn agus John Shuss, John Mac Pháidín (John Ó chlé tá Donnchadh Mac Giolla Bhríde, Cornie Mac Giolla Bhríde, Danny Mac Daibhéid, Danny Ó Buaidhe, Muiris Mac Aodha, Joe Mac Daibhéid, John Mac Giolla Bhríde (Shuss), Pádraig Ó Gallachóir, John Mac Giolla Bhríde (Nead) John Mac Pháidín, Frank Heena agus William Mac Nuadhat.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3