Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 16 fhómhair agus sábháil móna. Ní le fir amháin a bhaineann sé mar déileálann sé leis an ról lárnach a bhí ag Bean a ’ Tí agus cúramaí ban tí, breith clainne agus pisreogaí a bhain leis, briseadh amach na heitinne (T.B.) luibheanna agus leigheasanna, báchrán agus sú cúl faiche. I dtaca leis an saol sóisialta de, pléitear cúrsaí cleamhnais, suirí, damhsaí sciobóil, oícheanta áirneála agus scéalaíochta, Oíche Shamhna, pósadh an mheán oíche, chomh maith le bainiseacha agus fairí. Léirítear cumhacht na hEaglaise fosta le cur síos ar shagart a chuaigh thart i ndiaidh na ndamhsaí le bata draighin ina lámh agus gan leisce ar bith air é a úsáid ar fhir óga a bhí ag tabhairt faoina ndualgaisí suirí le barraíocht díograise! Tá cuntas ar ghnásanna Lá na Marbh agus creideamh agus pisreogaí na ndaoine. Ó thaobh na staire de, tá cur síos ar thógáil Eaglais Naomh Eoin Baiste, ar Iarnród Ailt a ’ Chorráin agus Stáisiún an Chraoslaigh, Galf - Chúrsa Charraig Airt, tógáil Óstán Ros na Binne agus Cé na nDúnaibh, Cogadh Cathartha na hÉireann agus loscadh Stáisiún an Gharda Chósta, díshealbhuithe, Parnell, Mac Daibhéad agus Cogadh na Talún, Éirí Amach 1916 agus na Dubhchrónaí, oifigigh an Gharda Chósta, an R.I.C. agus iad siúd a raibh siad go minic sa tóir orthu – lucht déanta an phoitín. Luaitear Feallmharú an Tiarna Liatroma, póitseálaithe agus doladh coiníní, tincéirí agus lucht siúil. Tá trácht ar an Bhean Sí agus síogaí agus cúrsaí osnádúrtha. Déantar tagairt d ’ Aontaí Fostuithe i Leitir Ceanainn, ócáidí nach raibh mórán ní b ’ fhearr ná margaí sclábhaíochta ach leoga bhí daoine buíoch as fostú a fháil de thairbhe an droch - bhail a bhí orthu. Ní sa Lagán amháin a fuair páistí agus daoine óga an obair mar b ’ éigean do chuid mhór acu dul thar sáile agus tá imirce an lae inniu ina mhacalla den imirce truacánta a tharla tar éis an Chogaidh Eacnamaíochta idir 1932 agus 1938 agus ag síneadh níos faide ar ais go laetha an Ghorta Mhóir. Mar sin, tá ábhar thar an mheasarthacht ar fáil sa leabhar suimiúil seo agus is fiú go mór luach an €10 atá air mar téann gach cent go Cumann Siondróm Down (Down ’ s Syndrome). Ár mbuíochas d ’ Áine Uí Ghallchóir as an leabhar seo a scríobh agus ar mhaithe le duine ar bith nach n - aithníonn a hainm, is as Carraig Airt í Áine agus ba Nic Laifeartaigh a sloinne roimh phósadh. Bhí sí ina máistreás scoile ina ham ach tá sí éirithe as anois agus Gaeilge líofa den scoth aici i rith an ama, in ainneoin í bheith ina ‘ deoraí ‘ fá Mhín a Lábáin! I dtaca le Mevagh Miscellany, tá cuntas iomlán ar Theach Pobail na paróiste, Eaglais Naomh Eoin Baiste, fríd na céimeanna go léir, ón phleanáil, an feachtas ollmhór bailiúchán airgid, an tógáil a thosaigh sa bhliain 1866 go dtí ócáid iontach a choisreacan sollúnta ar an 12 Meán Fómhair 1886 leis an Easpag Ó Luadhóg agus ar aghaidh go dtí beannacht Chlog na hEaglaise leis an Easpag Ó Dónaill agus an Cairdinéal Ó Luadhóg in 1893. Tá cur síos ar an Sagart thírghrách cháiliúil sin An tOirmhinneach Séamas Mac Pháidín a rugadh i nDún Mór taobh amuigh de Charraig Airt in 1842, an té a sheas an fód in aghaidh na dtiarnaí talún i bparóiste Ghaoth Dobhair. Tá beathaisnéis ghearr ar bheirt de lucht na paróiste a raibh clú agus cáil orthu, An tArd Easpag Dónal Mac Eiteagáin agus An Cairdinéal Mícheál Ó Luadhóg agus ar ndóiche tá cur síos ar shaol an Easpaig Pilib Uí Bhuaidhe agus ar ár sagart paróiste féin, an tAthair Cathal Ó Beirn. Ach ní le cúrsaí eaglasta amháin a bhfuil baint ag an leabhar seo leo mar déanann sé cuntas ar Phearsantachtaí Thír Chonaill 1980, 1996 & 2007, is iad sin Diarmuid Breathnach, Aodh Ó Gallchóir agus Seán Mac Giolla Chearra faoi seach chomh maith le Pearsantacht na Bliana 2007, Aodh Ó Baoill. Ina theannta sin tá peileadóirí, staraithe, craoltóirí, scríbhneoirí, traenálaí capall, comhairleoirí contae, polaiteoirí agus daoine nach iad. Samhlaigh na ceannlínte a ghnóthódh cás cúirte ar a bhfuil tuairisc sa leabhar, ina raibh Ard Easpag Ard Mhacha ina ghearánaí (plaintiff), duine de na príomh - fhianaisí ina shagart agus é i bpríosún Chill Mhaighneainn agus an cosantóir (defendant) ina thuata (layman)! Faigheann muid léargas ar ghnéithe den stair nár léir dúinn go dtí seo. Is é Máirtín Ó Muineacháin údar an leabhair dea - thaighdte seo agus tá sean - aithne air sa pharóiste seo mar chaith sé blianta fada inár measc. Ba chóir go dtabharfadh na héachta atá bainte amach ag gnáth - dhaoine na paróiste bige seo in iargúltacht Thír Chonaill spreagadh don ghlúin óg agus do na glúnta atá le theacht agus tá muid faoi fhiacha ag Máirtín as an saothar fiúntach seo. Tá an dá leabhar ar fáil go háitiúil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3