Guth Ghoill, Eagrán 48

Eagrán 48 Meitheamh 2014 12 thionchar an Western bhí George ina sheasamh ag an phláta te agus é ag cócaireacht. Sheas Con Frank ar a chúl agus dhinn sé a dhá mhéar isteach ina dhroim amhail is go raibh gunna aige, scanraigh George bocht agus dhóigh sé a lámh ar an phláta te agus thóg seo racán go bráth. Ghlac sé tamall fada rudaí a fháil socraithe. Cha raibh sé mórán le cúig bliana déag nuair a thosaigh sé ag obair sna tolláin (tunnels) i dtuaisceart na hAlban, áiteacha ina raibh na scéimeanna Hydro ar obair. Fá cheann dhá bhliain eile bhí aithne mhaith aige ar Thuaisceart na hAlban óna chuid oibre ar na scéimeanna seo. Bhí sé ina cheannurra ar na sealanna oibre (shift work) i Delcroy nuair nach raibh sé ach sé bliana déag, sealanna oibre na hoíche. Agus bhí sé ina shaoiste (gaffer) ar scéim oibre in Falkirk, áit a bhfuair sé obair dona athair agus gan é ach seacht mbliana déag. Dúirt Padaí: ‘ Bhí mé óg agus lán muiníne ag an am agus d ’ fhoghlaim mé go tapaigh agus ag an aois sin glacann tú seansanna. Cha bhíonn eagla ort roimh a dhath ’. Bhí an obair sna tolláin fliuch agus salach ach bhí an t - airgead maith. D ’ oibrigh siad sealanna dhá uair déag achan lá, trí lá dhéag amach as na ceithre lá dhéag. Bhí a gcuid lóistín i gcampaí, leathchéad fear in achan bhothán (hut). Cúig leaba is fiche ar achan taobh den bhothán. Ach bhí an bia go dona, cheannaigh siad amach as veaineanna a thigeadh thart ar na campaí. Bhí sé bliain amháin eile ag obair ar scéim thuas in Inverary. Bhí sé fhéin agus James Mhicí Bán ag stopadh sa tseomra amháin. Ba ghnách le sagart a theacht isteach ‘ na champa achan mhaidin Domhnaigh leis an Aifreann a rá. Bhí an campa cúpla míle ón áit a raibh siad ag stopadh ach bhí gluaisrothar ag Padaí, 650 mór, agus ba ghnách leis fhéin agus le James a dhul un Aifrinn uirthi achan mhaidin Domhnaigh. Bhí áit ann a raibh corradh sa bhealach agus droichead air agus an mhaidin seo d ’ oscail Padaí amach a ghluaisrothar ach bhí radharc maith aige agus bhí fhios aige nach raibh a dhath ag teacht. Mhothaigh sé cuid lámha James ag teannadh ar a chuid easnacha. Bhí eagla ar James agus cé a bheadh ina dhiaidh sin air. I ndiaidh am Aifrinn thug sé faoi deara go raibh James ag déanamh moille nár ghnáth leis a dhéanamh. Sa deireadh arsa Padaí leis: ‘ A James, a dheartháir bainfidh muid píosa den bhealach ’. ‘ Ghallchóir beag, a thaiscí ’ arsa James, ‘ tá maidin dheas ann agus tá aer na maidne a dhíth ormsa, siúlfaidh mise isteach ’. Bhí a sháith ag James den ghluaisrothar. Meiriceá. I ndiaidh do Phadaí bliain go leith a chaitheamh ag obair in Otharlann an Richmond i mBaile Átha Cliath chaith sé tamall fán bhaile. Lá amháin le linn do a bheith i mBaile Átha Cliath chonaic sé fógra i bpáipéar nuachta áit a raibh ‘ Boiler and Stationary Engineer ’ a dhiobháil i ndílleachtlann (orphanage) Naomh Seosamh amuigh i Chicago. Chuaigh Padaí isteach chuig an ghníomhaireacht (agency) i mBaile Átha Cliath a chur isteach an fógra agus rinne sé fiosrúchán faoi. D ’ fhiafraigh an bhean seo dó: ‘ What do you know about boilers ’? agus dúirt Padaí léi: ‘ Everything ’. Shocraigh Padaí ansin a dhul go Chicago ach sula ndearna sé sin shíl sé go mbeadh sé níos fearr dó amharc a fháil ar bhoiler mór áit inteacht. Chuaigh sé suas go hÓstlann Charraig Airt agus thug Padaí Carr é thart go bhfeicfeadh sé an boiler. Shíl Padaí nach mbeadh sé i bhfad ag teacht isteach air. Char amharc sé go mór sin ná comh casta sin! Ar an ochtú lá fichead d ’ Aibreán 1963 thug Padaí aghaidh ar Mheiricea don chéad uair. Nuair a shroich sé an tAerfort i Chicago bhí carr ansin ina araicis ó Dhílleachtlann Naomh Seosamh. Tugadh é go dtí a láthair oibre úr agus bhí árasán ansin aige do fhéin in aice leis an dílleachtlann. Maidin lá arna mhárach bhí sé ina shuí breá luath ná is cinnte go raibh fonn air na boilers a fheiceáil. Tháinig fear thart a bhí ag amharc i ndiaidh na boilers ó d ’ fhág an t - innealtóir deireanach. Bhí an teach a raibh na boilers ann chóir a bheith comh mór leis an Fiesta, cha raibh Padaí ró - chinnte cad é mar rachadh rudaí ach bhí an t - eolas uilig ag an fhear dubh a bhí ag amharc ina ndiaidh. Ba seo fear a bhí thar a bheith cliste ar na gnothaí seo agus thug sé achan chineál eolais agus cuidithe do Phadaí. Chuidigh sé le Padaí achan lá go dtí go raibh rudaí idir lámha aige fá cheann seacht nó ocht de sheachtainí. Chuaigh a dheirfiúr Máire amach i mí Iúil 1963 agus fuair sé post di leis an chóras iompar ansin, post ar chaith sí dhaichead bliain ag obair ann. Sula deachaigh Padaí isteach sa ghailf i ndáiríre bhí cúpla post eile aige fosta, thiomáin sé traenacha ar feadh tréimhse agus thiomáin sé busanna fosta do Conti- nental Airlines. Gailf. Bhí sé idir phostanna am amháin agus thug sé ruaig suas go Golfland leis an áit a fheiceáil agus leis an am a chur thart. Fuair sé buicéad de chnaganna le cleachtadh a dhéanamh agus i ndiaidh tamaill chuaigh sé i gceann cainte leis an phroifisiúnach (professional). D ’ fhiafraigh an proifisiúnach dó nuair a chuala sé nach raibh sé i bpost ag an am an mbeadh suim aige post a bheith aige sa siopa proifisiúnaigh. Ghlac Padaí leis an tairiscint go fonnmhar agus trí mhí ina dhiaidh sin bhí Padaí ag tabhairt ceachtanna Bád Dhoire

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3