Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 14 Buaiteoirí san Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta Bhí ceithre dhráma ar an ardán ag Céim Aniar don Fhéile Scoildrámaíochta a bhí ar siúl in amharclann An Ghrianáin i Leitir Ceanainn ar 26 Feabhra - Na Trí Muca le páistí ó Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra, Cinderella le páistí ó Rang 1 & 2, An Leipreachán le páistí ó Rang 3 & 4 agus Roth an Tíogar Cheiltigh le daltaí ó Rang 5 & 6. Bhí na naíonáin agus Rang 3 & 4 ar an ardán sa Ghrianán arís ar 20 Márta ag Féile Uladh agus cháiligh Rang 3 & 4 don Fhéile Náisiúnta i Muileann gCearr, áit a bhain an dráma seo dhá ghradam, duais na rannóige agus duais don léiriú is fearr ar dhráma úrscríofa. Moladh mór do na páistí uilig ar an obair dhícheallach a rinne siad agus do na tuismitheoirí a chuidigh ag na cleachtaí, ag na comórtais agus ag an Seó Mór i gColáiste Ros Goill. Na Naíonáin sa dráma “ Na Trí Muca ” “ An Leipreachán ” Dhá dhuais ag an Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta Ó chlé ar chúl: Stiofán Mac Giolla Bhríde, Áine Nic Cionnaith, Naoise Ní Dhuagáin agus Jason Ó Buaidh. Ina suí ó chlé tá: Aobhá Pasoma, Proinsias Ó Cuilinn (Oifigeach Ealaíne) agus Aoibhinn Ní Chonaill.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3