Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 15 Rang 1 & 2 sa dráma “ Cinderella ” Páistí agus a dtuismitheoirí agus iad ag imeacht chuig an Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta i Muileann gCearr. Níl mórán de leithscéal nach bhfuil ábhar go leor ar fáil do dhuine ar bith atá ag déanamh taighde ar stair nó béaloideas pharóiste Mhíobhaigh faoi láthair. Deirim seo de thairbhe gur foilsíodh dhá leabhar ar na mallaibh a bhfuil baint mhór acu le stair agus béaloideas na paróiste – is iad sin Mary of Mevagh le Áine Uí Ghallchóir agus Mevagh Miscellany le Máirtín Ó Muineacháin. Maidir le Mary of Mevagh , insítear scéal Máire Ní Dhaimhín nó Máire Bhóidí, mar a b ’ fhearr aithne uirthi, bean chabhrach (midwife) a rugadh i mbaile fearainn Mhín Formlach sa bhliain 1878 agus a d ’ oibrigh go díograiseach i measc na ndaoine idir 1906 agus 1948. Bean óg éirimiúil a bhí inti nuair a chuaigh sí ag obair don Dochtúir Christie i gCarraig Airt agus ba eisean a spreag í le dul go Glaschú le traenáil mar bhean chabhrach sa chéad áit. Oileadh ansin í agus phill sí abhaile go Ros Goill go luath ina dhiaidh sin. Chleachtaigh sí a ceird tríd dhá Chogadh Domhanda aníos go dtí an bhliain 1948 nuair a d ’ éirigh sí as. Nuair a chuirtear i gcuimhne dúinn go bhfuair 10% de na leanaí a rugadh idir 1889 agus 1899 bás sa chéad bhliain dá mbeatha agus go bhfuair 600 máthair bás i ndiaidh breithe achan bhliain, tchítear dúinn chomh tábhachtach agus a bhí sé go raibh bean chabhrach oilte chumasach i mbun oibre sa pharóiste agus ba mhór an chéim chun tosaigh í do cheird an leighis i Ros Goill, Máire Bhóidí a bheith inár measc. Ach tábhachtach agus uile agus a bhí scéal Mháire Bhóidí, bhí rí - thábhacht ag baint leis an stair shóisialta agus an cur síos ar bhéaloideas atá le fáil sna leathanaigh seo. Tá cur síos ar chleachtaí feirmeoireachta an ama sin, ar riar ainmhithe, curaíocht, talmhaíocht, tuartha aimsire, baint an Dhá Leabhar le hÚdair Áitiúla. Rang 5 & 6 sa dráma “ Roth an Tíogar Cheiltigh ”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3