Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 13 gailf faoi chúram an phroifisiúnaigh. Ansin chuaigh sé chuig an scoil gailf agus cháiligh sé mar theagascóir le ceachtanna gailf a thabhairt. Tá sé ina bhall den U.S Golf and World Golf Teacher ’ s Federation. Chaith Padaí na deich mbliana deireanacha dá shaol i Meiriceá ag tabhairt ceachtanna gailf agus bhí a chomhlacht fhéin bunaithe aige agus é cláraithe i Chicago fá choinne seo. Reáchtáil sé clinics gailf comh maith le bheith ag tabhairt ceachtanna príobháideacha. Sa Bhaile. Nuair a tháinig Padaí na bhaile lean sé ar aghaidh ag tabhairt ceachtanna gailf in Óstán Ros na Binne sna seachtóidí agus comh maith le sin bhí sé ag tabhairt ceachtanna gailf i gcuid de na scoltacha a bhí faoi chúram an Choiste Ghairmoideachais. Thairg Príomhfheidhmeannach an Choiste Gairmoideachais post buan do ag an am le gailf a theagasc sna scoltacha dara leibhéal a bhí faoina gcúram. Ba mhór an deis a bhí anseo do Phadaí ach char bhain sé tairbhe as an deis agus d ’ imigh sé ar ais go hAlbain. Ach tá Padaí go fóill ag tabhairt ceachtanna gailf ag Óstán Ros na Binne agus bíonn sé le feiceáil go rialta thall ansin. Ceathrar de chlann a bhí ag Padaí agus a bhean Bernadette, triúr mac – Éamonn, Liam agus P.J. agus iníon amháin sin Máire. Tá Éamonn, Liam agus Máire ag obair agus ina gcónaí i Texas agus tá P.J san aerfhórsa agus cónaí air ó dheas de Chicago. Bíonn siad sa bhaile go rialta ar cuairt. Sna blianta deireanacha tá suim mhór curtha ag Padaí i gcarranna agus i ngluaisrothair agus tá an chuid is fearr acu aige - ó Rolls Royce go Mercedes agus cúpla gluaisrothar den scoith. Beidh Padaí na ceithre scór i mbliana agus cé shílfeadh sin mar go bhfuil sé aclaí folláin agus i mbarr a shláinte. Tá sé lán de scéalta, de chomhrá agus de sheanchas agus cuid mhaith grinn ag gabháil leo uilig. Macasamhail an mhórchuid den mhuintir a d ’ fhás aníos sna daichidí agus a bhí ar bhád na himirce go luath ina saol chonaic sé léan agus cruatan a bhain leis an saol ag an am ach bhí siad cliste agus tháinig an mhórchuid acu fríd go maith, d ’ fhoghlaim siad cuid mhór ar Ollscoil an tsaoil. Is deas an rud iad a fheiceáil anois ar a sáimhín só agus ag baint tairbhe as an athrú saoil atá againn le deich mbliain is fiche. Tá súil agam go mbainfidh Padaí sásamh as an chuid eile dá shaol agus go mbeidh an saol sin fada agus folláin. Padaí leis an ghalfaire cáiliúil Jack Nicklaus
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3