Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 11 diabhlaíochta agus mí - iompar. Ach sin an sórt saol a bhí ann agus shiúil caitheamh aimsire agus diabhlaíocht le chéile agus cha dtig a bheith ina dhiaidh sin ar stócaigh óga fá seo. Ní hamhlaidh agus saol an lae inniu. Is cuimhin le Padaí oíche amháin a chuaigh sé fhéin agus Jim James Sophie, (Ó Gallchóir), Micheál Dhonchaidh Mhicheáil, (Mac Giolla Bhríde), agus Dinis Bhrianaí Thuathail (Mac Giolla Bhríde) a imirt chártaí tigh Mhicí Mhicí Mhanáis (Ó Gallchóir). An Charghas a bhí ann agus bhí Micheál agus Jim i ndiaidh píopa agus unsa tobac a cheannacht áit a raibh shúil acu a dhul de na toitíní le linn an Charghais. Bhí bunús na ndaoine ag caitheamh san am sin, an mhuintir óg ar thoitíní agus an tseanmhuintir ar an phíopa. Bhí Padaí é fhéin ag caitheamh nuair a bhí sé dhá bhliain déag. Ba ghnáth leis a dhul síos tigh Bhuchan ag lag na hUillinne, áit a raibh siopa tráth den tsaol agus gheobhadh sé ceithre Woodbine ar dhá phingin. Ba ghnách leis na cártaí críochnú thart fá cheathrú i ndiaidh an haondéag agus chaitheadh achan duine a bheith amuigh, am luí a bhí ann do bhunadh an tigh. An oíche áirithe seo tugadh breis ama dóibh leis an píopa a líonadh agus a lasadh. Bhain Padaí cúpla smailc as an phíopa agus ansin tháinig seileog ina bhráid; cha raibh dúil aige an tseileog a chaitheamh isteach sa luaigh agus shlog sé í, rud a d ’ fhág é iontach tinn. Ar chaoi ar bith caitheadh an píopa agus shocraigh siad é a líonadh arís. D ’ aithin Padaí go raibh Micí ag éirí rud beag corrach fá seo de thairbhe go raibh sé ag iarraidh fáil a luí. An chéad rud eile léim Micí ar a dhá ghlúin agus thosaigh ar ‘ Creidim i nDia an tAthair Uilechumhachtaigh.................... ’ ‘ Má tá sibh chun suí go maidin liom ’ arsa Micí ‘ tá sé go réidh againn an paidrín a rá ’. Is cinnte gur seift maith a bhí ann le fáil réitithe dóibh mar gur imigh na stócaigh faoi dheifir siar an bealach. Tháinig siad fhad le teach Shéarlaí Phadaí Mhadgie, fear nach raibh i bhfad pósta. Bhí teach Shéarlaí istigh sa chlúdaigh, ba seo sular thóg sé a theach úr. Rith Jim Sophie anonn agus bhuail sé cic ar an doras lena bhróga troma agus d ’ imigh an doras isteach i lár an urláir. Amach le Chéarlaí agus thosaigh an bhagairt, an callán agus an scairteach. Thosaigh sé ag bantráil ar mhuintir Shuss agus dar ndóigh chan iadsan a bhí ann ar chor ar bith. Bhí Padaí agus a chomrádaithe abhus ag teach Aindí Thuathail agus Chéarlaí ag bantráil i rith na haimsire. Cúig fichead an cluiche mór a bhíodh acu i rith an Charghais agus d ’ imir siad cuid mhór ‘ brag ’ agus ‘ sola ’ fosta. Is cuimhin leis gur bhain sé dhá ‘ tilly ’ ar chúig fichead thuas i halla na paróiste nuair nach raibh sé mórán le dhá bhliain déag. Bhí sé oíche eile thuas tigh Thuathal Steafáin ag imirt brag agus cé a shiúil isteach ach a Dhaidí. Fuair sé greim cúl muiníl ar Phadaí agus mháirseáil sé é anuas Cnoc a ’ Mharcaigh agus isteach ‘ na tigh. Agus char fhág sé tigh Thuathail ach an oiread gan focal a bheith aige le Tuathal agus Méabha. Padaí in Albain. Cha raibh Padaí ach dhá bhliain déag nuair a d ’ imigh sé go hAlbain don chéad uair, timpeall na bliana 1947, anonn lena athair a chuaigh sé. Bhí a athair ag obair in Falkirk ach d ’ fhan Padaí i nGlaschú ag duine muinteartha leis, sin Mary Mc Allister. D ’ fhan sé thall tuairim is trí mhí ag an am. Cha raibh sé ag cur a chuid ama amogha thall ach an oiread mar chaitheadh sé cuid mhaith dá chuid ama ag déanamh timireachtaí do lucht siopaí. Tá cuimhne mhaith aige ag dul anonn ar bhád Dhoire, í lán de ghirseacha óga as Iarthar na Contae a bhí ag dul anonn do shéasúr chruinniú na bprátaí. Cha raibh mórán áit codlata ar an bhád, bhí leapacha níos fearr ag an eallach ná mar bhí ag na paisinéirí. Cha raibh a dhath le cluinstin i rith na hoíche ach búirtheach an eallach agus d ’ fhág an boladh a tháinig uathu thíos sa teas cuid mhór daoine tinn agus bhíodh orthu a dhul amach ar an deic, áit a mbíodh sé damanta fuar bunús an ama. Chaith Padaí tréimhsí anonn is anall ag an am seo comh maith le tréimhsí ar an scoil ach ansin nuair a shroich sé a cheithre bliana déag thosaigh sé ag obair thall lena athair. Bhí lóistín acu i mbothán (model) in Falkirk agus bhí cuid mhaith de bhunadh na háite ansin ag an am, a mbunús anois ar shlí na fírinne. Is cuimhin leis cearrbhach a bheith ina chónaí fá cheann de na botháin thall agus bhíodh sé ag dul thart fan bhothán agus bíobla ina lámh aige i gcónaí agus hata bán air. George a bhí air. Oíche amháin chuaigh Con Frank, Tony Den Antoin, Micí Mhícheáil agus é fhéin isteach go Falkirk go bhfeicfeadh siad scannán úr a bhí i ndiaidh a theacht amach agus a raibh iomrá mhór air ag an am, ba sin an scannán Shane agus bhí Alan Ladd mar phríomhaisteoir. Nuair a tháinig siad ar ais ‘ na bhotháin agus iad faoi Padaí Neidí Mhicí ar ghalfchúrsa Ros na Binne
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3