Guth Ghoill, Eagrán 47

Eagrán 47 Nollaig 2013 8 Mhicheáil) as Dumhaigh, Muiris Mac Aodha as na Dúnaibh, Éamon agus Dinis Mac Giolla Bhríde (an táilliúr) as Ceann na Leargaí, Jimí Ó hOireachtaigh (Jimí Bhrianaí) Francie Mac Laifeartaigh (Francie Frainc) as an Bhaile Úr, Leslie Lucas as Ros Na Binne, Padaí Ó Gallchóir as an Ghlíob, Joe agus a dheartháir Danny. Chan sa mhonarcha a bhí siad ag obair ag tús ama ach sa Duthie Memorial Hall mar nár tógadh an mhonarcha go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin. Thosaigh sé thart fá mhí Mheán Fómhair ar £1 sa tseachtain. Fuair sé oiliúint mar fhíodóir agus d'éirigh go maith leis. Ba ghnách leo a ndinnéar a fháil achan lá tigh Ellen Bn. Mhic Fhionnlaoch (Ellen Mhuslaic), teach mór dhá stór a bhí ar an taobh eile den bhealach ó Oifig An Phoist. Bhíodh rása suas an bealach fhad leis an teach achan lá ag am dinnéir, an chéad duine a gheobhadh fhad leis an tábla ba aige a bheadh an chuid ab fhearr de na prátaí. Fuair siad lón maith achan lá agus char fhág duine ar bith an teach ariamh ocrach. An mhonarcha a dhíol as an lón. Ansin i dtrátha na Nollag shocraigh an mhonarcha go ndíolfaí na fir as an méid oibre a bheadh déanta acu in aghaidh na seachtaine agus ar an dóigh sin tháinig ardú maith sa pháighe. Cha raibh sé ag obair i bhfad sa mhonarcha go dtí go dtáinig lá gaoithe moiré agus gur séideadh isteach taobh an halla. Ba san am seo a socraíodh monarcha úr a thógáil. Nuair a d’aistrigh siad isteach sa mhonarcha úr thosaigh an fhoireann oibre ag méadú. Tugadh isteach oibrithe breise achan bhliain agus cuireadh oiliúint orthu ar chúrsaí fíodóireachta. Sé bliana agus fiche a chaith Joe ag obair sa mhonarcha. Thug an mhonarcha fostaíocht mhór sa cheantar agus cé nach raibh an pháighe ar an chuid ab airde, ar a laghad bhí daoine fá bhaile. Phós Joe Sarah Ní Shiadhail as Átha Leataobh agus bhí beirt chlainne acu, Dónall agus Suzanne. Tá Dónall ina shaineolaí ar ríomhairí agus post aige in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Tá sé pósta anois agus teach breá tógtha aige fhéin agus ag a bhean Patricia faoi scáth Gháinne Mór. Tá Suzanne pósta i nGaoth Dobhair agus triúr girseach aici. Tá Joe agus a bhean Sarah ina suí go seascair sa teach breá a thóg a athair blianta ó shin agus é ina fhear óg. Is maith le Joe a bheith ag léitheoireacht, go háirithe leabhartaí Gaeilge Is fearr leis go mór an seanchló mar gur sin a raibh taithí aige air agus é ar an scoil. Is maith leis fosta a bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Tá an chuid is fearr de scéalta agus d’amhráin Ghaeilge aige agus guth den scoth aige le hiad a cheol. Gura fada buan folláin a mhairfidh sé. Danny Mac Daibhéid (Danny Ghracie). Le linn do Danny a bheith sna ranganna sinsir i scoil Mhíobhaigh bhí dhá phríomhoide éagsúil aige, Seán Ó Cinnéide agus Seán ‘Ac Fhionnlaoch. Bhí siad breá géar agus cha mhaith duit a bheith ar dhóigh ar bith dalba. Bhí Ó Cinnéide iontach dian ar pháiste ar bith a bhfaigheadh sé ag caint Béarla sa chlós. Nuair a d’fhág an Máistir Ó Cinnéide tháinig an Máistir Mac Fhionnlaoch as Gaoth Dobhair ina áit. Ba eisean a thóg an teach sin ag an choirnéal in aice le páirc peile na nDúnaibh. Bhí duine amháin clainne aige, girseach bheag a fuair bás óg. Bhí Danny maith ag ceol agus ba ghnách leis Danny a thabhairt isteach sa tseomra achan lá ag am lóin le ‘Cruacha Glas na hÉireann’ a chanadh dó. Bhí Seán Mac Fhionnlaoch ansin traidhfil blianta. Bhí an timireacht chéanna le déanamh ag Danny achan tráthnóna agus a bhí ag achan ghasúr eile, ag buachailleacht, ag blí na mbó, ag tarraingt trioplóg agus a lán rudaí eile ag brath ar an tséasúr. Chaith sé sé mhí ar fostú ag Stephen Mac Giolla Bhríde, (Stephen Jack). Tráthnóna deas Samhraidh amháin bhí sé thíos fá Bhinn na gCoinín áit a raibh bearach caillte. An chéad rud eile mhothaigh Danny mar a bheadh scaifte ag damhsa thart air, amhail is mar a bheadh baicle de pháistí ag teacht amach doras na scoile. D’imigh sé ‘na rith le heagla. Tamall ‘na Duthie Memorial Hall Teach Joe & Sarah

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3