Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 18 Feadaímó Tá Feadaímó agus Micí istigh i gcoill i bhFear Manach. Níl dóigh ar bith acu le Loch Éirne a thrasnú agus na capaill a thabhairt leo. Tá acu le dhul siar a fhad leis an chósta le dhul ó dheas agus níl coill ar bith nó sléibhte le dhul i bhfolach iontu is iad ag taisteal siar. Tá a fhios acu nach dtig leo coinneáil ag dul i dtreo na Gaillimhe is na capaill luachmhara leo gan a gcuid éadaigh a athrú. Chas siad le póitseálaithe sa choill agus tá Eoin, duine acu, ag cuidiú leo a mbealach a dhéanamh chuig táilliúir. Bhí an ghrian ag ísliú siar uathu nuair a tháinig siad amach as an choill. “ An bhfuil muid i bhfad ó Ghleann an tSeabhaic? ” arsa Feadaímó le hEoin. “ Níl ach dhá mhíle go leith le dhul agus is fearr dúinn dhul ar ais faoi na crainn go dtitfidh an oíche, ” arsa Eoin. “ Mar a tchíonn sibh tá neart tithe sa cheantar seo agus cha dtiocfadh linn a bheith cinnte go gcoinneodh achan duine a bhéal druidte. ” “ Is fearr dúinn a bheith cúramach, ” arsa Feadaímó, “ cha bheadh a fhios agat, b ’ fhéidir go bhfuil an scéal amuigh ag na hÚdaráis anseo. ” “ Thig leat a bheith cinnte go bhfuil, ” arsa Micí agus é ag treorú a chapaill isteach sa choill. “ Níl coill nó sliabh, níl uaimh nó poll ó seo go Doire nach mbeas cuardaithe acu le greim a fháil orainn. ” Bhí Eoin ina shuí ar stumpa de chrann agus d ’ amharc sé ar Fheadaímó. “ Níl a fhios agamsa cad é a rinne sibh lena leithéid sin racán a thógáil agus níl me ag iarraidh fios a bheith agam. Ach thig libh a bheith cinnte nach rómhór atá muintir na háite seo leis na hÚdaráis. Ag mairstin ó lá go lá atá an chuid is mó againn. ” Chaith sé seileog ar an talamh agus tharraing se píopa beag cré óna phóca. “ Níl a fhios agam an t - am deireanach a chonaic an píopa seo tobac, ach sin saol s ’ againne thart anseo, a Fheadaímó. Muid ag streachailt ó dhubh go dubh leis an Fhear Gorta a choinneáil ón doras. ” “ Is amhlaidh atá sé, i mo cheantar fhéin, ” arsa Feadaímó, “ agus sin an tuige go gcaithfidh muid a bheith cúramach. ” “ Tá ’ n ceart agat, ” arsa Micí agus é ag glanadh a ghunna. “ Le ganntanas mar sin fán áit, má fheictear muid, agus má tá an t - airgead mór go leor mar éiric, scaoilfidh duine inteacht an t - eolas sin óna bhéal. ” D ’ ísligh sé a ghlór agus é ag amharc ar Eoin. “ Níl mise ag iarraidh mo mhuineál sínte. ” “ Ná mise ach oiread, ” arsa Feadaímó i gcogar. Tháinig siorradh fuar ar mhuineál Eoin agus é ag amharc ar shúile mhíthrócaire na beirte seo. “ A fheara, ” a dúirt sé, “ anois is arís caithfidh muinín a bheith agat i ndaoine. Thug mise m ’ fhocal daoibh agus sin a bhfuil agam. Cibé ar bith, b ’ fhearr liom na hÚdaráis iad fhéin a bheith sa tóir orm ná an bheirt agaibhse. ” Thosaigh Feadaímó ag gáire agus thóg sé anuas an mála feoil ón chapall ballach. “ Ná bíodh eagla ort, a Eoin, ” a dúirt sé, “ ach caithfidh tú tuigbheáil nach raibh lá suaimhnis againne le tamall anois agus dar ndóigh chonaic mé fhéin neart fabhtachta ó d ’ fhág mé an baile. Anois, sin go leor den chaint sin. Seo chugat, ” agus shín sé píosa d ’ fheoil thirim chuige. “ Tá seo níos measa ná a bheith sa chabhlach, ” arsa Micí, “ an bia ceannann céanna d ’ achan bhéile. ” “ Is feoil atá ann, ” arsa Eoin agus a bhéal lán. “ Tá seo cosúil le féasta domhsa. Prátaí le salann a bhíonn agamsa de gnáth. ” “ Bhail, coinneoidh sé anam le corp ceart go leor, a Eoin, ” arsa Micí, “ ach nuair a fhaighimse a fhad le Meiriceá chan íosaim a leithéid arís. ” Chaith siad an tráthnóna faoi na crainn ag éisteacht le hEoin ag insint dófa fá mhuintir na háite agus fán chineál Tiarna a bhí acu agus char mhothaigh siad an t - am ag dul isteach. Nuair a thit an dorchadas d ’ fhág siad an choill agus rinne siad a mbealach go deas ciúin chuig Gleann an tSeabhaic. Oíche chiúin dhorcha a bhí ann agus gan a dhath le cluinstin ach corr mhadadh ag tafann agus anois is arís fuaim srutháin le taobh an bhealaigh. Bhí orthu dul i bhfolach anseo is ansiúd nuair a chuala siad duine inteacht ar an bhealach rud a chur moill lena dturas. Sa deireadh d ’ fhág siad an bóthar agus lean siad cosán isteach i ngleann agus stad siad taobh amuigh de theachín bheag a bhí sáite istigh faoi bhinn. Labhair Eoin i gcogar leo. “ Tuigeann sibh, a fheara, go gcaithfidh mé insint do Chondaí go bhfuil sibh ag teitheadh ón dlí. Char mhaith liom é a chur i gcontúirt i ngan fhios dó ”. “ Sin an rud ceart le déanamh, arsa Feadaímó, agus muna bhfuil sé sásta imeoidh muid linn. ” “ Fanaigí sibhse anseo bomaite, ” arsa Eoin agus chuaigh sé fhéin chun tosaigh. Cha raibh solas ar bith le feiceáil agus bhí cuma ar an áit nach raibh duine ar bith ina suí. D ’ oscail Eoin doras an tí agus thosaigh madadh ag tafann. Bomaite ina dhiaidh sin las duine inteacht lampa agus chuala Feadaímó daoine ag comhrá. Glór cailín a bhí ann agus tháinig Eoin ar ais chuig an doras. “ Hói, a fheara, cuirigí na capaill sa bhóitheach, ” a dúirt sé go híseal. D ’ amharc Feadaímó thart ach cha raibh le feiceáil ach an teach beag. “ Cá bhfuil sé? ” a dúirt sé, níl sé ceangailte leis an tigh. ” Tháinig cailín óg amach leis an lampa. “ Leanaigí mise, ” a dúirt sí agus chuaigh sí thart an coirnéal agus lean sí cosán beag isteach i scoilt a bhí sa bhinn, áit a raibh sruthán beag ag reáchtáil amach as agus lig siad do na capaill deoch a bheith acu. Chuaigh siad isteach níos doimhne sa scoilt agus bhí uaimh istigh anseo agus dhá bhó agus gamhain sa chúl ceangailte le rópaí. Bhí trí ghabhair ina luí i gcoirnéal amháin agus suas le dosaen cearca ar fara ar chlé. Chuir an uaimh seo iontas go bráth ar Fheadaímó. Bhí sé tirim agus te le neart spáis agus bheadh foscadh maith ag na hainmhithe samhradh is geimhreadh. “ Ta cruachán ar chúl an tí, ” arsa an cailín, agus thig libh féar a thabhairt do na capaill. ” D ’ amharc Feadaímó uirthi don chéad uair agus chonaic sé gur cailín deas dóighiúil a bhí inti. Bhí gruaig dhubh chatach uirthi agus dhá shúil ghorm aici as a raibh loinnir a chur croí Fheadaímó ag preabadh níos tapúla. Bhí aoibh ar a haghaidh agus bhí deacracht ag Feadaímó labhairt. “ Tá muid iontach buíoch duit, ” a dúirt sé sa deireadh agus crith ina ghlór. D ’ amharc Micí air agus d ’ aithin sé go raibh an fear óg caillte i ndraíocht an chailín seo. “ Is mise Micí, a dúirt sé, agus is é Feadaímó atá ar an fhear óg sin atá ina sheasamh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3