Guth Ghoill, Eagrán 47
Eagrán 47 Nollaig 2013 9 dhiaidh sin fuarthas an bhearach istigh sna toir in aice na háite sin. Tá Danny cinnte de go dtí an lá inniu gur na síogaithe a bhí ann. In Albain. An chéad uair a chuaigh Danny go hAlbain ba anonn leis na tattie hokers a chuaigh sé. Mar a luaigh mé cheana ba obair mhaslach a bhí ann, lóistín istigh i seansciobóil ar leapacha cotháin agus gan mórán de luach saothair i ndiaidh na sclábhaíochta seo. Ach mar a dúirt Danny bhí siad óg folláin agus lán fuinnimh agus char chuir na coinníollacha garbha seo ná an suim suarach airgid a fuair siad mar luach saothair buaireamh ar bith orthu, char shíl siad a dhath dó. Chas siad le daoine óga eile ó cheantracha eile agus dar ndóigh bhí girseachaí óga fosta agus go leor damhsaí ag deireadh na seachtaine. Mhair tréimhse chruinniú an bprátaí cúpla mí. Bhí a athair in Albain ag an am agus nuair a bhí Danny réidh le theacht na bhaile tháinig a athair isteach san fheirm ina raibh sé tráthnóna amháin agus thug sé é ‘na bhaile. Chaith sé tréimhse sé mhí ar fostú thiar ag na Speers in Achadh an Dá Chor fosta. Ba seo an áit a raibh an obair throm agus go leor de le déanamh. Cha raibh am saor aige san oíche ach an oiread mar go gcaitheadh sé a dhul amach ag lampáil coiníní. Bhí lúcháir air nuair a bhí a shéasúr fostaíochta curtha isteach aige agus ‘séard a tugadh dó ar son a chuid oibre ná dhá chaora. Bhí oiread lúcháir air ag teacht ‘na bhaile leis an dá chaora amhail is dá mba dhá mhála ór a bhí leis. Ach dhá sheanchaora a bhí iontu agus cha raibh siad seachtain amuigh ar an chnoc go dtí gur stiúc siad. Nach millteanach an dóigh a caitheadh le daoine san am sin. Stáit Aontaithe Mheiriceá. Timpeall na bliana 1952 fuair Danny post i monarcha Mhic Nutt. Bhí sé ar dhuine den chéad dream a thosaigh. Willie Mc Nutt a bhí i gceannas orthu agus dúirt Danny gur fear uasal amach a bhí ann mar shaoiste. Bhí Frank Heena agus Bernie Mc Neilis abhus as Ard ‘n Ratha le oiliúint a chur orthu i gcúrsaí fíodóireachta. Thaitin an obair seo le Danny agus bhí sé ag fáil ar aghaidh go maith. Bhí uncail dá chuid, fear a raibh Frainc air, deartháir dá mháthair agus bhí cónaí air amuigh i New York. Bhí sé pósta ar bhean as Ciarraí agus bhí siad sa bhaile ar laethanta saoire sa bhliain 1957. Le linn do a bheith sa bhaile chuaigh Danny go Dumhaigh a amharc air. Le linn dóibh a bheith ag caint agus ag comhrá shocraigh siad go ndíolfadh siad pasáiste Danny go Meiriceá. I ndiaidh dóibh imeacht ar ais go Meiriceá bhí Danny ag fanacht go foighdeach lá i ndiaidh lae le scéala a fháil uathu. Sa deireadh thiar thall tháinig scéala chuig Danny go raibh a phasáiste íoctha. Cé go raibh lúcháir air an scéala a fháil is dócha go raibh sé idir dhá chomhairle fosta mar go raibh post maith aige ag an am i monarcha Mhic Nutt, agus é ag saothrú cúig phunt sa tseachtain. Cibé ar bith shocraigh sé imeacht agus ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair 1957 thug sé aghaidh ar Mheiriceá. Ag Obair. Thosaigh a chuid fostaíochta i stór mór ar 5 th Avenue. Ansin d’fhág sé an stór agus chuaigh sé i gceann oibre in otharlann i Ward’s Is. áit ar chaith sé bliain agus fiche. Bhí sé ag déanamh teiripe shaothair ach cha raibh an oiread sin taitnimh aige a bheith ag obair taobh istigh. D’fhiafraigh sé d’údaráis na hotharlainne an bhféadfadh sé obair a fháil taobh amuigh agus ba ghoirid go raibh post siúinéireachta faighte aige a thug é amach faoin aer. Le linn do a bheith ag obair san otharlann bhíodh sé ag obair in áiteacha eile fosta go páirtaimseartha. Bhí sé i gceannas ar chúrsaí slándála in Ionad Siopadóireachta ar feadh tréimhse. Ba seo obair a rinne sé tráthnóna, i ndiaidh a chuid oibre san otharlann a bheith críochnaithe, agus fosta ag Hannah Frank, Den Frank agus Gracie Frank
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3