Guth Ghoill, Eagrán 48

Eagrán 48 Meitheamh 2014 10 idir an chomhairle a bhí Francie beag a chur ar ghalfairí san am sin agus an chomhairle a fhaigheann galfairí sa lá atá inniu ann. Tá athruithe móra sna bataí agus sna cnaganna ach níl mórán d ’ athrú sa dóigh le cnag a bhualadh i gceart! Bean chreathnach dheas a bhí in bean Chatherwood ach maidir le gailf de cha dtiocfadh léithe cnag a bhuaileadh amach as a bealach. Bhí sí iontach maith do Phadaí agus shocraigh sí post a fháil dó san Óstán, mar a dúirt sí fhéin leis, ‘.... we ’ ll try and get you something nice ’ agus fuair sí post do istigh i seomra na sceanra (silver pantry) i gcuideachta Danny Ghracie. Chuireadh siad sceana, spaonacha, forcanna agus cibé eile a bhí déanta as airgead isteach i meaisín mór agus thiocfadh achan rud amach as glan tirim. Ba sin sa bhliain 1948, bhí sé trí bliana déag ag an am. Rud is dócha atá deacair a thuiscint anois ach cha raibh ólachán ar bith ar díol san óstán ag an am. Nuair a bhí Davy Beag Mac Giolla Choinnigh ina phríomhphoirtéir ansin ba ghnách leisean an t - ólachán a cheannacht agus é a thabhairt isteach agus duine ar bith a raibh deoch a dhíobháil orthu fuair siad deoch, ag leithéidí am lóin nó am dinnéir ach cha rabhas a dhíol go hoscailte san Óstán. Cha n - imreofaí gailf ar bith ar an Domhnach ach oiread. San am a raibh Padaí ag obair ansin ba ghnách le Frank Casey, a bhí ina phríomhfhreastalaí, Padaí a chur go Carraig Airt le hólachán a fháil don seomra bidh. Séasúr amháin a d ’ fhan Padaí ag obair san Óstán. Ba ghnáth leis fanacht thall mar go raibh seomraí do na hoibrithe thuas ar chúl an Óstáin, áit a raibh na stáblaí. Cuid den mhuintir ar chuimhne leis iad a bheith ag obair ansin ag an am ná: Jimmí Shuss, (Mac Giolla Bhríde), Danny Den Óg (Mac Giolla Bhríde), Danny Ghracie (Mac Dáibhéid), Fia Bheag agus a deirfiúr Bella Rua (Ní Ghallchóir), Cití Den Shéamuis (Ní Luodhóg), Bidí Rua (Nic Giolla Chearra) agus scaifte mór eile mar gur fostóir mór a bhí san Óstán agus is cinnte gur bodaigh mhóra a d ’ fhan ann mar go raibh sé breá costasach le fanacht ann. Ceann de na comórtais mhóra gailf a bhíodh acu achan bhliain ná an Leitrim Cup, comórtas dar ndóigh atá ansin go fóill. Ba chuimhin le Padaí a bheith ag caddyáil lá amháin i gcluiche ceannais an choirn seo d ’ fhear a bhí ag fanacht san Óstán agus ba fhear as Carraig Airt a bhí sa choimhlint leis, fear a raibh Seán Ó Gallchóir air, bhí Danny Den Óg ag caddyáil dósan. Socraíodh go mbeadh geall ar an chluiche fosta, geall de thrí phunt. Chaill Ó Gallchóir an cluiche, bhí sé buailte thuas ag ceann an Valley. Shocraigh siad cúpla punt a chur ar na poill a bhí fágtha agus chaill an Gallchórach seo fosta. Bhí fear Phadaí i ndiaidh £5 a bhaint agus an corn. Bhí lucht an Óstáin uilig ina seasamh thart ag an pholl dheireanach agus fuair an buaiteoir bualadh bos mór. Dhearbhaigh Padaí nach mbeadh siad leath comh lúcháireach ná an fháilte chéanna rompu ar chor ar bith da mba rud é gurb ag fear de bhunadh na háite a bheadh an bhuaidh. Cé nár bhain Seán Ó Gallchóir an corn agus go raibh £5 caillte aige thug sé 10s (nóta beag) do Danny Den Óg. Cha dtug an fear a bhí i ndiaidh an corn agus £5 a bhaint a dhath do Phadaí ach leathchoróin (2/6). Dar ndóigh bhí an scéal seo uilig ag na caddies eile agus lá arna mhárach nuair a tháinig buaiteoir Chorn Liatroma aníos le dhul a ghalfáil scairt seanStephen ar Phadaí. ‘ Seo d ’ fhearsa Ghallchóir beag ’ arsa Stephen le Padaí. ‘ Níl mise dul leis inniu ’ arsa Padaí ‘ ach tá gasúr anseo a rachas leis ’. Níl feidhm ainm an ghasúir a thabhairt ach is cinnte go raibh sé ar an eolas faoi cad é tharla an lá roimhe sin agus d ’ fhiafraigh sé do Phadaí an raibh mórán cnaganna sa mhála aige. ‘ Gráinnín maith de rudaí úra, iad sa pháipéar ’ arsa Padaí. I ndiaidh na h - ocht bpoll déag a bheith déanta dhíol an ‘ caddy ’ gráinnín maith de chnaganna úra leis an fhear, luach nóta beag de chnaganna. Nuair a thuig an fear gur cuireadh ceann trasna air thug sé aghaidh ar theach na gcaddies agus é dearg le fearg. Scairt Stephen Mór ar Phadaí, ‘ A Ghallchóir beag, ‘ níos anseo leat go tapaigh, cad é tháinig ar chnaganna an fhir seo ’? ‘ Cha raibh mise amuigh leisean inniu ’ arsa Padaí. ‘ Cé bhí amuigh leis ’? ‘ Cad é tá fhios agamsa ’ arsa Padaí, ‘ Sé thusa thug an mála dó ’. Fágadh an scéal mar sin ach bhí díoltas agus cúiteamh faighte. Imirt Chártaí. Bhí imirt chártaí iontach coitianta agus é ag éirí aníos agus leis an imirt chártaí chuaigh achan chineál Teach Phadí Neidí Mhicí agus an chloch bhán a thug a hainm don bhaile bheag seo. Sean - Óstán Ros na Binne

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3